- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Tuarascáil Bhliantúil 2008
Cóid Iompraíochta
Cód Iompraíochta don tSeirbhís Phoiblí ar Bhonn Níos Leithne
I dtuarascálacha bliantúla roimhe seo, thug an Coimisiún um Chaighdeáin nithe chun suntais a bhí ina n-údar imní dó faoin easpa cóid iompraíochta reachtúil do stiúrthóirí agus d’fhostaithe gníomhaireachtaí stáit. Forálann Acht 2001 le haghaidh cóid iompraíochta a dhréachtadh agus a fhoilsiú do chatagóirí difriúla daoine lena n-áirítear stiúrthóirí agus fostaithe comhlachtaí poiblí. Tá cóid foilsithe do shealbhóirí oifige, Teachtaí Dála, Seanadóirí agus státseirbhísigh go dtí seo. Tá cóid ar leithligh do chomhaltaí agus d’fhostaithe údaráis áitiúil foilsithe ag an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil. Tá sé fós amhlaidh nach bhfuil aon chód iompraíochta reachtúil ann do stiúrthóirí agus d’fhostaithe gníomhaireachtaí sa tseirbhís phoiblí ar bhonn níos leithne, in ainneoin go bhfuil breis is seacht mbliana imithe ó achtaíodh Acht 2001 lenar foráladh le haghaidh an cód sin a thabhairt isteach.
D’fhéadfadh deacrachtaí tromchúiseacha teacht chun cinn d’uireasa cóid den sórt sin i gcás go mbeadh gearán ann i gcoinne fostaí nó stiúrthóra gníomhaireachta stáit faoi Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001. In ainneoin dhearcadh an Choimisiúin um Chaighdeáin gur chóir don Aire Airgeadais aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist seo go práinneach, ní raibh aon fhorbairtí sa réimse seo le bliain anuas. Tá Cód Cleachtais um Rialachas Comhlachtaí Stáit eisithe ag an Aire Airgeadais, agus is in 2001 a rinneadh an t-athbhreithniú is déanaí air. Tá eilimintí san áireamh sa chód sin de dhréachtchód um eitic a bheadh le glacadh ag comhlachtaí stáit. Is ar bhonn riaracháin amháin atá feidhm leis an gcód sin áfach agus níl an stádas reachtúil aige is a bheadh ag cód iompraíochta faoi Acht 2001. Tuigeann an Coimisiún um Chaighdeáin go raibh an Roinn i mbun oibre le hathbhreithniú breise ar an gcód a dhréachtadh. Níl aon bhreathnadóireachtaí lorgtha ag an Roinn faoin gcód ón gCoimisiún um Chaighdeáin áfach.
Tá an cheist maidir le caighdeán an rialachais ar ghníomhaireachtaí stáit i mbéal an phobail go mór le blianta beaga anuas; rinneadh líomhaintí faoi iompar míchuí daoine áirithe i ngníomhaireachtaí stáit freisin. Is ceart go mbeadh an pobal ag súil leis go léireodh gach fostaí sa tseirbhís phoiblí ardchaighdeáin agus a bhfeidhmeanna á bhfeidhmiú agus acmhainní poiblí á n-úsáid acu. Ba é an aidhm a bhí ag an Oireachtas agus a cuireadh in iúl go soiléir in Acht 2001 ná go dtabharfaí cóid iompraíochta isteach trasna na seirbhíse poiblí chun soiléire a sholáthar faoi na caighdeáin iompraíochta eiticiúla a bhí ag teastáil. Is ar mhaithe leis an bpobal atá sé nach mbeadh aon mhoill bhreise ann leis na cóid seo a thabhairt isteach.
Cóid um Eitic don Gharda Síochána
Foráiltear le hAcht an Gharda Síochána 2005 go ndréachtóidh Coimisinéar an Gharda Síochána cód um eitic don Gharda Síochána. Foráiltear leis an Acht chomh maith nach mór don Choimisinéir dul i gcomhairle le roinnt daoine agus comhlachtaí, lena n-áirítear an Coimisiún um Chaighdeáin, faoin dréacht. Chuaigh an Coimisinéir i gcomhairle leis i mí na Samhna 2007, agus sholáthair an Coimisiún um Chaighdeáin na breathnadóireachtaí seo a leanas:
- ba chuí tagairt a dhéanamh sa chód do chosaintí reachtúla a thugtar do bhaill den Gharda Síochána a thuairiscíonn caimiléireacht agus míchleachtas;
- láidreofaí na forálacha sa dréachtchód, a bhaineann le coimhlintí leasa a nochtadh, ach ráiteas a chur isteach mar chuid de lena ndeirtear go héifeachtach nár chóir do bhall den Gharda Síochána úsáid a bhaint as a phost nó as a post oifigiúil ar mhaithe leis nó léi féin nó ar mhaithe le daoine eile a bhfuil naisc phearsanta, teaghlaigh, ghnó nó eile aige nó aici leo. Lena chois sin, mar riail ghinearálta, ba chóir go bhforáilfí sa chód nach mór do Gharda aon ábhar, a bhfuil leas tráchtála aige nó aici ann, a nochtadh don Choimisinéir agus nár chóir go mbeadh baint ghairmiúil aige nó aici leis an ábhar sin;
- ba chóir go ndéanfaí tagairt shonrach sa chód do na hoibleagáidí atá ar bhaill ainmnithe den Gharda Síochána forálacha na nAchtanna um Eitic a chomhlíonadh;
- ba chóir go bhforálfaí sa chód nár chóir do bhall den Gharda Síochána dul i mbun, nó nasc a bheith aige nó aici le, aon ghnó nó ghníomhaíocht lasmuigh a bheadh ar neamhréir lena phost nó lena post oifigiúil nó a lagódh muinín an phobail sa Gharda Síochána;
- ba chóir go mbeadh ráiteas um phrionsabal ginearálta sa chód freisin arb éard a éirim ná nár chóir do bhall den Gharda Síochána bronntanas nó tairbhe eile a fháil ó thríú páirtí a bhféadfaí breathnú air le réasún mar rud a tharraingeodh amhras ar a ghaois agus ar a ionracas pearsanta nó ar a gaois agus ar a hionracas pearsanta. Ba chuí ráiteas um na prionsabail ghinearálta i ndáil le fáilteachas a ghlacadh, a chur isteach mar chuid den chód freisin;
- ba chóir go bhforáilfí sa chód nach mór do bhaill den Gharda Síochána Coimisinéir an Gharda a chur ar an eolas faoi aon rún dá mbeidh acu an fórsa a fhágáil agus glacadh le post le haon ghnó lasmuigh ar phléigh sé nó sí leis i gcáil oifigiúil nó le gnó a d’fhéadfadh buntáiste míchothrom a fháil ar a iomaitheoirí trína fhostú nó a fostú. Cosaint ab ea é seo a d’fhágfadh nach rachfadh baill i mbun fostaíochta san earnáil phríobháideach dá dtabharfaidís rochtain/faisnéis/teagmhálacha a fuair siad i gcúrsa a mballraíochta den fhórsa. Mhol an Coimisiún um Chaighdeáin freisin gur chuí cuimhneamh ar mhoratóir bliana b’fhéidir a fhorchur ar bhaill atá i bpoist ainmnithe sa Gharda Síochána sular féidir leo dul i mbun poist eile tar éis dóibh an fórsa a fhágáil.
Threoraigh forálacha cosúil leo, a bhaineann leis an státseirbhís faoi Chód Chaighdeáin agus Iompair na Státseirbhíse, breathnadóireachtaí an Choimisiúin um Chaighdeáin. Tá na socruithe a moladh ag pointe 6. i ndáil le fostaíocht tar éis do dhuine éirí as/scor de phost i bhfeidhm faoin gcód státseirbhíse agus sa chód iompraíochta d’fhostaithe údaráis áitiúil chomh maith.
Tá áthas ar an gCoimisiún um Chaighdeáin a thuairisiciú gur ghlac an Garda Síochána le gach ceann dá bhreathnadóireachtaí. Tráth scríofa na tuarascála seo, bhí an dréachtchód fós le foilsiú.
Úsáid mhíchuí á baint as Clúdaigh Litreach an Oireachtais
Thug an Coimisiún um Chaighdeáin le fios i dtuarascálacha roimhe seo nach cuí do Theachtaí Dála agus do Sheanadóirí clúdaigh litreach an Oireachtais a sholáthar do dhaoine eile amhail iarrthóirí toghcháin. Ina Thuarascáil Bhliantúil i gcomhair 2007, thug an Coimisiún um Chaighdeáin dá aire, cé go raibh barrachód ar chlúdaigh litreach a sholáthraíodh do chomhaltaí Dháil Éireann ionas go bhféadfaí iad a rianú siar chuig an Teachta Dála ar eisíodh chuige/chuici iad, gur chinn Coiste an tSeanaid um Nósanna Imeachta agus Phribhléidí gan an beart seo a chur i ngníomh. Dúirt an Coimisiún um Chaighdeáin gurbh oth leis nár glacadh an nós imeachta do chomhaltaí Sheanad Éireann, toisc go bhféadfadh sin Seanadóirí a chur óna a bheith ag soláthar chlúdach litreach an Oireachtais do dhaoine nach raibh i dteideal leas a bhaint astu. D'fhreagair an Coiste Leasanna Chomhaltaí do Sheanad Éireann á rá gur chinn sé aird Choiste an tSeanaid um Nósanna Imeachta agus Phribhléidí a tharraingt ar an scéal ionas go mbreithneofaí ceist na mbarrachód arís. Scríobh sé chuig gach comhalta de Sheanad Éireann freisin, lena dhearcadh a chur in iúl dóibh nár chóir clúdaigh litreach réamhíoctha a thabhairt ar láimh d’aon tríú páirtí le húsáid i bhfeachtas toghcháin, agus le forálacha an chóid iompraíochta do chomhaltaí Sheanad Éireann, lena gceanglaítear orthu acmhainní poiblí a úsáid go stuama agus chun na gcríoch ar beartaíodh lena n-aghaidh iad agus chucu sin amháin, a mheabhrú do chomhaltaí.
Ó foilsíodh Tuarascáil Bhliantúil 2007, cuireadh in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin gur chinn Coiste an tSeanaid um Nósanna Imeachta agus Phribhléidí arís gan dul leis an inrianaitheacht agus ina dhiaidh seo, gur fhreaschuir Coiste na Dála an cinneadh a rinne sé níos luaithe. Dá réir sin, níl barrachóid ar chlúdaigh litreach réamhíoctha an Oireachtais a thuilleadh. Is oth leis an gCoimisiún um Chaighdeáin na cinntí seo, a chiallaíonn nach féidir aon dearbhú ar bith a bheith ann go bhfuil €2.7m d’acmhainní poiblí a sholáthraítear do chomhaltaí an Oireachtais á úsáid chun na gcríoch ar údaraíodh iad.
I mí Mhárta 2009, scríobh Cathaoirleach an Choimisiúin um Chaighdeáin chuig an Taoiseach lena dhearcadh a leagan amach arís nár chóir go dtabharfaí acmhainní, amhail clúdaigh litreach an Oireachtais, a sholáthraítear do Theachtaí Dála agus do Sheanadóirí mar speansas poiblí chun éascú leo a bhfeidhmeanna mar ionadaithe poiblí a fheidhmiú, ar aghaidh do dhaoine eile nach bhfuil teidlíocht ar bith acu ar iad a úsáid. Mí-úsáid acmhainní poiblí is ea a leithéid de chleachtas agus tá sé go hiomlán míchuí. D’iarr an Cathaoirleach ar an Taoiseach aird sealbhóirí oifige a tharraingt ar údair imní an Choimisiúin um Chaighdeáin. Sholáthair an Cathaoirleach cóip den litir sin do Chathaoirligh na gCoistí um Leasanna Chomhaltaí Dháil Éireann agus Sheanad Éireann freisin. D’fhreagair an Taoiseach á rá gur chuir sé an litir ar a shúile do gach sealbhóir oifige. D’fhreagair na Coistí um Leasanna Chomhaltaí Dháil agus Sheanad Éireann freisin á rá go scaipfear an litir ar gach comhalta nach bhfuil ina shealbhóir oifige. D’eisigh an Coimisiún um Chaighdeáin preasráiteas i mí Aibreáin 2009 lenar leagadh amach a dhearcaí maidir leis an scéal roimh na toghcháin áitiúla agus Eorpacha.