- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Tuarascáil Bhliantúil 2007
Achoimre ar leasuithe a mholtar a dhéanamh ar an reachtaíocht toghcháin
D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin athbhreithniú ar na hAchtanna Toghcháin i mí na Nollag 2003 agus mhol go ndéanfaí raon leasuithe orthu ag an tráth sin. San áireamh leo siúd bhí:
- Mar an comhlacht a bhfuil freagracht air as maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna Toghcháin, ba chóir go mbeadh bonn reachtúil ag an gCoimisiún um Chaighdeáin ar a bhféadfadh sé athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht agus tuairisciú ar a thorthaí.
- Is gá ailt áirithe den Acht a leasú ionas go gcuirfear an fhíric san áireamh go mbíonn a gceanglais tuairisceoireachta féin ag comhaltaí údaráis áitiúil agus ag iarrthóirí ag toghcháin áitiúla faoi Acht um Thoghcháin Áitiúla (Síntiúis agus Caiteachas a Nochtadh) 1999 faoi mar a leasaíodh leis an Acht Toghcháin (Leasú) 2001 agus nach bhfuil feidhm mhaoirseachta ag an gCoimisiún um Chaighdeáin i ndáil leis an reachtaíocht seo.
- Foráil le haghaidh cionta agus pionós as loiceadh forálacha Chodanna IV, V agus VI d’Acht 1997 a chomhlíonadh go ginearálta – baineann na codanna seo le síntiúis agus caiteachas ag iarrthóirí agus páirtithe polaitíochta ag toghcháin na Dála agus Pharlaimint na hEorpa, agus síntiúis agus speansais toghcháin ag toghcháin uachtaránachta, faoi seach, a nochtadh.
- Foráil le haghaidh ciona agus pionóis as loiceadh iarratas, ón gCoimisiún um Chaighdeáin (faoi alt 4(4) d'Acht 1997) le faisnéis nó cáipéisíocht a sholáthar, a chomhlíonadh.
- Ba chóir go leasófaí an sainmhíniú ar "fhoras airgeadais", maidir le cuntais síntiús polaitíochta a oscailt, go mbeadh comhair chreidmheasa san áireamh.
- Foráil go bhfaighfí réidh le barrachas síntiús i gcáis nach gceanglaítear ar dhuine cuntas síntiús polaitíochta a choinneáil ar bun a thuilleadh agus sa chás go bhfuil cistí fós sa chuntas nár úsáideadh.
- Foráil le haghaidh Ráiteas Síntiús aonair a chur ar fáil i gcáis ina bhfuil dé-shainordú ag duine nó sa chás, i mbliain áirithe, nár éirigh leis/léi san iomaíocht mar TD, Sheanadóir nó Fheisire Eorpach ag toghchán Dála, Seanaid nó Eorpach. (Faoi láthair, cheanglófaí ar dhuine den sórt sin Ráiteas Síntiús bliantúil agus Ráiteas Síntiús a chur ar fáil mar iarrthóir nár éirigh leis ag an toghchán).
- Ba chóir cuimhneamh ar roinnt cuntasachta a fhorchur, i gcomhthéacs na dteorainneacha caiteachais, i leith tréimhse sonraithe roimh thosach feidhme na tréimhse toghcháin arna sainmhíniú leis an dlí (.i. d'fhéadfaí síneadh a chur leis an tréimhse toghcháin ionas go n-áireofaí tréimhse roimh lánscor na Dála nó tairgeadh an eascaire ag toghchán).
- Ba chóir an sainmhíniú ar "mhionspeansais" a theorannú go dtí €126.97 in aghaidh an iarrthóra in aghaidh an toghcháin.
- Foráil go mbeidh iarrthóir (nó duine eile) ciontach i gcion má, ag tráth ar bith roimh, i rith nó i ndiaidh an toghcháin, go loiceann sé/sí an fhaisnéis riachtanach a sholáthar do ghníomhaire toghcháin nó do ghníomhaire náisiúnta chun éascú leis an ngníomhaire a Ráiteas Speansas Toghcháin a chomhlánú. Foráil le haghaidh pionóis don chion seo.
- Níor chóir an sainmhíniú ar a bhfuil i gceist le "tríú páirtí" a chinneadh ar bhonn cé acu an bhfuair duine aonair/grúpa síntiús chun críocha polaitíochta. Ba chóir, in ionad, go mbeadh an fócas ar chaiteachas ag daoine aonair/grúpaí agus iad a mheas mar thríú páirtithe má bhíonn futhu caiteachas a tharraingt orthu féin os cionn tairseach áirithe, abair €5,000, i ndáil le feachtas atá chun críocha polaitíochta faoi mar a shainmhínítear sa reachtaíocht.
- Ba chóir an próiseas clárúcháin do "thríú páirtithe" agus do "dhaoine eile" (a bhfuil futhu speansais toghcháin a tharraingt orthu féin) a chónascadh. (Níor chóir go mbeadh aon ghá ann go gcláródh duine aonair/grúpa mar "thríú páirtí" agus go gcláróidís mar "dhuine eile" freisin).
- Tá leid sa reachtaíocht go gceanglaítear ar dhuine aonair/grúpa cáipéisíocht a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin ar bhonn bliantúil, tar éis dó clárú mar thríú páirtí, in aineoinn nach bhfuil sé gníomhach chun críocha polaitíochta a thuilleadh. Is é an cur chuige a ghlac an Coimisiún um Chaighdeáin maidir leis an scéal seo ná iarraidh ar thríú páirtithe a dhearbhú cé acu an bhfuil futhu leanúint ar aghaidh le bheith ann. Mura mian, ní dhéanfar aon teagmháil eile leo. D'fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar an gcás seo agus é a shoiléiriú.
- Ba chóir cuimhneamh ar theorainn a fhorchur ar shuim an chaiteachais a fhéadfaidh tríú páirtí"/"duine eile" a tharraingt orthu féin ag toghchán. Mar shampla, má bhíonn "tríú páirtí"/"duine eile" ag cur in éadan iarrthóir áirithe ag toghchán, níor chóir go rachfadh suim an chaiteachais gur féidir leis an "tríú páirtí"/"duine eile" a tharraingt air/uirthi féin os cionn na teorainne reachtúla caiteachais is infheidhme i leith an iarrthóra sin.
Ina thuarascáil maidir le holltoghchán na Dála 2007, mhol an Coimisiún um Chaighdeáin go ndéanfaí na leasuithe seo a leanas ar na hAchtanna Toghcháin freisin, agus bhí súil aige go mb’fhéidir go gcuimhneofaí orthu i gcomhthéacs athbhreithnithe ar na hAchtanna Toghcháin agus Coimisiún Toghcháin á bhunú, faoi mar a leagadh amach sa chlár reatha don rialtas.
- Ceanglaítear ar an gCoimisiún um Chaighdeáin a bhreithniú cé acu an seolfaidh sé daoine ar aghaidh chuig na Gardaí as loiceadh Ráiteas Síntiús Airgid nó ráiteas bainc a chur ar fáil faoin spriocdháta cuí. Is é dearcadh an Choimisiúin um Chaighdeáin ná nach dóigh leis gur réasúnach gur chóir an dlí a chur ar dhuine a d'oscail cuntas síntiús polaitíochta ach a loic an cháipéisíocht tacaíochta riachtanach a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin, ach nach ndlitear an dlí a chur ar dhuine faoi na hAchtanna Toghcháin, gur loic oscail cuntas síntiús polaitíochta ar an gcéad dul síos. Measann an Coimisiún um Chaighdeáin go bhfuil sé práinneach go bhforáilfear le haghaidh ciona as loiceadh cuntas síntiús polaitíochta a oscailt nuair a cheanglaítear ar dhuine amhlaidh a dhéanamh.
- Le cothrom na féinne a chinntiú idir iarrthóirí chomh maith le roinnt trédhearcachta, ba chóir go mbeadh úsáid chistí poiblí chun críocha toghcháin ina cuid den chód toghcháin seachas mar chuid de reachtaíocht eile, ar rí-léir go ngabhann cuspóir ar leithligh ar fad léi. Bheadh aisghairm i gceist dá thoradh seo le haghaidh na bhforálacha lena bpléitear le soláthairtí seirbhísí agus áiseanna tar éis lánscor Dháil Éireann ag Coimisiún Thithe an Oireachtais (Alt 4(4A) den Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais 2003 (faoi mar a cuireadh isteach le hAcht 2006)).
- Foráiltear le hAlt 59 d'Acht Toghcháin 1992 le haghaidh "gníomhairí toghcháin" a cheapadh chun cabhrú leis an iarrthóir go ginearálta i ndáil le holltoghchán Dála agus le haghaidh leasghníomhairí a cheapadh le bheith i láthair thar ceann an iarrthóra le vótaí a chomhaireamh agus chun críocha sonracha eile a leagadh amach in Acht 1992. Bhí sé seo ina údar mearbhaill toisc gur fhógair roinnt iarrthóirí na "gníomhairí" seo mar a ngníomhaire toghcháin don olltoghchán cé gur beag feidhm nó eolas, nó feidhm nó eolas ar bith, a bhí ag na daoine seo i ndáil le speansais, a tarraingíodh thar ceann an iarrthóra ag an toghchán, a rialú. Molann an Coimisiún um Chaighdeáin gur chóir an téarma "gníomhaire toghcháin" san Acht Toghchán 1997, atá leasaithe, a leasú chuig "oifigeach cuntasaíochta um chaiteachas toghcháin" nó "gníomhaire caiteachais toghcháin".
- Ní mór fógra faoi athrú gníomhaire toghcháin a chur tríd an gCeann Comhairimh don dáilcheantar. Fágann sin go mbíonn leibhéal maorlathais neamhriachtanach i gceist do gach duine a bhaineann leis an scéal agus is féidir leis moill a chur ar an gCoimisiún um Chaighdeáin maidir le Ráitis Speansas Toghcháin, nach bhfuil comhlánaithe ag an ngníomhaire toghcháin a fógraíodh, a thabhairt chun críche. Measann an Coimisiún um Chaighdeáin gurbh fhearr dá gceanglófaí ar iarrthóirí ceapachán nó athrú gníomhaire toghcháin a fhógairt don Choimisiún um Chaighdeáin go díreach.
- D'fhéadfadh deacracht fíor a bheith i gceist, do roinnt iarrthóirí Neamhspleácha agus d’iarrthóirí na bpáirtithe polaitíochta atá níos lú, de bharr go mbíonn nithe, amhail sólaistí d'oibrithe deonacha an fheachtais agus costais pheitril na n-iarrthóirí, fágtha amach as an sainmhíniú ar speansais toghcháin. Is ionann na nithe seo agus costais iarbhír nach féidir a chúiteamh leis na hiarrthóirí seo sa chás go mbeidís cáilithe le haghaidh cúitimh agus más lú ná €8,700 iomlán a gcuid speansas toghcháin. B’fhéidir go mbeidh cead ag an gCoimisiún um Chaighdeáin déanamh de réir a chomhairle féin beagán agus nithe den sórt sin a chur san áireamh (ach admhálacha cearta a bheith ar fáil dóibh) sna speansais iomlána toghcháin a fhéadfar a chúiteamh leis na hiarrthóirí seo.
- Bhí deacracht ag an gCoimisiún um Chaighdeáin maidir le maoirseacht a dhéanamh ar fhorálacha alt 31(10) den Acht sa mhéid is go dtagraíonn na forálacha seo d'fhoilsiú fógrán a chuireann iarrthóirí nó páirtithe polaitíochta chun cinn, nó a chuireann ina gcoinne, go díreach nó go hindíreach. Tagraíonn na forálacha d’alt 31(7) den Acht, a bhaineann le "daoine eile" a bheith ag cur fógrán den sórt sin i bhfoilseacháin, do dhaoine a bheith ag tarraingt speansas toghcháin orthu féin agus cuimsíonn an téarma "ag féachaint le tionchar a imirt ar thoradh toghcháin". Tuigeann an Coimisiún um Chaighdeáin go bhféadfaí an déchiallachas seo san Acht 1997 a úsáid mar chosaint nó go bhféadfaí é a fhorléiriú i gcoinne an dlí a bheith á chur ar dhuine faoi chion faoi alt 43(4) den Acht (as loiceadh alt 31(10) den Acht a chomhlíonadh). Measann an Coimisiún um Chaighdeáin, mar sin, go bhféadfaí roinnt comhleanúnachais a thabhairt isteach sa chuid seo den Acht ach an téarma "ag féachaint le tionchar a imirt ar thoradh toghcháin" a chur san áireamh mar chuid d'fhorálacha alt 31(10) den Acht.