Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Tuarascáil Bhliantúil 2008

Meastóireacht GRECO ar thrédhearcacht maidir le maoiniúchán páirtithe polaitíochta

Bhain Éire ballraíocht amach i nGrúpaí Stáit Chomhairle na hEorpa i gCoinne na Caimiliréireachta (GRECO) i mí na Bealtaine 1999. Tá GRECO freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar an mbealach a chomhlíontar na Treoirphrionsabail don Troid i gCoinne na Caimiléireachta agus ar an mbealach a chuirtear na hionstraimí idirnáisiúnta dlí i ngníomh, a glacadh agus an Clár Gníomhaíochta i gCoinne na Caimiléireachta á leanúint. Rud fíorbhunúsach maidir le feidhmiú GRECO ná go nglacann a chuid Stát leis an gceanglas go gcuirfear faoi mheastóireacht iad i ndáil le bearta a chur i bhfeidhm chun an chaimiléireacht a chomhrac. Ag an 24ú Cruinniú Iomlánach dá chuid, chinn GRECO go mbeadh trédhearcacht maidir le maoiniúchán páirtithe ar cheann de na forálacha a mbeadh meastóireacht le déanamh orthu i gcreatlach an tríú babhta meastóireachta de chuid GRECO.

Tá an Tríú Babhta Meastóireachta de chuid GRECO ar siúl faoi láthair. Tá ceistneoir maidir le trédhearcacht an mhaoiniúcháin do pháirtithe, a d’iarr GRECO go gcomhlánófaí mar bhonn dá mheastóireacht, eisithe ag an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí (glacann Rannán an Dlí Choiriúil den Roinn sin páirt i nGRECO) don Choimisiún um Chaighdeáin agus do roinnt Rann eile Rialtais agus comhlachtaí Stáit. Tá an ceistneoir comhlánaithe ag an gCoimisiún um Chaighdeáin agus aird á tabhairt aige ar a ról maoirseachta faoi na hAchtanna Toghcháin agus faoin reachtaíocht um Liúntas Ceannairí Páirtí.

Foráiltear le hAlt 11 de Mholadh (2003) 4 maidir le Comhrialacha i gcoinne na Caimiléireachta agus Maoiniúchán Páirtithe Polaitíochta agus Feachtas Toghcháin gur chóir go gceanglódh Stáit ar pháirtithe polaitíochta leabhair agus cuntais chearta a choinneáil. Foráiltear le hAlt 12 gur chóir go gceanglódh Stáit ar pháirtithe polaitíochta gach síntiús dá bhfaigheann an páirtí a shonrú i gcuntais den sórt sin agus síntiúis os cionn luach áirithe a aithint. Foráiltear le hAlt 13 gur chóir go gceanglódh Stáit ar pháirtithe polaitíochta cuntais den sórt sin a chur ar fáil go poiblí go rialta, agus go bliantúil ar a laghad, nó mar íoschoinníoll, achoimre de na cuntais sin. Ní cheanglaítear ar pháirtithe polaitíochta, faoi na hAchtanna Toghcháin, leabhair agus cuntais chearta a choinneáil nó a gcuntais a chur ar fáil go poiblí. Ná ní cheanglaítear orthu gach síntiús dá bhfaigheann siad a shonrú. Tá sé ráite roinnt uaireanta ag an gCoimisiún um Chaighdeáin gur chóir go gceanglófaí ar pháirtithe polaitíochta cloí le hAilt 11, 12 agus 13.

Tar éis do GRECO freagairt na hÉireann ar an gceistneoir a scrúdú, tiocfaidh foireann mheastóirí ar cuairt go hÉireann i rith 2009 chun ár reachtaíocht, ár gcleachtais agus nósanna imeachta a scrúdú. Mar chuid den phróiseas seo, féadfaidh na meastóirí bualadh leis an gCoimisiún um Chaighdeáin. Is dócha go dtabharfar dá aire i dtuarascáil mheastóireachta GRECO ar thrédhearcacht maidir le maoiniúchán páirtithe gur loic Éire cloí le hAilt 11, 12 agus 13.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|