Tuarascáil Bhliantúil 2007
Achoimre ar leasuithe eile a mholtar a dhéanamh ar na hActanna um Eitic
- Foráil i rialacháin lena leasaítear Alt 5(2) d’Acht 1995 lena gceanglaítear ar chomhaltaí ráitis, lena gcuirtear in iúl nach bhfuil leasanna ar bith acu, a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin seachas don Chléireach ábhartha, agus é sin le déanamh i reachtaíocht phríomhúil ionas go bhfaighfí réidh le haon amhras ar bith maidir le bunreachtúlacht na forála (tugann an Coimisiún um Chaighdeáin faoi deara go bhfuil foráil chuige seo sa Bhille um Eitic in Oifigí Poiblí (Leasú) 2007).
- Foráil, sa chás go gcuireann comhalta tofa nó duine a cheaptar in oifig shinsearach i gcomhlacht poiblí ráiteas iarratais ar fáil don Choimisiúin um Chaighdeáin, lena dtugtar le fios go ndearna an duine iarratas le hOifig an Ard-Bhailitheora go n-eiseofaí deimhniú imréitigh chánach chuige nó chuici agus nach ndearnadh cinneadh ina leith fós, go gceanglófar ar an duine sin deimhniú imréitigh chánach a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin sa chás go n-eiseofar deimhniú den sórt sin chuige nó chuici ina dhiaidh.
- Foráil go ngníomhóidh an Coimisiún um Chaighdeáin de réir a chomhairle féin maidir le cé acu an bhfuil údar ann le himscrúdú maidir le cás inar sáraíodh na ceanglais a bhíonn ar chomhaltaí tofa agus ar dhaoine a cheaptar in oifig shinsearach le fianaise a sholáthar gur comhlíonadh reachtaíocht chánachais shonraithe.
- Leasuithe ar na teorainneacha ama a bhfuil dearbhuithe reachtúla, deimhnithe imréitigh chánach agus ráitis iarratais le déanamh nó le heisiúint agus le cur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin, laistigh díobh – mar shampla, d’fhéadfaí deimhnithe imréitigh chánach a eisiúint agus a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin faoi cheann sé mhí seachas naoi mí faoi mar atá amhlaidh faoi láthair agus d’fhéadfaí dearbhuithe reachtúla a dhéanamh agus a chur ar fáil faoi cheann trí mhí seachas faoi cheann mí amháin agus a chur ar fáil faoi cheann naoi mí faoi mar atá amhlaidh faoi láthair.
- Athbhreithniú a dhéanamh ar an scála ama maidir le himeachtaí a thionscnamh i dtaca le cionta a d’fhéadfadh a bheith déanta i leith dearbhuithe reachtúla bréagacha a dhéanamh. Thug an Coimisiún um Chaighdeáin faoi deara gur fhógair an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, mar a bhí ag an am, an tUas. Michael McDowell, gur thug an Rialtas a chead i mí Lúnasa 2006 go ndréachtófaí Bille um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilchineálacha), a mbeadh leasú ar an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí 2001 ann le hathbhreithniú a dhéanamh ar an scála ama le himeachtaí a thionscnamh i gcáis den sórt sin. Ní raibh an Bille foilsithe tráth scríofa na tuarascála seo.
- Foráil go n-úsáideofar an dáta go dtionólfar Teach ábhartha an Oireachtais den chéad uair mar dháta an toghcháin chun na teorainneacha ama a chinneadh, a gcaithfidh comhalta tofa a dhearbhú nó a dearbhú reachtúil a dhéanamh agus deimhniú imréitigh chánach nó ráiteas iarratais a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin laistigh díobh.
- Leasú ar Alt 24(2)(b)(ii) den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001 ionas go bhforáilfear gur chóir go seolfaí tuarascáil leis an gCoimisiún um Chaighdeáin, maidir le sárú na bhforálacha um imréiteach cánach ag Ard-Aighne nach bhfuil ina chomhalta den Oireachtas, agus a chomhlíon na forálacha sin ina dhiaidh, chuig dhá Theach an Oireachtais seachas chuig 'an Teach' faoi mar atá foráilte faoi láthair.
Back to contents