Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Tuarascáil Bhliantúil 2008

Fiosrúchán maidir le síntiúis a nochtadh de bhun alt 26 d’Acht 1997

Foráiltear le hAlt 26 d’Acht 1997 nach mór do chuideachta mionsonraí ar gach síntiús dár thug an chuideachta i rith na bliana a bhí os cionn luach €5,078.95 a chur isteach mar chuid dá thuarascáil/thuairisceán bliantúil don Oifig um Chlárú Cuideachtaí. Caithfear luach gach síntiús den sórt sin, agus an duine dár tugadh an síntiús, a aithint sa tuarascáil/tuairisceán.

Cuireadh ar a shúile don Choimisiún um Chaighdeáin nár nocht na faighteoirí na síntiúis seo a leanas a nocht Gannons City Recovery & Recycling Services Teoranta (Gannons) ar a thuarascáil/thuairisceán bliantúil i gcomhair 2005:

  • Síntiús €9,600 d’Fhianna Fáil
  • Síntiús €2,500 don Seanadóir Ivor Callely (Bhí Seanadóir Callely ina TD in 2005)
  • Síntiús €1,500 do "Chiste Jim Glennon" (Bhí an tUas. Glennon ina TD in 2005)


Fianna Fáil

Scríobh an Coimisiún um Chaighdeáin chuig oifigeach cuí Fhianna Fáil á iarraidh air a mhíniú cén fáth nach raibh an síntiús ó Gannons curtha isteach mar chuid de Ráiteas Síntiús an pháirtí i gcomhair 2005. Chuir Fianna Fáil in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin gurbh éard a bhí i gceist leis an síntiús ó Gannons ná íocaíochtaí €7,800 agus €1,800 faoi seach le freastal ar dhá imeacht ar leith le hairgead a thiomsú. Fuarthas brabúis 47% agus 39% de thoradh na n-imeachtaí seo faoi seach. Ba é glanluach na ranníocaíochtaí ó Gannons i ngach cás ná €3,666 agus €702. Ba é glanluach iomlán na ranníocaíochtaí seo ná €4,368. Bhí sé seo faoi bhun thairseach na síntiús nach mór a nochtadh, mar atá, €5,078.95 agus níor ghá é a nochtadh. (Cé nach mór do chuideachta oll-luach síntiús d’imeachtaí tiomsaithe airgid a nochtadh ar a thuarascáil/thuairisceán bliantúil, ní cheanglaítear ar an bhfaighteoir ach glanluach ranníocaíochtaí den sórt sin a nochtadh.)


Seanadóir Ivor Callely

Ar a Ráiteas Síntiús i gcomhair 2005, bhí síntiús €1,500 (oll-luach) nochta ag an Seanadóir Callely mar shíntiús ón Uas. Anthony Gannon le haghaidh imeacht le hairgead a thiomsú. Scríobh an Coimisiún um Chaighdeáin chuig an Seanadóir Callely á iarraidh air a mhíniú cén fáth go raibh an tsuim a nochtadh ar a Ráiteas Síntiús difriúil leis an tsuim a nocht Gannons ar a thuairisceán chuig an Oifig um Chlárú Cuideachtaí. Chuir an Seanadóir Callely in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin go raibh síntiús €1,500 faighte ón Uas. Anthony Gannon in 2005. Thug sé le fios go mb’fhéidir go raibh síntiús €2,500 tugtha ag Gannons d’imeacht Bhaile Átha Cliath Thuaidh Lár le hairgead a thiomsú don fheachtas do thoghchán na hEorpa.

Ar a thuairisceán i gcomhair 2005, chuir an tUas. Thomas Loomes, "duine freagrach" aonad cuntasaíochta Fhianna Fáil i mBaile Átha Cliath Thuaidh Lár, in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin nach raibh aon síntiúis faighte ag an aonad cuntasaíochta i rith 2005. Scríobh an Coimisiún um Chaighdeáin chuig an Uas. Loomes á iarraidh air a shoiléiriú cé acu an raibh síntiús faighte ó Gannons in 2005. Dheimhnigh an tUas. Loomes arís i scríbhinn don Choimisiún um Chaighdeáin nach raibh aon síntiúis faighte ag an gcraobh ó Gannons.

Scríobh an Coimisiún um Chaighdeáin chuig Gannons ina dhiaidh sin á iarraidh ar an gcuideachta na síntiúis a tugadh don Seanadóir Callely a dheimhniú. (Chuir an Seanadóir Callely in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin gur iarr sé ar Gannons suim an tsíntiúis a tugadh dó a shoiléiriú freisin). Shoiléirigh Gannons ina dhiaidh sin go raibh síntiús €1,000 curtha síos d’earráid i dtuarascáil/tuairisceán bliantúil na cuideachta a tugadh don Uas. Callely d’Fhianna Fáil an 8 Aibreán 2005, mar shíntiús don Uas. Callely. Ba chóir go mbeadh síntiúis €10,600 d’Fhianna Fáil agus €1,500 don Uas. Callely tugtha le fios sa tuarascáil/tuairisceán. Dheimhnigh Gannons gurbh é an t-aon síntiús a tugadh don Seanadóir Callely ná síntiús an €1,500 a bhí nochta aige.

Eisíodh litir eile don Seanadóir Callely á chur ar an eolas faoin soiléiriú a sholáthair Gannons. I bhfianaise na fírice nár thagair idir oifigeach cuí Fhianna Fáil ná an tUas. Loomes do shíntiús an €1,000 a tugadh don Seanadóir Callely d’Fhianna Fáil ina gcomhfhreagras leis an gCoimisiún um Chaighdeáin, iarradh ar an Seanadóir Callely a dheimhniú cé acu an bhfuair sé síntiús an €1,000 ó Gannons d’Fhianna Fáil, agus más amhlaidh go bhfuair, cé acu ar thug sé ar aghaidh do Cheanncheathrú Fhianna Fáil é nó do chraobh den pháirtí.

Chuir an Seanadóir Callely in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin ina dhiaidh gur thuig sé óna chuid fiosrúchán gur chuir Gannons síntiús €1,000 i láthair a oifige. Dúirt sé fosta, i bhfianaise gur admháil Gannons go ndearna siad earráid ina thuarascáil/thuairisceán bliantúil, agus le clabhsúr a chur leis an scéal, go raibh seic i gcomhair €1,000 curtha ar aghaidh chuig an Uas. Loomes aige. Dúirt sé nach raibh aon taifead aige go bhfuair sé síntiús an €1,000 ó Gannons agus gur le hintinn mhaith a rinneadh a Ráiteas Síntiús i gcomhair 2005.

Scríobh an Coimisiún um Chaighdeáin chuig oifigeach cuí Fhianna Fáil á chur ar an eolas faoina fhiosrúcháin le Seanadóir Callely agus le Gannons. I bhfianaise na faisnéise a sholáthair Gannons agus na híocaíochta a thug Seanadóir Callely d’Fhianna Fáil Bhaile Átha Cliath Thuaidh Lár ina dhiaidh, measadh gurbh é luach iomlán na síntiús a fuair an páirtí ó Gannons in 2005 ná €5,368 (€4,368 le haghaidh imeachtaí le hairgead a thiomsú agus €1,000 a tugadh do Sheanadóir Callely d’Fhianna Fáil). Bhí sé seo os cionn thairseach na síntiús nach mór a nochtadh, mar atá, €5,078.95. Cé nár mheas an Coimisiún um Chaighdeáin gur sháraigh an t-oifigeach cuí a bhí ag Fianna Fáil an tráth sin an reachtaíocht trí loiceadh na síntiúis ó Gannons a nochtadh, ba é a thuairim gur chóir don pháirtí Ráiteas Síntiús forlíontach a chur ar fáil i gcomhair 2005 anois. Fuarthas an Ráiteas Síntíus forlíontach seo agus leagadh faoi bhráid Thithe an Oireachtais an 16 Deireadh Fómhair 2008 é.


An tUas. Jim Glennon

Bhí Ráiteas Síntiús "nialasach" curtha ar fáil ag an Uas. Glennon i gcomhair 2005. Bhí mionsonraí ar lón le hairgead a thiomsú, a reáchtáladh i rith 2005, curtha isteach in éineacht lena Ráiteas Síntiús. Scríobh an Coimisiún um Chaighdeáin chuig an Uas. Glennon á iarraidh air a mhíniú cén fáth nach raibh an síntiús ó Gannons nochta ar a Ráiteas Síntiús. Dá mb’amhlaidh gur ranníocaíocht d’imeacht le hairgead a thiomsú a bhí sa síntiús, iarradh ar an Uas. Glennon a thabhairt le fios cérbh é glanluach na ranníocaíochta sin agus conas a thángthas ar an bhfigiúr sin.

Fuarthas freagra ón Uas. Glennon inar dheimhnigh sé go bhfuarthas ranníocaíocht €1,500 ó Gannons in 2005 le haghaidh lón le hairgead a thiomsú. Bhí sé seo i leith deichniúir aoi a bhí ag íoc. Ríomh sé gurbh é €610.30 glanluach na ranníocaíochta seo. Toisc go raibh sé seo faoi bhun thairseach €634.87 na síntiús nach mór a nochtadh, níor nocht sé an ranníocaíocht. Agus athbhreithniú á dhéanamh ar an mbealach a ríomhadh glanluach ranníocaíochta aonair don imeacht ar leith seo, mheas an Coimisiún um Chaighdeáin gurb é an ghlan-ranníocaíocht cheart in aghaidh gach aoi a bhí ag íoc ná €75.65. Ba é glanluach na ranníocaíochta ó Gannons, mar sin, ná €756.50.

Tugadh an ríomhaireacht cheart ar ghlanluach ranníocaíocht Gannon le fios don Uas. Glennon agus iarradh air a Ráiteas Síntiús a leasú. Fuarthas Ráiteas Síntiús forlíontach ón Uas. Glennon agus leagadh faoi bhráid Thithe an Oireachtais an 3 Samhain 2008 é. Bhí an Coimisiún um Chaighdeáin sásta nár chuir an tUas. Glennon Ráiteas Síntiús bréagach nó míthreorach ar fáil go feasach.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|