- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Tuarascáil Bhliantúil 2007
Leathnú ar raon feidhme na nAchtanna um Eitic
Ina Thuarascálacha Bliantúla i gcomhair 2005 agus 2006, luaigh an Coimisiún um Chaighdeáin nár thionscain an tAire Airgeadais an rún cuí i dTithe an Oireachtais le Cathaoirligh Choistí an Oireachtais a ainmniú mar shealbhóirí oifige chun críocha na nAchtanna um Eitic, agus á gcur, leis sin, faoi réir ag na hAchtanna um Eitic i leith na bpost sin. Tuigtear go raibh an tAire ag dul i gcomhairle le Cathaoirligh na gCoistí i ndáil leis an moladh seo. Fáiltíonn an Coimisiún um Chaighdeáin roimh an gcor seo sa scéal.
Ina Thuarascáil Bhliantúil i gcomhair 2006, mhol an Coimisiún um Chaighdeáin, sa chás go bhfuil comhlacht poiblí á chur ar bun, gur chóir go gcuimhneodh an tAire Airgeadais ar Rialacháin a thabhairt isteach lena bhforordófaí stiúrthóireachtaí agus/nó poist fhostaíochta laistigh den chomhlacht chun críocha na nAchtanna um Eitic le héifeacht ó dháta bunaithe an chomhlachta, má mheasann sé gurb ar mhaithe leis an bpobal amhlaidh a dhéanamh. Tuigtear go bhfuiltear ag cuimhneamh go gníomhach ar an moladh seo, a d'fhágfadh go mbeadh comhoibriú gach Roinn Rialtais a mbeadh comhlacht nua á bhunú aici, riachtanach. Fáiltíonn an Coimisiún um Chaighdeáin roimh an gcor seo sa scéal.