- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Tuarascáil Bhliantúil 2008
Cumhachtaí fiosrúcháin faoi alt 4(4) d’Acht 1997
Neamhchosúil leis na hAchtanna um Eitic, ní sholáthraíonn na hAchtanna Toghcháin nós imeachta foirmiúil don Choimisiún um Chaighdeáin le haghaidh gearán agus imscrúdaithe chun cásanna, maidir le daoine/grúpaí nár chomhlíon na hAchtanna, a scrúdú. Féadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin, faoi alt 4(4) d’Acht 1997, pé fiosrúcháin a dhéanamh agus is cuí dar leis agus ceangal ar aon duine aon fhaisnéis, cháipéis nó ní atá i seilbh nó ar fáil ag an duine a chur ar fáil chun a dhualgais faoi na hAchtanna Toghcháin a chomhlíonadh.
Tugtar raon feidhme an-leathan don Choimisiún um Chaighdeáin le hAlt 4(4) le faisnéis a iarraidh a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil uaidh chun a ról maoirseachta faoi na hAchtanna Toghcháin a chomhlíonadh. I gcoitinne, áfach, déanann an Coimisiún um Chaighdeáin a fhiosrúcháin faoi na hAchtanna Toghcháin ar bhealach réasúnta neamhfhoirmiúil agus ní rachaidh sé i muinín iarratas a dhéanamh ar fhaisnéis faoi alt 4(4) d’Acht 1997 ach amháin sa chás nár freagraíodh iarratais a rinneadh roimhe ar fhaisnéis den sórt sin.
Faoi mar a taispeánadh níos luaithe sa tuarascáil seo, rinne an Coimisiún um Chaighdeáin roinnt fiosrúchán faoi na hAchtanna Toghcháin i rith 2008. I bhformhór na gcásanna, soláthraíodh an fhaisnéis a iarradh ar bhealach tráthúil. I roinnt cásanna áfach, bhí moilleanna suntasacha ann ó thaobh an fhaisnéis ar fad a d'iarr an Coimisiún um Chaighdeáin.
Níl aon smachtbhanna sna hAchtanna Toghcháin má loiceann duine iarratas ar fhaisnéis a rinneadh faoi alt 4(4) d’Acht 1997 a chomhlíonadh. Cé go bhféadfaí breathnú ar phoiblíocht dhiúltach mar smachtbhanna má luaitear dhuine nó grúpa i dtuarascáil leis an gCoimisiún um Chaighdeáin mar dhuine nó ghrúpa a loic iarratas ar fhaisnéis a chomhlíonadh, iarrann an Coimisiún um Chaighdeáin go gcuimhneofaí ar fhoráil le haghaidh cion as loiceadh iarratas ar fhaisnéis faoi alt 4(4) a chomhlíonadh.