An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

Réamhrá

Réamhrá leis an gCathaoirleach

Is í 2011 an deichiú bliain ó achtaíodh an tAcht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí agus ó bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin. Is tráthúil, mar sin, go mbreathnódh lucht an Choimisiúin ar a gcuid oibre agus ar éifeachtacht na hoibre sin go grinn. Tá sé sin ar cheann de na tascanna atá leagtha amach dúinn féin don bhliain atá le teacht.

Foilsíodh dhá staidéar i mí na Samhna 2009 maidir le dearcaí ar an gcaimiléireacht agus is cosúil go raibh torthaí na staidéar sin ag teacht salach ar a chéile. Cé gur chosúil go gcreideann an chuid eile den domhan go raibh feabhas curtha ag Éirinn ar an áit a bhí ag an tír ar innéacs lenar tomhaiseadh braistintí faoin gcaimiléireacht, is cosúil go raibh dearcadh an-difriúil ina leith sin ag muintir na hÉireann féin. I dtuarascálacha roimhe seo, leag mé béim ar thábhacht bhraistintí idirnáisiúnta faoi Éirinn agus is údar áthais don Choimisiún um Chaighdeáin gur chosúil go bhfuilimid ag dul i bhfeabhas ar an innéacs seo maidir le braistintí faoin gcaimiléireacht. Rud fíorthábhachtach freisin, áfach, is ea an iontaoibh atá ag saoránaigh inár bhforais ach is cosúil gur laghdaíodh an iontaoibh sin go mór le cúpla bliain anuas agus cásanna inar theip ar an rialachas le feiceáil inár n-earnáil phoiblí agus inár n-earnáil phríobháideach araon.

Thuairiscigh Transparency International gur léiríodh lena Innéacs um Braistintí faoin gCaimiléireacht go raibh scór na hÉireann dulta in airde ó 7.7 an bhliain roimhe go dtí 8 as 10 in 2009 agus gur tháinig feabhas ar an áit a bhí againn ón 16ú háit ar an innéacs go dtí an 14ú háit – rud a d’fhág, i suirbhé ar 180 tír, go raibh Éire ar an 14ú tír ar domhan ina raibh an méid caimiléireachta is lú. Fágann sé sin go bhfuil Éire san áit cheannann chéanna is atá an Ghearmáin ar an innéacs agus is í an áit is airde dá bhfuil bainte amach ag Éirinn ó 1998.

Ba é suirbhé Eorabharaiméadair 72.2 an Choimisiúin Eorpaigh i mí na Samhna 2009 ar Dhearcaí Mhuintir na hEorpa faoin gCaimiléireacht an dara staidéar. I suirbhé cuimsitheach ar an 27 ballstát, bhí claonadh ag 78% díobh siúd a cuireadh faoi agallamh le bheith ag aontú leis an ráiteas gurbh fhadhb mhór ina dtír féin í an chaimiléireacht. D'aontaigh 85% de na daoine in Éirinn a ghlac páirt sa suirbhé leis an ráiteas sin; méadú sé phointe chéatadánacha ar an suirbhé a rinneadh roimhe in 2007. D'aontaigh 87% de mhuintir na hÉireann go raibh caimiléireacht ar bun inár bhforais náisiúnta, méadú 12 phointe chéatadánacha ar 2007, rud atá údar imní dúinn. In 2007, chreid 63% de na daoine a ghlac páirt sa suirbhé in Éirinn gur chleachtas forleathan i measc polaiteoirí ar leibhéal náisiúnta mí-úsáid a bhaint as cumhacht ar mhaithe le sochar pearsanta agus a bheith ag tabhairt agus ag glacadh le breabanna. Bhí an figiúr sin dulta in airde go dtí 71% i suirbhé 2009.

Léirítear go soiléir leis na staitisticí sin gur mithid dúinn seachaint nach mbeimid bogásach i ndáil lenár ngníomhaíochtaí frith-chaimiléireachta agus gur gá leanúint ar aghaidh lenár gcreatlaí dlí agus rialála araon a láidriú. Foilsíodh roinnt staidéar eile a bhí an-úsáideach i rith na bliana agus tagraímid dóibh sa tuarascáil seo. Ina measc siúd, tá tuarascáil GRECO ó Chomhairle na hEorpa faoin trédhearcacht maidir le maoiniúchán páirtithe polaitíochta in Éirinn, ábhar a thagann faoi réim an Choimisiúin um Chaighdeáin, agus pléitear le tuarascáil GRECO níos déanaí sa tuarascáil seo. Foilsíodh staidéir idirnáisiúnta eile freisin - an National Integrity System Study le Transparency International agus staidéar “Alternative to Silence” de chuid na heagraíochta sin, ar tuarascáil í ina bpléitear an chosaint a thugtar do dhaoine i 10 dtír san Eoraip, Éire san áireamh, a nochtann gníomhartha éigearta.

Chomh maith le tuairisc ghairid a thabhairt ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin um Chaighdeáin in 2009, dírítear sa tuarascáil seo ar roinnt réimsí a chreidimid go gcaithfear dul i ngleic leo chun an t-ionracas a chinntiú inár seirbhísí poiblí. Tá an t-athchóiriú ar mhaoiniúchán páirtithe polaitíochta i measc na réimsí sin chomh maith leis an gcosaint a thugtar do dhaoine a nochtann gníomhartha éigearta agus cumhachtaí an Choimisiúin um Chaighdeáin féin.

Ar deireadh, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le mo Chomhchoimisinéirí as a rannchuidiú i rith na bliana. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le foireann ár rúnaíochta agus lenár rúnaí as a gcuid oibre i rith 2009 freisin.