Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Tuarascáil Bhliantúil 2007

Maoiniúchán faoin reachtaíocht um liúntas ceannairí páirtí

Forálann an reachtaíocht um Liúntas Ceannairí Páirtí go n-íocfar liúntas bliantúil le ceannaire parlaiminte páirtí cháilithe polaitíochta i ndáil le speansais a thagann de bharr ghníomhaíochtaí parlaiminte an pháirtí, lena n-áirítear taighde. Tugtar an Liúntas Ceannairí Páirtí ar an liúntas. Forordaíonn an reachtaíocht um Liúntas Ceannairí Páirtí 11 chatagóir dhifriúla chaiteachais a mheastar mar speansais a thagann de bharr ghníomhaíochtaí parlaiminte, lena n-áirítear taighde, an pháirtí. Ní ghearrtar cáin ioncaim ar mhaoiniúchán arna fháil faoin Liúntas Ceannairí Páirtí.

Sainmhínítear páirtí cáilithe polaitíochta faoin reachtaíocht um Liúntas Ceannairí Pairtí mar pháirtí atá cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta agus a raibh comhalta amháin ar a laghad den pháirtí tofa chuig Dáil Éireann nó tofa nó ainmnithe chuig Seanad Éireann. Cháiligh ceannairí parlaiminte seacht bpáirtí pholaitíochta le haghaidh íocaíocht an liúntais roimh olltoghcháin na Dála agus an tSeanaid 2007. Nuair a chaill an Páirtí Sóisialach a ionadaíocht i dTithe an Oireachtais, níor cháiligh sé le haghaidh íocaíocht an liúntais tar éis olltoghcháin na Dála agus an tSeanaid 2007. Bíonn an liúntas a bheidh iníoctha le páirtí cáilithe polaitíochta bunaithe ar líon na gcomhaltaí den pháirtí atá ina gcomhaltaí de Dháil Éireann nó Sheanad Éireann. Má dhéanann páirtí cáilithe polaitíochta cuid den Rialtas, déanfar na comhliúntais i leith a chomhaltaí atá ina gcomhaltaí den Dáil amháin, a laghdú faoi aon trian. Tar éis do rialtas nua a bheith curtha le chéile in 2007, is infheidhme seo anois i leith an liúntas a fhaigheann Fianna Fáil, an Comhaontas Glas agus an Páirtí Daonlathach. Ní ceadmhach an liúntas a úsáid le haghaidh speansas toghcháin nó vótaíochta nó chun na speansais sin a fhorchúiteamh

Méadaítear na liúntais ar aon dul le méaduithe pá ginearálta na státseirbhíse. Feidhmíodh méadú 2% faoi I dTreo 2016 ó 1 Meitheamh 2007. Is féidir na liúntais a mhéadú le hordú an Rialtais freisin. Bíonn méaduithe arna ndéanamh le hordú an Rialtais ar aon dul le méaduithe arna mbronnadh faoi Thuarascálacha an Ghasra Athbhreithnithe ar Luach Saothair Níos Airde san Earnáil Phoiblí. Ní dhearnadh aon mhéaduithe den sórt sin le hOrdú ón Aire i rith 2007.

Is mar seo a leanas a bhí na liúntais, mar a bhí ag 31 Nollaig 2007, do Chomhaltaí Dháil Éireann:

  2007 (In aghaidh an Chomhalta)
An chéad 10 gComhalta €68,074 
Ó 11 go dtí 30 Comhalta €54,458 
Os cionn 30 Comhalta €27,237 
Comhaltaí Neamhspleácha €39,169 

Is mar seo a leanas a bhí na liúntais, mar a bhí ag 31 Nollaig 2007, do chomhaltaí an tSeanaid:

   2007 (In aghaidh an Chomhalta)
An chéad 5 Chomhalta €44,512 
Os cionn 5 Chomhalta €22,557 
Seanadóirí Neamhspleácha €22,557 

Ba é an tsuim iomlán a íocadh le ceannairí parlaiminte páirtithe cáilithe polaitíochta agus le Teachtaí Dála agus Seanadóirí Neamhspleácha i gcomhair 2007 ná €7,970,903. Is lú é seo ná an tsuim a íocadh i leith 2006 agus tá sin amhlaidh, go príomha, mar gheall gur laghdaíodh líon Chomhaltaí Neamhspleácha Dháil Éireann ó 19 go dtí 12 tar éis olltoghcháin na Dála agus an tSeanaid in 2007, agus mar gheall go laghdaítear an maoiniúchán a bhíonn dlite do thrí pháirtí cháilithe d’aon trian toisc go ndéanann siad cuid den Rialtas.

Ceanglaítear ar gach ceannaire páirtí pharlaiminte ráiteas bliantúil caiteachais a ullmhú i leith an Liúntais Cheannaire Pháirtí. Caithfidh an ráiteas a bheith iniúchta ag iniúchóir poiblí agus caithfear cóip de thuairisc an iniúchóra a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin in éineacht leis an ráiteas. Caithfear an ráiteas a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin faoi cheann 120 lá tar éis dheireadh na bliana airgeadais inar íocadh an liúntas. Is é 30 Aibreán an dáta seo de ghnáth. (Iarrann an Coimisiún um Chaighdeáin, áfach, go gcuirfear an ráiteas ar fáil faoi 31 Márta gach bliain). Mura bhfaigheann an Coimisiún um Chaighdeáin an ráiteas caiteachais agus tuairisc an iniúchóra laistigh de thréimhse na 120 lá, cuirtear íocaíocht an liúntais siar go dtí pé tráth go bhfaighfear an ráiteas agus tuairisc an iniúchóra. Soláthraíonn na ráitis a cuireadh ar fáil i gcomhair 2007 mionsonraí ar an maoiniúchán a fuarthas don bhliain sin agus ar an tsuim a tugadh ar aghaidh ó 2006, má bhí suim ar bith den sórt sin ann. Tugtar mionsonraí sna ráitis, faoin 11 chatagóir chaiteachais, (arna bhforordú sa reachtaíocht um Liúntas Ceannairí Páirtí), ar na gnóthaí ar caitheadh an maoiniúchán orthu i rith 2007.

I rith 2007, tháinig an tUas. Éamon Gilmore, Teachta Dála, in ionad an Uas. Pat Rabbitte, Teachta Dála, mar cheannaire parlaiminte Pháirtí an Lucht Oibre. Tháinig an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, an tUas. John Gormley, in ionad an Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia, an tUas. Trevor Sargent, Teachta Dála, mar cheannaire an Chomhaontais Ghlais. Tháinig an tAire Sláinte agus Leanaí, an Uas. Mary Harney TD, in ionad an Uas. Michael McDowell mar cheannaire parlaiminte an Pháirtí Dhaonlathaigh. I ngach cás, de réir alt 1(10)(11)(c) den Acht um Liúntas Ceannairí Páirtí, comhaontaíodh go gcuirfeadh ceannairí reatha an pháirtí ráiteas aonair caiteachais ar fáil i leith an liúntais a íocadh leis an bpáirtí i rith 2007.

Ní mór don Choimisiún um Chaighdeáin tuarascáil a chur ar fáil don Aire Airgeadais go bliantúil á thabhairt le fios cé acu ar cuireadh na ráitis agus tuairiscí na n-iniúchóirí isteach faoin spriocdháta reachtúil, cé acu ar nochtadh aon chaiteachas neamhúdaraithe agus cé acu an bhfuil an ráiteas leordhóthanach nó cé acu an bhfuil an ráiteas mí-oiriúnach. Cuireadh tuarascáil a bhain le caiteachas an liúntais in 2007 ar fáil don Aire Airgeadais agus leagadh faoi bhráid Thithe an Oireachtais í i Meitheamh 2008. Bhí mionsonraí i dtuarascáil an Choimisiúin um Chaighdeáin ar an maoiniúchán a fuair ceannairí parlaiminte na bpáirtithe cáilithe polaitíochta agus ar an mbealach a caitheadh é agus tá sé ar fáil ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin. Tá cóipeanna de na ráitis agus de thuairiscí na n-iniúchóirí ar fáil don phobal lena ghrinnscrúdú agus a chóipeáil ag oifigí an Choimisiúin um Chaighdeáin.

Deacreacht don Choimisiún um Chaighdeáin i ndáil lena fheidhm mhaoirseachta faoin Acht um Liúntas Ceannairí Páirtí, ná, neamhchosúil leis na hAchtanna um Eitic agus na hAchtanna Toghcháin, níl aon údarás reachtúil aige le comhairle a thabhairt i ndáil le húsáid cuí an Liúntais. Cé go mbíonn ceangal dlí ag gabháil le comhairle a thugann an Coimisiún um Chaighdeáin faoi na hAchtanna um Eitic agus faoi na hAchtanna Toghcháin, níl aon bhonn reachtúil le aon chomhairle a thugtar i ndáil leis an Acht um Liúntas Ceannairí Páirtí. Ceanglaítear ar an gCoimisiún um Chaighdeáin tuairisciú chuig an Aire Airgeadais maidir leis na ráitis chaiteachais i leith an liúntais. Má bhíonn caiteachas i ráiteas ar ghnóthaí nach bhfuil ag teacht le forálacha alt 1(10)(1) agus 1(10)(14) nó atá toirmiscthe faoi alt 1(10)(5) den Acht um Liúntas Ceannairí Páirtí, ceanglaítear ar an gCoimisiún um Chaighdeáin de réir alt 1(10)(11)(e)(iii)(IV), tar éis dó dul i gcomhairle le ceannaire an pháirtí faoin scéal, a chur in iúl don Aire nach ráiteas/tuairisc chuí an ráiteas/tuairisc an iniúchóra.

Tá iarratais faighte ag an gCoimisiún um Chaighdeáin ó pháirtithe polaitíochta le haghaidh comhairle maidir le cé acu an cuí úsáid a bhaint as an Liúntas chun críoch ar leith. De ghnáth, tabharfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin a thuairim maidir le cé acu an measann sé gur cuí úsáid a bhaint as an Liúntas chun críoch ar leith, agus aird á tabhairt aige ar fhorálacha alt 1(10)(1) agus 1(10)(14) nó má mheasann sé go bhfuil úsáid den sórt sin toirmiscthe faoi alt 1(10)(5) den Acht. Is an rogha malartach a bhíonn ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin ná diúltú comhairle a thabhairt faoin scéal, agus, má bhíonn an caiteachas le feiceáil ar ráiteas an cheannaire, a chur in iúl don Aire go measann sé go bhfuil an ráiteas míchuí toisc go bhfuil mír chaiteachais san áireamh ann nach bhforáiltear lena aghaidh san Acht.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|