- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Tuarascáil Bhliantúil 2008
Réamhrá leis an gCathaoirleach
Le roinnt blianta anuas anois, tá athruithe á dtabhairt chun suntais ag an gCoimisiún um Chaighdeáin a chreideann sé nach mór a dhéanamh ar ár reachtaíocht um Eitic agus Toghcháin ionas go gcinnteofar go gcoinneoidh agus go mbreiseoidh Éire a cáil mar thír atá dáiríre faoin ionracas a chur chun cinn agus an chailimiléireacht sa saol poiblí a chosc. Aithnítear go bhfuil na meicníochtaí frithchaimiléireachta atá in Éirinn cheana féin ina meicníochtaí láidre de réir caighdeán idirnáisiúnta, ach caithfear leanúint ar aghaidh le hiarrachtaí lena chinntiú go bhfanann an scéal amhlaidh. Tá iontaoibh na saoránach in ár bhforais phoiblí bunriachtanach le haghaidh daonlathais sláintiúil. Tá braistintí idirnáisiúnta fíorthábhachtach freisin – fuarthas leid de bharr taighde arna dhéanamh ag Harvard agus ag an Institiúid Bhainc Dhomhanda go bhfuil nasc idir leibhéal na hinfheistíochta dírí ón gcoigríoch agus an rangú a fhaigheann tír in Innéacs Transperancy International faoin mBraistint don Chaimiléireacht mar shampla.
Innéacs na Braistinte don Chaimiléireacht Scór na hÉireann 1995 go dtí 2008
| Bliain | 95 | 96 | 97 | 98 | 99 | 00 | 01 | 02 | 03 | 04 | 05 | 06 | 07 | 08 |
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| Rangú | 11 | 11 | 12 | 14 | 15 | 19 | 18 | 23 | 18 | 17 | 19 | 18 | 17 | 16 |
| Scór | 8.57 | 8.45 | 8.28 | 8.2 | 7.7 | 7.2 | 7.5 | 6.9 | 7.5 | 7.5 | 7.4 | 7.4 | 7.5 | 7.7 |
| Líon na dTíortha |
41 | 54 | 52 | 85 | 99 | 90 | 91 | 102 | 133 | 145 | 159 | 163 | 180 | 180 |
| Suirbh-éanna arna n-Úsáid |
6 | 6 | 6 | 10 | 10 | 8 | 7 | 8 | 9 | 10 | 10 | 7 | 6 | 6 |
Foinse: Transparency International, www.transparency.ie
Taispeántar mar a d’éirigh le hÉirinn san innéacs ó 1995 sa tábla; léirítear leis na scóir nach bhfuil aon údar ann le bheith bogásach chomh fada is a bhaineann sé lenár gcáil idirnáisiúnta.
Arís eile i mbliana, tá caibidil ar leithligh den tuarascáil seo tugtha suas ag an gCoimisiún um Chaighdeáin leis na hathruithe riachtanacha ar an gcreatlach reachtúil, lena rialaítear cúrsaí um eitic agus toghcháin, a phlé. Baineann an dá shraith reachtaíochta le hardchaighdeáin ionracais sa saol poiblí a chinntiú – cibé an fostaí sa tseirbhís phoiblí atá i gceist nó oifigeach ceaptha. Is é an nasc atá idir an dá cheann ná go ndearbhaítear do gach rannpháirtí i saol poiblí na hÉireann – cibé an saoránaigh, fostaithe sa tseirbhís phoiblí, iarrthóirí ag toghcháin, nó ionadaithe poiblí, go gceanglaíonn an dlí ar fhostaithe sa tseirbhís phoiblí agus ar ionadaithe tofa a bhfeidhmeanna a fheidhmiú ar mhaithe leis an bpobal seachas le haon leas pearsanta nó nasctha, aon choimhlintí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a fhógairt agus a bhainistiú agus go mbíonn síntiúis, bronntanais agus caiteachas toghcháin faoi réir ag rialuithe trédhearcacha.
Déanann an Coimisiún um Chaighdeáin jab tábhachtach agus maoirseacht á dhéanamh ar an dlí sna réimsí seo aige agus creideann an Coimisiún gur chóir an nasc idir na réimsí um eitic agus toghcháin a choinneáil ar bun agus gur chóir go ndílseofaí maoirseacht do chomhlacht neamhspleách aonair. Maidir leis an gCoimisiún Toghcháin neamhspleách a moladh sa Chlár don Rialtas 2007 – 2012, le cois róil mhaoirseachta chuimsithigh a bheith ag an gCoimisiún sin faoi dhlíthe toghcháin, ba chóir go mbeadh ról maoirseachta i ndáil le reachtaíocht um eitic aige freisin, lena n-áirítear an chreatlach um eitic don rialtas áitiúil.
Fáiltíonn an Coimisiún um Chaighdeáin roimh na hathruithe atá beartaithe a dhéanamh ar na dlíthe toghcháin agus atá deartha chun oscailteacht agus trédhearcacht a bhreisiú maidir le maoiniúchán páirtithe polaitíochta. Ba é an Coimisiún féin a mhol go leor de na hathruithe i dtosach. Forbairtí eile a bhfáiltíonn an Coimisiún go mór rompu freisin ná go bhfuil teorainneacha caiteachais le tabhairt isteach le haghaidh toghchán áitiúil den chéad uair in 2009 chomh maith le hathruithe a gealladh ar na rialacha lena rialaítear an fheachtasaíocht ag reifrinn. Ba chóir go mbeadh mionsonraí ar chaiteachas ar fheachtais – cibé an iarrthóirí nó grúpaí feachtais a chaitheann an t-airgead – ar fáil don phobal agus caithfear foinsí na gcistí sin a nochtadh freisin.
Bhí caighdeáin rialachais sna hearnálacha príobháideacha agus poiblí araon an-tógtha i mbéal daoine i rith 2008. Chomh fada agus a bhaineann sé leis an earnáil phoblí, foráladh leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001 le haghaidh cóid iompraíochta reachtúla a fhorbairt do chatagóirí éagsúla na ndaoine arna gclúdach leis an reachtaíocht. I gCaibidil 2 den tuarascáil seo, tugann an Coimisiún nithe chun suntais a bhí ina n-údar imní dó faoin easpa cóid iompraíochta reachtúil do stiúrthóirí agus d’fhostaithe gníomhaireachtaí stáit. Tá cóid foilsithe do shealbhóirí oifige, Teachtaí Dála, Seanadóirí agus státseirbhísigh go dtí seo. Tá cóid ar leithligh do chomhaltaí agus d’fhostaithe údaráis áitiúil foilsithe ag an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil. Tá sé fós amhlaidh nach bhfuil aon chód iompraíochta reachtúil ann do stiúrthóirí agus d’fhostaithe gníomhaireachtaí sa tseirbhís phoiblí ar bhonn níos leithne, in ainneoin go bhfuil breis is seacht mbliana imithe ó achtaíodh Acht 2001 lenar foráladh le haghaidh na cóid sin a thabhairt isteach.
Is ceart go mbeadh an pobal ag súil leis go léireodh gach fostaí sa tseirbhís phoiblí na caighdeáin is airde agus a bhfeidhmeanna á bhfeidhmiú agus acmhainní poiblí á n-úsáid acu. Ba é an aidhm a bhí ag an Oireachtas agus a cuireadh in iúl go soiléir in Acht 2001 ná go dtabharfaí cóid iompraíochta isteach trasna na seirbhíse poiblí chun soiléire a sholáthar faoi na caighdeáin iompraíochta eiticiúla a bhí ag teastáil. Is ar mhaithe leis an bpobal atá sé nach mbeadh aon mhoill bhreise ann leis na cóid seo a thabhairt isteach. Foráiltear leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí nach mór do dhaoine atá faoi rialú cód den sórt sin aird a thabhairt ar an gcód agus treoir a ghlacadh uaidh le linn dóibh a bheith ag feidhmiú a bhfeidhmeanna. Sop in áit na scuaibe atá i gcód neamhreachtúil seachas cód iompraíochta reachtúil. Foráiltear leis an Acht freisin go rachfar i gcomhairle leis an gCoimisiún um Chaighdeáin agus na cóid á ndréachtú. Chomh maith le treoir úsáideach a sholáthar do stiúrthóirí agus d’fhostaithe an iomaí gníomhaireacht stáit atá ann, tagann cód den sórt sin chun a bheith ina gcuid de na téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le stiúrthóireacht nó post a bheith ag duine i ngníomhaireacht stáit agus féadfar aird chuí a thabhairt ar an gcód i gcás go ndéanfaí gearán leis an gCoimisiún nó in imeachtaí cúirte.
Agus an Coimisiún um Chaighdeáin ag tosú ar an seachtú bliain dó a bheith i mbun feidhme, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le mo chomh-Choimisinéirí as an méid a thug siad uathu i rith 2008. Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil leis an Uas. John Purcell ach go háirithe, a chuaigh ar scor óna a phost mar Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i mí na Bealtaine 2008. D’fhóin John mar chomhalta den Choimisiún um Oifigí Poiblí ó 1995 agus mar chomhalta den Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ansin nuair a bunaíodh in 2001 é. Bhí rannchuidiú John don dá choimisiún fíorluachmhar ar fad agus, thar ceann an Choimisúin, ba mhaith liom saol fada sásta a ghuí air agus é ar scor. Cheap an tUachtarán an tUas. John Buckely mar Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste an 15 Bealtaine 2008 tar éis do Dháil Éireann é a ainmniú. Cuirim fáilte roimhe mar chomhalta den Choimisiún um Chaighdeáin. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le foireann na rúnaíochta agus le Rúnaí an Choimisiúin, David Waddell, freisin as a dtiomantas iomlán agus a ndíograis d’obair na hoifige i rith na bliana.