Sonraítear sa bhrollach a ghabhann leis an Acht Toghcháin 1997 gurb é cuspóir an Achta, i measc nithe eile, "Acht do dhéanamh socrú... maidir le híocaíochtaí do pháirtithe polaitíochta agus d’iarrthóirí, do dhéanamh socrú chun síntiúis chun críocha polaitíochta a nochtadh, chun caiteachas páirtithe polaitíochta agus iarrthóirí ag toghcháin a rialáil..." Téann na forálacha a bhaineann le maoiniúchán ón Státchiste chun sochair do pháirtithe polaitíochta agus d’iarrthóirí. Tá na forálacha atá dírithe ar an trédhearcacht agus an oscailteacht a chinntiú i ndáil le síntiúis agus caiteachas ag toghcháin a nochtadh, fós gan a bheith éifeachtach áfach.
Cé go bhfuil roinnt tréithe láidre ag gabháil leis an gcóras reatha rialála atá i bhfeidhm maidir le maoiniúchán polaitiúil, tá bearta bunúsacha eile ann atá fós le forbairt sa chaoi is go méadófar an trédhearcacht agus go mbreiseofar an rialú a bheidh i bhfeidhm i leith cúrsaí airgeadais sa pholaitíocht. Is gá na rioscaí go dtarlóidh caimiléireacht a laghdú a oiread agus is féidir agus iontaoibh an phobail i bpáirtithe polaitíochta agus san ionadaíocht polaitiúil a láidriú.
Cuntais na bPáirtithe
Níl aon cheanglas ann faoi na hAchtanna Toghcháin go gcaithfidh páirtithe polaitíochta leabhair agus cuntais chearta a choinneáil, go gcaithfidh siad gach síntiús dá bhfaightear sna cuntais sin a shonrú nó na cuntais a chur ar fáil go poiblí. Ní féidir ioncam bliantúil páirtithe polaitíochta a fháil amach faoi láthair ná ní féidir pictiúr iomlán a fháil ar an mbealach a mhaoinítear toghcháin. Léirítear leis na ráitis éagsúla a chuireann páirtithe polaitíochta faoi bhráid an Choimisiúin um Chaighdeáin sonraí maidir le síntiúis atá os cionn na dtairseach reachtúil maidir le suimeanna a chaithfear a nochtadh, chomh maith le sonraí caiteachais maidir le maoiniúchán ón státchiste agus sonraí caiteachais an pháirtí ag toghcháin Dála agus Eorpacha. Níl aon cheanglas ann go gcaithfidh siad sraith iomlán de ráitis ioncaim agus chaiteachais a chur ar fáil, lena liostófaí fiacha agus sócmhainní ná go gcaithfidh siad sonraí breise a chur ar fáil maidir leis an mbealach a mhaoinítear feachtais. Bheadh ceanglas dlíthiúil éigeantach go gcaithfidís leabhair chuntais chearta a choinneáil ar bun, agus go gcaithfidís na cuntais sin a chur i láthair agus a chur ar fáil go poiblí, ag teacht le hAirteagail 11, 12 agus 13 de Mholadh Rec(2003)4 ó Chomhairle na hEorpa maidir le Comhrialacha i gcoinne na Cailimiréireachta i Maoiniúchán Páirtithe Polaitíochta agus Feachtas Toghcháin. Bhreiseofaí trédhearcacht mhaoiniúchán na bpáirtithe dá gcaithfeadh tuarascálacha airgeadais ábhartha na bpáirtithe polaitíochta comhfhormáid chuntasaíochta a leanúint agus dá gcuirfí an fhaisnéis a bhí iontu (nó achoimre di) ar fáil go poiblí agus go tráthúil.
Síntiúis a Nochtadh
Rud atá ina ghné bhuntábhachtach de thrédhearcacht mhaoiniúchán na bpáirtithe ná na foinsí ioncaim a aithint. Faoi láthair, tá teorainn €6,348.69 ar shuim na síntiús is féidir le deontóir aonair a thabhairt i mbliain ar leith do pháirtithe polaitíochta agus tá teorainn €2,539.48 ar shuim na síntiús gur féidir a thabhairt do chomhaltaí aonair Thithe an Oireachtais agus Pharlaimint na hEorpa. Ní mór síntiúis os cionn €5,078.95 do pháirtithe polaitíochta agus os cionn €634.87 do chomhaltaí aonair a nochtadh. Ní chaithfear síntiúis faoi bhun na dtairseach sin a nochtadh. Mar gheall go bhfuil an difríocht réasúnta beag idir an síntiús uasta ar féidir le páirtí polaitíochta glacadh leis (€6,348.69) agus an tsuim a chaithfear a nochtadh (€5,078.95), d’fhéadfadh sé sin páirtithe agus deontóirí a spreagadh le síntiúis a ghlacadh/a thabhairt atá faoi bhun luachanna na dtairseach. I mí Mheitheamh 2009, léiríodh le figiúir a d’eisigh an Coimisiún um Chaighdeáin gur nocht páirtithe polaitíochta síntiúis arbh fhiú €96,523 i gcomhair 2008, agus ba é sin an figiúr ab ísle dá nochtadh ó tugadh an ceanglas isteach i 1997 le hiad a nochtadh. Den tsuim sin, nocht Fianna Fáil go bhfuair siad €11,800 agus níor nocht Fine Gael ná Páirtí an Lucht Oibre aon síntiúis. I leith 2009, nochtadh €76,617.05. Níor nocht aon cheann de na trí pháirtí mhóra polaitíochta aon síntiúis in 2009, in ainneoin gur bhliain toghcháin ab ea í (toghcháin Eorpacha, áitiúla agus fothoghcháin).
Thairis sin, ní féidir síntiúis gan ainm a thabhairt ach amháin sa chás nach sáraítear tairseach an €126.97 ach ní gá síntiúis gan ainm faoi bhun €126.97 a chlárú ná a nochtadh. Go teoiriciúil, mar sin, d’fhéadfaí síntiúis mhóra a dheighilt ina suimeanna faoi bhun €126.97 chun an ceanglas le síntiúis a chlárú agus a nochtadh a sheachaint.
Caiteachas Feachtasaíochta
Tá feidhm ag roinnt srianta maidir le caiteachas i rith feachtas toghcháin. Ní bhíonn feidhm le teorainneacha caiteachais ag toghcháin áfach ach ón dáta ar a bhfógraítear an toghchán, dáta a bhíonn thart faoi trí seachtaine roimh dháta iarbhír an toghcháin de ghnáth. Ní thugtar cuntas i gcaiteachas toghcháin roimh an tréimhse a mbaineann an coinníoll sin léi mar sin. Ciallaíonn sé sin nach bhfaigheann gach iarrthóir agus páirtí polaitíochta cothrom na féinne ag toghcháin. Maidir leis na páirtithe ar mó na bealaí atá acu le teacht ar mhaoiniúchán, is féidir leo formhór an chaiteachais ar an bhfeachtas a chaitheamh sa tréimhse sula bhfógraítear an toghchán ábhartha go hoifigiúil mar sin.
Úsáid Cistí Poiblí
Le cothrom na féinne idir iarrthóirí a chinntiú, chomh maith le roinnt trédhearcachta maidir leis an úsáid a bhaintear as cistí poiblí chun críocha toghcháin, tá sé molta ag an gCoimisiún um Chaighdeáin gur cheart go mbeadh aon fhoráil maidir leis an úsáid sin ina cuid den chód toghcháin seachas mar chuid de reachtaíocht eile, ar rí-léir go ngabhann cuspóir ar leithligh ar fad léi. Rinneadh an moladh sin ina thuarascáil faoi Olltoghchán 2007. Dá gcuirfí an moladh i ngníomh, dá bharr sin, chaithfí na forálacha a aisghairm lena bpléitear le soláthar seirbhísí agus áiseanna tar éis do Choimisiún Thithe an Oireachtais Dáil Éireann a lánscor [Alt 4(4A) den Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais 2003 (a cuireadh isteach leis an Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais 2006) ar cuireadh Alt 4(c) den Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú) 2009 ina ionad ina dhiaidh]. Tráchtadh ar an bpointe sin le moladh a bhí sa tuarascáil de chuid GRECO go ndéanfaí reachtaíocht a chomhdhlúthú laistigh den chód toghcháin agus tagraítear don mholadh sin níos déanaí sa tuarascáil seo.
Triú Páirtithe
Tá easpa trédhearcachta éigin ann i ndáil le tríú páirtithe (.i., comhlachtaí nó pearsana aonair, nach bhfuil bainteach le páirtí polaitíochta, a théann i mbun feachtasaíochta chun críocha polaitíochta). Ní cheanglaítear orthu síntiúis ná caiteachas a nochtadh. Cé go gcaithfidh tríú páirtithe cuntas síntiús polaitíochta a choinneáil ar bun agus ráiteas bainc chomh maith le deimhniú síntiús airgid a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin, ní bhíonn na cáipéisí sin ar fáil don phobal lena n-iniúchadh. Roimhe seo, chuir an Coimisiún um Chaighdeáin chun suntais na deacrachtaí a bhí roimhe agus maoirseacht á déanamh ar fhorálacha na nAchtanna Toghcháin a bhaineann le gníomhaíochtaí tríú páirtithe agus tá moltaí le haghaidh feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an reachtaíocht curtha chun tosaigh aige.
The National Integrity System Country Study
Tá an staidéar seo, a d’fhoilsigh an grúpa frithchaimiléireachta Transparency International i mí an Mhárta 2009, ina anailís fhorleathan a rinneadh ar na cosaintí atá ann i gcoinne na caimiléireachta agus na mí-úsáide cumhachta in Éirinn. Scrúdaíodh riosca na caimiléireachta agus na mí-úsáide cumhachta i sé earnáil déag sa staidéar, lena n-áirítear na hearnálacha rialtais, polaitíochta, gnó, sa tsochaí sibhialta agus sna meáin. Scrúdaíodh sa staidéar freisin an ról a bhíonn ag na hearnálacha sin ó thaobh an t-ionracas a chur chun cinn sa saol poiblí. Tá an méid seo a leanas san áireamh le moltaí na tuarascála -
Bhain Éire ballraíocht amach i nGrúpaí Stáit Chomhairle na hEorpa i gCoinne na Caimiléireachta (GRECO) i mí na Bealtaine 1999. Tá GRECO freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar an mbealach a chomhlíontar na Treoirphrionsabail don Troid i gCoinne na Caimiléireachta agus ar an mbealach a chuirtear na hionstraimí idirnáisiúnta dlí i ngníomh, a glacadh agus an Clár Gníomhaíochta i gCoinne na Caimiléireachta á leanúint. Chinn GRECO go mbeadh an trédhearcacht maidir le maoiniúchán páirtithe ar cheann de na forálacha a mbeadh meastóireacht le déanamh orthu i gcreatlach an tríú babhta meastóireachta de chuid GRECO.
Cuireadh an Tríú Babhta Meastóireachta de chuid GRECO i gcrích in 2009. Foilsíodh The Evaluation Report on Ireland - Transparency of Party Funding – an 25 Eanáir 2010 agus tá sé le fáil ar an suíomh idirlín - http://www.coe.int/greco.
Bhí an méid seo a leanas san áireamh sna moltaí a bhí ann -
Fáiltíonn an Coimisiún um Chaighdeáin roimh na leasuithe sin.
Síntiúis a nocht Teachtaí Dála, Seanadóirí agus Feisirí Eorpacha
Ceanglaíodh ar dhuine a bhí ina T(h)eachta Dála, ina S(h)eanadóir nó ina F(h)eisire Eorpach i rith 2009 Ráiteas Síntiús a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 31 Eanáir 2009. Ceanglaíodh orthu síntiúis (féach ar an sainmhíniú in Aguisín 3), a fuarthas i rith 2009 agus a bhí os cionn luach €634.87, a nochtadh. Ní mór síntiúis ón duine céanna sa bhliain chéanna a chomhbhailiú sa chaoi is go mbeifí ag cloí le táirseach na síntiús nach mór a nochtadh agus uasteorainn na síntiús gur féidir glacadh leo (€2,539.48).
Fuarthas 242 Ráiteas Síntiús i gcomhair 2009. Bhí an méid seo a leanas i gceist leis an iomlán -
Nochtadh €182,438 de shíntiúis san iomlán. Bhí airgead, maoin, earraí agus seirbhísí san áireamh sna síntiúis a nochtadh. Thug an tUas. Proinsias de Rossa, FPE, €2,500 d’aisíocaíocht do dheontóir toisc gur sháraigh an síntiús a fuarthas an t-uasteorainn fhorordaithe.
Tá sonraí na síntiús a nochtadh i leith 2009 ar fáil i dtuarascáil don Cheann Comhairle a foilsíodh an 25 Márta 2010. Tá an tuarascáil le fáil ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin freisin.
Síntiúis a nocht deontóirí aonair
Foráiltear le halt 24(1A) d'Acht 1997 go gcaithfidh duine Ráiteas Síntiús/Dearbhú Reachtúil a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin, má thugann sé/sí, i mbliain ar leith, síntiúis os cionn €5,078.95, agus a luach áirithe le chéile, do bheirt nó níos mó a bhí ina gcomhaltaí den pháirtí polaitíochta céanna nuair a tugadh na síntiúis, nó do pháirtí polaitíochta, agus do dhuine amháin nó níos mó dá chomhaltaí. Caithfear mionsonraí ar na síntiúis agus ar na daoine dár tugadh iad a bheith sa Ráiteas Síntiús/Dearbhú Reachtúil, agus caithfear iad a chur ar fáil faoi 31 Eanáir den bhliain dar gcionn.
Fuarthas Ráitis Síntiús ón Uas. Michael Madden, Baile Uí Mhacháin, an Port Rua, an tAonach, Co. Thiobraid Árann an 28 Eanáir 2010 agus ón Uas. Declan Kelly, Baile an Chaisleáin, an Port Rua, an tAonach, Co. Thiobraid Árann an 2 Feabhra 2010.
Nochtadh 3 shíntiús ar leithligh i Ráiteas Síntiús an Uas. Madden, arbh fhiú €5,800 san iomlán iad agus a tugadh do Pháirtí an Lucht Oibre agus dá chomhaltaí i rith 2009. Nochtadh 3 shíntiús ar leithligh i Ráiteas Síntiús an Uas. Kelly, arbh fhiú €6,260 iad agus a tugadh do Pháirtí an Lucht Oibre agus dá chomhaltaí i rith 2009.
Síntiúis a nocht páirtithe polaitíochta
Bhí 15 pháirtí polaitíochta cláraithe ar Chlár na bPáirtithe Polaitíochta i rith 2009 le dul san iomaíocht ag toghchán Dála nó Eorpach. Ceanglaíodh ar gach ceann de na páirtithe sin Ráiteas Síntiús a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 31 Márta 2010. B’éigean síntiúis a bhí os cionn luach comhlán €5,078.95 agus a fuarthas i rith 2009 a nochtadh. Is é uasluach na síntiús lenar féidir páirtí polaitíochta glacadh ón duine céanna sa bhliain chéanna den fhéilire ná €6,348.69. Ní mór síntiúis arna bhfáil ón deontóir céanna sa bhliain chéanna den fhéilire a chomhbhailiú chun cloí leis na huasteorainneacha maidir le suim na síntiús is gá a nochtadh agus ar féidir glacadh leo. Ba é €76,617.05 luach iomlán na síntiús a nocht páirtithe i rith 2009, an tsuim is ísle dá nochtadh ó tugadh an ceanglas le hiad a nochtadh isteach 13 bliana ó shin. Níor nocht aon cheann de na trí phríomhpháirtithe polaitíochta aon síntiúis in 2009, fiú siúd is gur bhliain toghcháin a bhí ann (toghcháin Eorpacha, áitiúla agus fothoghcháin). Tá sonraí ar na síntiúis a nocht páirtithe polaitíochta i leith 2009 ar fáil i dtuarascáil a chuir an Coimisiún um Chaighdeáin ar fáil don Cheann Comhairle an 18 Bealtáine 2010. Tá an tuarascáil seo ar fáil ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin freisin.
Léirítear in dhá thuarascáil, a d’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin an 23 Nollaig 2009 gur nocht iarrthóirí ag na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa beagnach €4M (€3,991,629) de chaiteachas san iomlán ag na toghcháin agus gur nocht iarrthóirí sa dá fhothoghchán don Dáil, Baile Átha Cliath Lár agus Baile Átha Cliath Theas, caiteachas €259,760. Maidir le hiarrthóirí nár éirigh leo sna toghcháin Eorpacha, nocht siadsan síntiúis ar luach €86,432 agus nocht iarrthóirí nár éirigh leo ag na fothoghcháin don Dáil síntiúis ar luach €16,571. Maidir leis na hiarrthóirí ar éirigh leo ag na toghcháin, nár ceanglaíodh orthu a gcuid ráiteas síntiús a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin go dtí 31 Eanáir 2010, nocht siadsan síntiúis €64,379.67 (Eorpach) agus €3,539.48 (Maureen O'Sullivan san fhothoghchán; níor nocht George Lee aon síntiúis). Tá na tuarascálacha ar fáil ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin.
Theip ar cheathrar iarrthóirí sa toghchán do Pharlaimint na hEorpa – an tUas. Raymond O'Malley (Oirthear), an tUas. Jim Tallon (Oirthear), an tUas. John Francis Higgins (Iarthuaisceart) agus an tUas. Thomas King (Iarthuaisceart) - ráitis síntiús a chur isteach faoin spriocdháta reachtúil 31 Iúil 2009. Theip ar bheirt iarrthóirí sa toghchán do Pharlaimint na hEorpa - an tUas. John Francis Higgins agus an tUas. Jim Tallon – ráitis speansas toghcháin a chur isteach. Tar éis roinnt meabhrúchán a bheith eisithe, thug an Coimisiún um Chaighdeáin rabhadh do na daoine sin go gcuimhneodh sé ar a gcásanna a chur ar aghaidh chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí mura bhfaighfí a gcuid tuairisceán faoin 4 Eanáir 2010. Ina dhiaidh sin, chuir an tUas. John Francis Higgins an cháipéisíocht riachtanach isteach agus cuireadh na trí chás eile ar aghaidh chuig na Gardaí/an SIP an 12 Eanáir 2010. Chuir an tUas. Raymond O’Mally an cháipéisíocht riachtanach isteach an 18 Feabhra 2010.
Tá roinnt moltaí déanta ag an gCoimisiún um Chaighdeáin roimhe seo maidir leis na bealaí go bhféadfaí feabhas a chur ar na hAchtanna Toghcháin. Moladh ar leith atá déanta aige gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar fhad na tréimhse toghcháin sa chaoi is nach gcaithfear formhór an chaiteachais toghcháin roimh an tréimhse sin - .i. an tréimhse a gcaithfear cuntas a thabhairt i gcaiteachas lena linn. Tá sé tugtha dá aire ag an gCoimisiún gur saincheist mhór is ea úsáid a bheith á baint as cistí poiblí chun críocha toghcháin agus gur gá í a athmheas i bhfianaise athruithe a dhéanfar ar na dlíthe toghcháin amach anseo. Tá an moladh déanta aige freisin gur sárdheis atá i mbunú an Choimisiúin Toghcháin, a bhfuiltear a bheartú a dhéanamh, faoi mar atá leagtha amach sa chlár reatha don rialtas, le hathbhreithniú iomlán a dhéanamh ar an reachtaíocht.
Mar a cuireadh chun suntais i dTuarascálacha Bliantúla roimhe seo, bíonn deacrachtaí ag an gCoimisiún um Chaighdeáin fós maidir le maoirseacht a dhéanamh ar fhorálacha na reachtaíochta a bhaineann le haonaid chuntasaíochta (féach ar an sainmhíniú in Aguisín 3).
Is cion é má theipeann ar dhuine freagrach aonaid chuntasaíochta Deimhniú Síntiús Airgid agus Ráiteas Bainc a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 31 Márta gach bliain. Ní chomhlíonann ach céatadán beag d’aonaid chuntasaíochta a gcuid ceanglas reachtúil maidir leis sin, faoi mar atá léirithe sa tábla seo a leanas. (Níl aonaid chuntasaíochta ag na páirtithe eile polaitíochta.) B'éigean an cháipéisíocht a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 31 Márta 2009.
| Páirtí | Líon na nAonad Cuntasaíochta |
Seolta ar ais in am |
| Fianna Fáil | 61 | 6 |
| Fine Gael | 46 | 18 |
| An Comhaontas Glas | 45 | 10 |
| An Lucht Oibre | 28 | 11 |
| An Páirtí Daonlathach | 27 | 4 |
| Sinn Féin | 15 | 4 |
Tar éis go leor meabhrúchán a bheith seolta chuig na haonaid chuntasaíochta eile, cuireadh cásanna na n-aonad cuntasaíochta seo a leanas, nach raibh an cháipéisíocht reachtúil riachtanach curtha ar fáil acu fós, ar aghaidh chuig na Gardaí an 28 Deireadh Fómhair 2009.
| Páirtí | Aonaid Chuntasaíochta |
| Fine Gael | Corcaigh Thiar Theas, Baile Mhic Eileagóid (Ciarraí Thuaidh/ Luimneach Thiar); Port Láirge |
| An Comhaontas Glas | Corcaigh Lár Theas; Cill Mhantáin |
| An Páirtí Daonlathach | Baile Átha Cliath Thuaidh (Mullach Íde); Mí Thoir |
| Sinn Féin | Delaney/O'Rahilly (Cill Mhantáin); Cumann Clarke/McVerry/ O'Neill (An Baile Breac) |
Chuir ceithre aonad cuntasaíochta na cáipéisí ábhartha ar fáil tar éis do na Gardaí an scéal a fhiosrú agus níltear ag leanúint leo a thuilleadh. Chuir na 5 aonad eile, atá liostaithe thíos, na cáipéisí ar fáil ar na dátaí a thaispeántar – beagnach bliain iomlán déanach.
| Páirtí | Aonaid Chuntasaíochta a bhí fágtha |
Cáipéisíocht curtha ar fáil |
| Fine Gael | Corcaigh Thiar Theas; Port Láirge | 11 agus 12 Feabhra 2010 |
| An Comhaontas Glas | Cill Mhantáin | 3 Márta 2010 |
| An Páirtí Daonlathach | Mí Thoir | 19 Márta 2010 |
| Sinn Féin | Delaney/O'Rahilly (Cill Mhantáin) | 5 Márta 2010 |
Is údar imní don Choimisiún um Chaighdeáin gur cosúil gur beag aird a thugann ár bpríomhpháirtithe polaitíochta ar Acht de chuid an Oireachtais ina leagtar amach an chaoi a bhfuil síntiúis d'aonaid dá bpáirtithe le tuairisciú don Choimisiún um Chaighdeáin. Is údar imní freisin, chomh maith le hiarrachtaí Rúnaíocht an Choimisiúin um Chaighdeáin, gurbh éigean iarraidh ar na Gardaí na hacmhainní tearca atá acu a úsáid chun a chinntiú go seoltar gnáthcháipéisíocht chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin. Tá faoin gCoimisiún um Chaighdeáin cásanna maidir le haonaid chuntasaíochta nach gcomhlíonann a n-oibleagáidí a chur ar aghaidh chuig na Gardaí níos luaithe amach anseo agus is oth leis go mb'fhéidir go n-úsáidfear níos mó acmhainní de chuid na nGardaí fós lena chinntiú go gcomhlíonfaidh na páirtithe polaitíochta an reachtaíocht.
Má fhaigheann tríú páirtí (féach ar an sainmhíniú in Aguisín 3) síntiús os cionn luach €126.97, ní mór dó clárú leis an gCoimisiún um Chaighdeáin agus bíonn sé faoi réir na rialacha céanna maidir le bheith ag glacadh le síntiúis is a bhíonn páirtithe polaitíochta.
Ní mór do thríú páirtí, faoin 31 Márta gach bliain, na nithe seo a leanas a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin -
Ceann de na príomhdhifríochtaí idir tríú páirtí agus páirtí polaitíochta, ó thaobh cúrsaí síntiús, ná nach mbíonn sé d'oibleagáid ar thríú páirtí Ráiteas Síntiús/Dearbhú Reachtúil a chur isteach, agus go mbíonn ar pháirtí polaitíochta ceann a chur isteach.
I mí an Mhárta 2009, scríobh an Coimisiún um Chaighdeáin chuig na naoi dtríú páirtí a bhí ann in 2008 (Pro Life Campaign; Immigration Control Platform; PANA agus Campaign Against EU Constitution; CÓIR; Democratic Alliance; Irish Alliance for Europe; The National Platform; Libertas and Tipperary Against The Lisbon Treaty) chun Deimhniú Síntiús Airgid/Dearbhú Reachtúil agus ráiteas bainc a lorg i ndáil lena gcuntais síntiús polaitíochta.
Chuir sé chinn de thríú páirtithe Deimhniú Síntiús Airgid/Dearbhú Reachtúil agus ráitis bhainc ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin. Dhearbhaigh dhá thríú páirtí i scríbhinn nach raibh aon ghníomhaíocht sna cuntais síntiús polaitíochta in 2008.
Cuireadh cás maidir le tríú páirtí amháin, The Irish Alliance for Europe, ar aghaidh chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (SIP) an 28 Bealtaine 2009 toisc gur theip ar an bpáirtí Deimhniú Síntiús Airgid/Dearbhú Reachtúil a chur ar fáil faoin 31 Márta 2009. Ba é an tUas. Brendan Kiely an “duine freagrach” (.i. an duine a bhí freagrach as gnóthaí eagrúcháin, bainistíochta nó airgeadais an tríú páirtí sin). Tar éis don chás a bheith curtha ar aghaidh chuig an SIP, chuir an tUas. Kiely Deimhniú Síntiús Airgid/ Dearbhú Reachtúil agus ráiteas bainc ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin an 31 Lúnasa 2009. Scríobh an Coimisiún um Chaighdeáin chuig an SIP ina dhiaidh sin á chur ar an eolas go bhfuarthas an cháipéisíocht. Dhearbhaigh an Garda Síochána i litir dar dáta an 4 Márta 2010 gur ordaigh an SIP nár chóir go bhfeidhmeofaí aon ionchúiseamh sa chás sin.
Chláraigh 35 Triú Páirtí nua don dara reifreann maidir le Conradh Liospóin a ritheadh an 2 Deireadh Fómhair 2009. Bhí na tuairisceáin reachtúla ó na Tríú Páirtithe sin le cur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 31 Márta 2010.
Déantar socrú leis na hAchtanna Toghcháin agus leis an Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2001 (an tAcht um Liúntas Ceannairí Páirtí) maidir le maoiniúchán ón Státchiste do pháirtithe polaitíochta cáilithe. Íocadh maoiniúchán €13,603,262.56 le páirtithe polaitíochta cáilithe san iomlán in 2009 faoi na hAchtanna Toghcháin agus faoin Acht um Liúntas Ceannairí Páirtí. Tá tuarascálacha maidir leis an maoiniúchán a fuair páirtithe faoin dá phíosa reachtaíochta ar fáil ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin.