- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Tuarascáil Bhliantúil 2008
Achoimre ar leasuithe eile a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna Toghcháin
Ina thuarascáil maidir le holltoghchán na Dála 2007, mhol an Coimisún um Chaighdeáin go ndéanfaí na leasuithe seo a leanas ar na hAchtanna Toghcháin freisin, agus bhí súil aige go mb’fhéidir go gcuimhneofaí orthu i gcomhthéacs athbhreithnithe ar na hAchtanna Toghcháin agus Coimisiún Toghcháin á bhunú faoi mar a leagadh amach sa chlár reatha don rialtas.
- Ceanglaítear ar an gCoimisún um Chaighdeáin a bhreithniú cé acu an seolfaidh sé daoine ar aghaidh chuig na Gardaí as loiceadh Ráiteas Síntiús Airgid nó ráiteas bainc a chur ar fáil faoin spriocdháta cuí. Is é dearcadh an Choimisiúin um Chaighdeáin ná nach dóigh leis gur réasúnach gur chóir an dlí a chur ar dhuine a d'oscail cuntas síntiús polaitíochta ach a loic an cháipéisíocht tacaíochta riachtanach a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin, ach nach ndlitear an dlí a chur ar dhuine faoi na hAchtanna Toghcháin, nár oscail cuntas síntiús polaitíochta ar an gcéad dul síos. Measann an Coimisiún um Chaighdeáin, maidir leis sin, go bhfuil sé práinneach go bhforáilfear le haghaidh ciona as loiceadh cuntas síntiús polaitíochta a oscailt nuair a cheanglaítear ar dhuine amhlaidh a dhéanamh.
- Le cothrom na féinne idir iarrthóirí a chinntiú, chomh maith le roinnt trédhearcachta, ba chóir go mbeadh úsáid chistí poiblí chun críocha toghcháin ina cuid den chód toghcháin seachas mar chuid de reachtaíocht eile, ar rí-léir go ngabhann cuspóir ar leithligh ar fad léi. Chaithfí na forálacha, lena bpléitear le soláthar seirbhísí agus áiseanna tar éis lánscor Dháil Éireann ag Coimisiún Thithe an Oireachtais [(Alt 4(4A) den Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais 2003 (faoi mar a cuireadh isteach le hAcht um Choimisiún Thithe an Oireachtais 2006)], a aisghairm dá bharr seo.
- Foráiltear le hAlt 59 d'Acht Toghcháin 1992 le haghaidh "gníomhairí toghcháin" a cheapadh chun cabhrú leis an iarrthóir go ginearálta i ndáil le holltoghchán Dála agus le haghaidh leasghníomhairí a cheapadh le bheith i láthair thar ceann an iarrthóra le vótaí a chomhaireamh agus chun críocha sonracha eile a leagadh amach in Acht 1992. Bhí sé seo ina údar mearbhaill toisc gur fhógair roinnt iarrthóirí na "gníomhairí" seo mar a ngníomhaire toghcháin don olltoghchán cé gur beag feidhm nó eolas, nó feidhm nó eolas ar bith, a bhí ag na daoine seo i ndáil le speansais, a tarraingíodh thar ceann an iarrthóra ag an toghchán, a rialú. Molann an Coimisiún um Chaighdeáin gur chóir an téarma "gníomhaire toghcháin" a leasú chuig "oifigeach cuntasaíochta um chaiteachas toghcháin" nó "gníomhaire caiteachais toghcháin".
- Ní mór fógra faoi athrú gníomhaire toghcháin a chur tríd an gCeann Comhairimh don dáilcheantar. Fágann sin go mbíonn leibhéal maorlathais neamhriachtanach i gceist do gach duine a bhaineann leis an scéal agus is féidir leis moill a chur ar an gCoimisiún um Chaighdeáin maidir le Ráitis Speansas Toghcháin, nach bhfuil comhlánaithe ag an ngníomhaire toghcháin a fógraíodh, a thabhairt chun críche. Measann an Coimisiún um Chaighdeáin gurbh fhearr dá gceanglófaí ar iarrthóirí ceapachán nó athrú gníomhaire toghcháin a fhógairt don Choimisiún um Chaighdeáin go díreach.
- D'fhéadfadh deacracht a bheith i gceist, do roinnt iarrthóirí neamhspleácha nó d’iarrthóirí na bpáirtithe polaitíochta atá níos lú, de bharr go mbíonn nithe, amhail sólaistí d'oibrithe deonacha an fheachtais agus costais pheitril na n-iarrthóirí, fágtha amach as an sainmhíniú ar speansais toghcháin. Is ionann na nithe seo agus costais iarbhír nach féidir a chúiteamh leis na hiarrthóirí seo sa chás go mbeidís cáilithe le haghaidh cúitimh agus más lú ná €8,700 iomlán a gcuid speansas toghcháin. B’fhéidir go mbeidh cead ag an gCoimisiún um Chaighdeáin déanamh de réir a chomhairle féin beagán agus nithe den sórt sin a chur san áireamh (ach admhálacha cearta a bheith ar fáil dóibh) sna speansais iomlána toghcháin a fhéadfar a chúiteamh leis na hiarrthóirí seo.
- Bhí deacracht ag an gCoimisiún um Chaighdeáin freisin maidir le maoirseacht a dhéanamh ar fhorálacha alt 31(10) d’Acht 1997 sa mhéid is go dtagraíonn na forálacha seo d'fhoilsiú fógrán a chuireann iarrthóirí nó páirtithe polaitíochta chun cinn, nó a chuireann ina gcoinne, go díreach nó go hindíreach. Tagraíonn na forálacha d’alt 31(7) d’Acht 1997, a bhaineann le "daoine eile" a bheith ag cur fógrán den sórt sin i bhfoilseacháin, do dhaoine a bheith ag tarraingt speansas toghcháin orthu féin agus cuimsítear an téarma "ag féachaint le tionchar a imirt ar thoradh toghcháin" leis na forálacha. Tuigeann an Coimisiún um Chaighdeáin go bhféadfaí an déchiallachas seo san Acht a úsáid mar chosaint nó go bhféadfaí é a fhorléiriú i gcoinne an dlí a bheith á chur ar dhuine faoi chion faoi alt 43(4) d’Acht 1997 (as loiceadh alt 31(10) d’Acht 1997 a chomhlíonadh). Measann an Coimisiún um Chaighdeáin, mar sin, go bhféadfaí roinnt comhleanúnachais a thabhairt isteach sa chuid seo d’Acht 1997 ach an téarma "ag féachaint le tionchar a imirt ar thoradh toghcháin" a chuimsiú mar chuid d'fhorálacha alt 31(10) d’Acht 1997.
Mhol an Coimisiún um Chaighdeáin ina thuarascáil bhliantúil i gcomhair 2006 freisin agus i dtuarascáil chuig an gCeann Comhairle i mí Mheitheamh 2007 (maidir le síntiúis arna nochtadh go bliantúil ag páirtithe polaitíochta) gur chóir go gceanglófaí ar pháirtithe polaitíochta cloí leis na moltaí in Ailt 11, 12 agus 13 de mholadh Chomhairle na hEorpa (féach Caibidil 3).
Tugann an Coimisiún um Chaighdeáin dá aire gur moladh sa Staidéar Tosaigh a rinneadh le déanaí maidir le Coimisiún Toghcháin a Bhunú in Éireann (a choimisiúnaigh an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus a rinne Institiúid Geary Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath) mar seo a leanas "maidir leis na moltaí a rinne an Coimisiún um Chaighdeáin ina Léirmheas ar na hAchtanna Toghcháin (Nollaig 2003), agus a thuarascáil maidir le holltoghchán na Dála agus athrá na moltaí seo sa Tuarascáil Bhliantúil is déanaí uaidh, soláthraíonn siad clár oibre le haghaidh athchóirithe, ar molann ár gcuid taighde agus comhairliúchán go láidir gur chóir do Choimisiún Toghcháin nua leanúint leo."