Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Tuarascáil Bhliantúil 2007

Costais i gcomhair 2007

Leagtar amach an caiteachas a cuireadh síos don Choimisiún um Chaighdeáin in 2007 sa tábla thíos. Taispeántar na figiúir i gcomhair 2006 chun críocha comparáide freisin. Déantar socrú don chaiteachas i bhFocheann B de Vóta 18 [Ombudsman].

  2006
€'000 
 2007
€'000
Tuarastail Foirne  675  737
Taisteal agus Costais  4  14
Speansais Theagmhasacha  112  141
Teileachumarsáidí Postais  18  25
Innealra Oifige agus Soláthairt Eile Oifige  64  31
Áitreabh Oifige  35  39
Táillí Comhairleachta Dlí  19  107
Iomlán  927  1,094

Bhí na costais fhoriomlána in 2007 níos airde ná figiúir 2006, go príomha mar gheall ar na costais bhreise a bhí i gceist le maoirseacht a dhéanamh ar olltoghcháin na Dála agus an tSeanaid in 2007 agus mar gheall ar imscrúdú foirmiúil a reáchtáladh faoin Acht um Eitic in 2007.

Tháinig an méadú ar Thaisteal agus Speansais de thoradh chlár na gcuairteanna réigiúnacha ar thug foireann an Choimisiúin um Chaighdeáin faoi i ndáil le holltoghchán na Dala, faoi mar a leagadh amach níos luaithe sa tuarascáil seo.

Tá an costas le fógra poiblí a chur i nuachtáin náisiúnta agus in irisí áirithe, le haird a tharraingt ar na hoibleagáidí reachtúla a bhíonn ar thríú páirtithe agus ar dhaoine eile a bhíonn i mbun feachtais ag olltoghchán na Dala, san áireamh leis an bhfigiúr le haghaidh Speansas Teagmhasach. Cuireadh fógra poiblí sna nuachtáin náisiúnta freisin i ndáil le himscrúdú an Choimisiúin um Chaighdeáin i gcás Chill Airne.

Is féidir an méadú faoin teideal Postas agus Teileachumarsáid a chur síos d'olltoghcháin na Dála agus an tSeanaid.

Léiríonn an méadú ar Tháillí Sainchomhairliúcháin agus Dlí an fhíric gur réachtáil an Coimisiún um Chaighdeáin imscrúdú foirmiúil faoin Acht um Eitic in 2007 agus bhí táillí dlí breise ag baint leis.

 

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|