Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Tuarascáil Bhliantúil 2008

Aonaid Chuntasaíochta pháirtithe polaitíochta

Bíonn deacrachtaí ag an gCoimisiún um Chaighdeáin fós maidir le maoirseacht a dhéanamh ar na forálacha seo den reachtaíocht. Go bunúsach, faigheann an Coimisiún um Chaighdeáin go mbíonn sé ag leanúint le haonaid chuntasaíochta agus daoine freagracha le haghaidh ráiteas bainc agus is fíorbheag a bhaineann sin amach dar leis an gCoimisiún um Chaighdeáin.

Is éard is "aonad cuntasaíochta" páirtí polaitíochta ann ná craobh nó fo-eagraíocht eile de chuid an pháirtí, a fhaigheann, in aon bhliain ar leith, síntiús ar luach os cionn €126.97. Ceanglaítear ar oifigeach cuí páirtí polaitíochta ainm agus seoladh gach aonad cuntasaíochta den pháirtí, lena n-áirítear ainm "dhuine freagrach" an pháirtí, a sholáthar don Choimisiún um Chaighdeáin. (Is é an cisteoir nó aon duine eile a bhíonn freagrach as a bheith ag déileáil le síntiúis don aonad an duine freagrach.)

Scríobh an Coimisiún um Chaighdeáin chuig 202 aonad cuntasaíochta i rith 2008 a bhí aitheanta ag na páirtithe polaitíochta ábhartha (chuathas i dteagmháil le 158 aonad cuntasaíochta in 2007). Chuir 62 aonad cuntasaíochta an cháipéisíocht reachtúil riachtanach ar fáil faoi spriocdháta reachtúil an 31 Márta 2008. Loic 78 aonad cuntasaíochta a gcáipéisíocht reachtúil a chur ar fáil in am. Chuir 12 craobh de chuid páirtí polaitíochta in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin nach raibh siad gníomhach mar aonaid chuntasaíochta a thuille. Níor fhreagair 15 aonaid chuntasaíochta.

Measann an Coimisiún um Chaighdeáin gur chóir do chraobhacha agus d’orgáin eile de pháirtí polaitíochta cuntas síntiús polaitíochta a choinneáil ar bun agus gur chóir síntiúis a thaisceadh sa chuntas seo agus nár chóir iad a úsáid ach chun críocha polaitíochta amháin. Ina threoirlínte do pháirtithe polaitíochta maidir le síntiúis agus síntiúis toirmiscthe, molann an Coimisiún um Chaighdeáin go gcaithfear gach síntiús os cionn luach €100 a fhaigheann craobh nó fo-eagraíocht den phairtí, a thaifeadadh agus a fhógairt d’oifigeach cuí an pháirtí ionas go n-urramófar an uasteorainn forordaithe.

Foráiltear i Moltaí Chomhairle na hEorpa (féach thíos) gur chóir go gceanglódh Stáit ar pháirtithe polaitíochta leabhair agus cuntais chearta a choinneáil; gur chóir go sonrófaí i gcuntais den sórt sin gach síntiús dá bhfaigheann an páirtí agus gur chóir síntiúis os cionn luach áirithe a aithint (lena n-áirítear síntiúis arna bhfáil ag craobhacha nó ag aonáin den pháirtí) agus gur chóir go gceanglódh Stáit ar pháirtithe polaitíochta cuntais den sórt sin a chur ar fáil go poiblí go rialta, agus go bliantúil ar a laghad. Measann an Coimisiún um Chaighdeáin gur chóir an cur chuige seo a leanúint. Ba chóir go gceanglófaí ar aonaid chuntasaíochta pháirtithe polaitíochta mionsonraí ar shíntiúis arna bhfáil ag an aonad a sholáthar d’oifigeach cuí an pháirtí ar mhaithe le cuntais den sórt sin a thiomsú. Cheanglófaí ar chisteoir nó ar dhuine freagrach aonaid chuntasaíochta suim na síntiús arna bhfáil ag an gcraobh a dheimhniú d’oifigeach cuí an pháirtí; mionsonraí a sholáthar ar aon síntiúis os cionn luach €100 agus a dheimhniú gur taisceadh gach síntiús sa chuntas síntiús polaitíochta agus gur úsáideadh chun críocha polaitíochta iad. Bheadh sé ina chion don chisteoir nó do dhuine freagrach loiceadh ar an gceanglas seo a chomhlíonadh. Má mheastar gur riachtanach amhlaidh a dhéanamh, d’fhéadfadh an Coimisiún um Chaighdeáin (faoi alt 4(4) d'Acht 1997 (féach thíos)) iarraidh ar aonad cuntasaíochta ráitis bhainc a sholáthar a bhaineann lena chuntas síntiús polaitíochta.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|