Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Tuarascáil Bhliantúil 2007

Leasuithe a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic

Leag an Coimisiún um Chaighdeáin leasuithe amach, ina Thuarascálacha Bliantúla i gcomhair 2005 agus 2006, a mhol sé go déanfaí ar an reachtaíocht um eitic agus toghcháin. Lena chois sin, scríobh sé chuig an Aire Airgeadais leis na leasuithe, a mheas sé a bhí riachtanach le déanamh ar na hAchtanna um Eitic, a leagan amach. Táthar fós le freagra díreach substainteach a fhail ón Aire Airgeadais. Tugadh roinnt leideanna áfach go mb'fhéidir gur cuireadh roinnt leasuithe de na cinn a mhol an Coimisiún um Chaighdeáin san áireamh i gcomhthéacs an Bhille um Eitc in Oifigí Poiblí (Leasú) 2007.  Foilsíodh an Bille um Eitic in Oifigí Poiblí (Leasú) 2007 i mí Aibreáin 2007. Rith Seanad Éireann ina dhiaidh sin é i mí Iúil 2007. Tugtar aghaidh sa Bhille, faoi mar a rith Seanad Éireann é, ar shaincheisteanna a bhaineann le bronntanais do shealbhóirí oifigí agus do chomhaltaí an Oireachtais agus ardaítear na tairsí leis an mBille maidir le leasanna inchláraithe a chaithfear a nochtadh. Ina Thuarascáil Bhliantúil i gcomhair 2006, bhí aiféala ar an gCoimisiún um Chaighdeáin nár glacadh na leasuithe ar na hAchtanna um Eitic a mhol sé roimhe sin. D’iarr sé go mbreithneofaí na leasuithe a mhol sé go práinneach agus, i bhfianaise chastacht na nAchtanna um Eitic go ginearálta, go gcuimhneofaí ar Bhille (Comhdhlúthú) a dhréachtú a bheadh níos so-úsáidte.

Tráth scríofa na tuarascála, bhí Dáil Éireann fós le Bille an Leasaithe a bhreithniú. Tá leid tugtha ag an Aire Airgeadais i nDáil Éireann an 31 Earáir 2008 áfach go bhfuil faoi leasuithe ar an mBille a thabhairt isteach, cosúil le roinnt de na moltaí a rinne an Coimisiún um Chaighdeáin. I freagra scríofa do cheist parlaiminteach an 26 Feabhra 2008, thagair sé go sonrach do leasuithe teicniúla maidir le dearbhuithe reachtúla agus ráiteas leasa "nialach". Dúirt sé áfach nach raibh sé ag beartú an sainmhíniú ar an téarma "gníomh sonraithe" a leasú, a úsáidtear sa reachtaíocht, nó reachtú le haghaidh gearáin maidir le duine a loiceann cloí le caighdeáin eitice shainmhínithe áirithe. Dúirt sé go bhféachtar leis an sainmhíniú reatha ar "ghníomh sonraithe" le cothromaíocht fhéaráilte a bhaint amach, agus go raibh cóid iompraíochta ann cheana féin le hiompar eiticiúil chomhaltaí an Oireachtais, sealbhóirí oifige agus státseirbhíseach a threorú ina ngnó laethúil, agus gur féidir leis an gCoimisiún um Chaighdeain na cóid seo a chur san áireamh agus cás, ina líomhnaítear gur sáraíodh an reachtaíocht, á imscrúdú.

Dúirt sé freisin nach raibh aon phleananna aige leis an dlí a leasú chun cur ar chumas an Choimisiúin um Chaighdeáin oifigeach fiosrúcháin a cheapadh gan gearán a bheith faighte. Dúirt sé gur réasúnach go mbeadh gearán leis an gCoimisiún um Chaighdeáin riachtanach chun tús a chur le próiseas an fhiosrúcháin, rud a d’fhéadfadh an duine atá i gceist a fhágáil thíos go mór leis gan ach an méid sin féin déanta.

Fáiltíonn an Coimisiún um Chaighdeáin roimh an leid go bhfuiltear ag glacadh le roinnt dá chuid moltaí, ach is oth leis nár glacadh leis na moltaí maidir le foráil an "ghnímh shonraithe" agus maidir le hoifigeach fiosrúcháin a cheapadh agus gan gearán aige. Rinne an Coimisiún um Chaighdeáin na moltaí seo i bhfianaise a thaithí ar a bheith ag feidhmiú an Achta um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001. Is éard a bhí i gceist a dhéanamh leis an Acht sin ná cead a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin iompar mí-eiticiúil ag sealbhóirí oifige, fostaithe sa tseirbhís phoiblí srl. a imscrúdú. Ina Thuarascáil Bhliantúil 2006, luaigh an Coimisiún um Chaighdeáin go raibh deacrachtaí ag go leor gearánaithe gearán bailí a chur le chéile i bhfianaise chastacht na bhforálacha maidir le "gníomh sonraithe". Seans maith gur mar gheall ar an deacracht seo atá líon na ngearán a fhaigheann an Coimisiún um Chaighdeáin réasúnta íseal, nó go bhféadfadh an deacracht sin a bheith ina chuid den mhíniú ar an scéal.

Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún um Chaighdeáin cás, ina bhféadfadh na hAchtanna um Eitic a bheith sáraithe, a imscrúdú agus gan gearán aige. Ba chóir a thabhairt faoi deara áfach, gurb é an t-aon mhodh atá ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin le himscrúdú a dhéanamh ná trí éisteacht phoiblí. San aon imscrúdú amháin den sórt sin a reáchtáladh faoi na hAchtanna um Eitic, maidir le cás inar líomhnaíodh gur sháraigh sealbhóir oifige an reachtaíocht, d’éirigh an duine a bhí i gceist, an tAire Stáit mar a bhí ag an am, Ned O'Keefe, as a luaithe is a bhí an cinneadh déanta chun an t-imscrúdú a thionscnaíodh. Mar gheall ar na himpleachtaí a ghabhann le himscrúdú do shealbhóir ofiige, mar shampla, bhí an-drogall ar fad ar an gCoimisiún um Chaighdeáin céim den sórt sin a ghlacadh.

Ar an láimh eile, níor cheart go mbeadh aon iarmhairtí aimhleasacha den sórt sin i gceist le ceapachán Oifigigh Fhiosrúcháin. Creideann an Coimisiún um Chaighdeáin gur leasú é an ceann atá á lorg aige - an cumhacht le hOifigeach Fiosrúcháin a cheapadh agus gan gearán faighte – gur chóir cuimhneamh air dáiríre. Thabharfadh sé éifeacht don rud a bhfuil sé i gceist leis an reachtaíocht a dhéanamh, is é sin, cead a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin gnóthaí a bhféadfadh tábhacht tromchúiseach poiblí a bheith ag gabháil leo, a bhreithniú, agus más gá, a imscrúdú go héifeachtach agus d’fhéadfadh sé fáil réidh leis an ngá go dtionscnófaí an "rogha núicléach", is é sin, éisteacht poiblí iomlán a d’fhéadfadh a bheith iomarcach mar fhreagairt i gcúinsí áirithe.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|