- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Tuarascáil Bhliantúil 2007
Maoiniúchán faoi na hAchtanna Toghcháin
Chun cáiliú le haghaidh maoiniúcháin faoi na hAchtanna Toghcháin, ní mór do pháirtí polaitíochta a bheith curtha san áireamh i gClár na bPáirtithe Polaitíochta agus 2% ar a laghad de na vótaí chéadrogha a bheith faighte acu san olltoghchán Dála deiridh. Íocadh maoiniúchán le sé pháirtí cháilithe chomh fada le 23 Bealtaine 2007 ar bhonn thorthaí olltoghchán na Dála 2002. Tá an sé pháirtí polaitíochta céanna cáilithe le maoiniúchán a fháil ó 24 Bealtaine 2007 ar bhonn thorthaí olltoghchán na Dála 2007. Ní ghearrtar cáin ioncaim ar an maoiniúchán.
Íoctar €126,974 mar bhunsuim le gach páirtí cáilithe polaitíochta go bliantúil. Lena chois sin, bíonn gach páirtí cáilithe polaitíochta i dteideal cion de shuim bhliantúil ar €3.8m a socraíodh a bheadh i gceist leis ar dtús agus a mhéadaítear ar aon dul le méaduithe ginearálta pá sa státseirbhís. Déantar cion an chiste a bheidh iníoctha le páirtí cáilithe polaitíochta a chinneadh trí vótaí chéadrogha an pháirtí cháilithe a léiriú mar chéatadán d’iomlán na vótaí chéadrogha arna bhfáil ag na páirtithe cáilithe go léir. I rith 2007, mionathraíodh an cion a íocadh le páirtithe cáilithe ón gciste leis an athrú, ar chéatadáin a vótaí chéadrogha ag olltoghchán na Dála 2007, a léiriú. Tugtar miondealú comparáideach de réir an chéatadáin sa tábla thíos maidir le sciar vótaí na bpáirtithe cáilithe polaitíochta ag olltoghcháin na Dála 2007 agus 2002.
| Páirtithe Polaitíochta Cáilithe | Vótaí chéadrogha ag oltoghchán 2007 mar % d'iomlán na vótaí chéadrogha |
Vótaí chéadrogha mar % d'iomlán vótaí chéadrogha na bpáirtithe cáilithe ag olltoghchán 2007 |
Vótaí chéadrogha ag oltoghchán 2002 mar % d'iomlán na vótaí chéadrogha |
Vótaí chéadrogha mar % d'iomlán vótaí chéadrogha na bpáirtithe cáilithe ag olltoghchán 2002 |
|---|---|---|---|---|
| Fianna Fáil | 41.56 | 44.51 | 41.48 | 46.58 |
| Fine Gael | 27.32 | 29.26 | 22.48 | 25.24 |
| Labour Party | 10.13 | 10.84 | 10.77 | 12.10 |
| Progressive Democrats | 2.73 | 2.92 | 3.96 | 4.45 |
| Green Party | 4.69 | 5.03 | 3.85 | 4.32 |
| Sinn Féin | 6.94 | 7.43 | 6.51 | 7.31 |
| Iomlán | 93.37 | 100.00 | 89.06 | 100.00 |
I rith 2007, feidhmíodh méadú 2% faoi I dTreo 2016 i leith an chiste le héifeacht ó 1 Meitheamh 2007. Ba é luach an chiste ag 31 Nollaig 2007 arna ríomhadh go bliantúil ná €4,709,769.60. Nuair a chuirtear na buníocaíochtaí €126,974 a bhíonn iníoctha le gach ceann den sé pháirtí cháilithe leis an gciste seo arna ríomhadh go bliantúil, is é an tsuim iomlán a bhí iníoctha le páirtithe cáilithe polaitíochta faoi na hAchtanna Toghcháin ag 31 Nollaig 2007 ná €5,471,612.40. Ba é an maoiniúchán iomlán a fuair páirtithe cáilithe polaitíochta go hiarbhír faoi na hAchtanna Toghcháin i gcomhair 2007 ná €5,433,329. Tá an fhíric, nach raibh na suimeanna méadaithe iníoctha ach do chuid de bhliain 2007, ina mhíniú ar an difríocht.
Ceanglaíonn na hAchtanna Toghcháin ar pháirtithe polaitíochta cáilithe an maoiniúchán a fhaigheann siad a fheidhmiú i leith "riaradh agus bhainistiú ginearálta ghnóthaí an pháirtí agus i leith aon cheann dá chuspóirí a bheith á leanúint go dleathach aige agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, aon cheann de na cuspóirí seo a leanas nó iad go léir:
- cúrsaí ginearálta an pháirtí a riaradh;
- taighde, oideachas agus oiliúint;
- polasaithe a cheapadh;
- gníomhaíochtaí chraobhacha agus chomhaltaí an pháirtí a chomhordú."
Meastar go mbíonn soláthar i leith rannpháirtíocht na mban agus daoine óga i ngníomhaíocht pholaitíochta san áireamh sa mhaoiniúchán freisin.
Ní féidir an maoiniúchán a úsáid chun speansais toghcháin nó reifrinn a fhorchúiteamh. D'eisigh an Coimisiún um Chaighdeáin treoirlínte i mí na Samhna 2006 chuig páirtithe polaitíochta cáilithe á dtreorú nach bhféadfaí an maoiniúchán a úsáid chun íoc as speansais réamhthoghcháin (.i. speansais a tharraing siad orthu féin le haghaidh earraí, maoine nó seirbhísí a úsáideadh chun críocha toghcháin sular thosaigh an tréimhse toghcháin ag olltoghchán na Dála).
Ceanglaítear ar gach páirtí polaitíochta cáilithe cuntas a thabhairt go bliantúil don Choimisiún um Chaighdeáin i leith chaiteachas a mhaoiniúcháin arna fháil i rith na bliana roimhe sin. Caithfidh an Ráiteas Caiteachais Státchiste a bheith iniúchta ag iniúchóir poiblí agus caithfear cóip de thuairisc an iniúchóra a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin in éineacht leis an Ráiteas. Iarrann an Coimisiún um Chaighdeáin gur chóir go gcuirfí na Ráitis Chaiteachais Státchiste agus tuairiscí na n-iniúchóirí ar fáil faoi 31 Márta gach bliain. Bíonn mionsonraí ar shuim an mhaoiniúcháin a fuair gach páirtí polaitíochta cáilithe i leith 2007 sna Ráitis Chaiteachais Státchiste i gcomhair 2007 chomh maith le haon mhaoiniúchán nár caitheadh agus a tugadh ar aghaidh ó 2006. Tugtar mionsonraí sna Ráitis Chaiteachais Státchiste faoi na teidil thuas maidir leis an mbealach a caitheadh an maoiniúchán freisin. Sa chás nach bhfuil Ráiteas Caiteachais Státchiste agus tuairisc iniúchóra curtha ar fáil ag páirtí polaitíochta cáilithe don Choimisiún um Chaighdeáin i leith na bliana roimhe faoi 30 Aibreán in aon bhliain ar bith, cuirfear a thuilleadh íocaíochtaí den mhaoiniúchán siar go dtí pé tráth go bhfaighfear an Ráiteas Caiteachais Státchiste agus tuairisc an iniúchóra.
Chuir an Coimisiún um Chaighdeáin tuarascáil ar fáil do Chathaoirleach Dháil Éireann i Meitheamh 2008 lenar soláthraíodh mionsonraí ar an maoiniúchán a fuair páirtithe polaitíochta cáilithe faoi na hAchtanna Toghcháin i leith 2007 agus ar an mbealach gur feidhmíodh an maoiniúchán seo. Leagadh na Ráitis Chaiteachais Státchiste agus tuairiscí na n-iniúchóirí faoi bhráid Thithe an Oireachtais ar an lá céanna agus cuireadh iad ar fáil go mbeadh an pobal in ann iad a ghrinnscrúdú agus a chóipeáil. Bhí mionsonraí ar an maoiniúchán a fuarthas agus ar an mbealach a caitheadh é sa tuarascáil agus tá sé ar fáil ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin.