- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Tuarascáil Bhliantúil 2008
Teorainneacha caiteachais ag toghcháin áitiúla
Ina thuarascáil bhliantúil i gcomhair 2007, thagair an Coimisiún um Chaighdeáin d’aighneacht a bhí déanta aige don Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil i ndáil le togra le teorainneacha caiteachais a thabhairt isteach ag toghcháin áitiúla. I mí Márta 2009, achtaíodh reachtaíocht le héifeacht a thabhairt don togra seo (Acht Toghcháin (Leasú) 2009). Tá áthas ar an gCoimisiún um Chaighdeáin a thabhairt dá aire go bhfuil roinnt de na moltaí a rinne an Coimisiún um Chaighdeáin ina aighneacht don Aire curtha isteach mar chuid den Acht, mar atá - teorainneacha difriúla caiteachais do thoghcháin chuig comhairlí contae agus do thoghcháin chuig comhairlí baile; ceanglas reachtúil ar údaráis áitiúla mionsonraí a fhoilsiú maidir le síntiúis a nochtadh agus speansais a tharraing siad orthu féin; agus tréimhse toghcháin lena mbaineann líon seasta laethanta (idir 50 agus 60) roimh lá na vótaíochta.