Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Tuarascáil Bhliantúil 2007

Ábhar a cuireadh i láthair chomhchoiste an oireachtais faoin gcomhshaol, oidhreacht agus rialtas áitiúil

Fuair an Coimisiún um Chaighdeáin cuireadh i mí na Samhna 2007 le freastal ar chruinniú de Chomhchoiste an Oireachtais faoin gComhshaol, Oidhreacht agus Rialtas Áitiúil an 18 Nollaig 2007. Ba é an cuspóir leis an gCoimisiún a bheith i láthair ná go gcuirfeadh sé ról an Choimisiúin um Chaighdeáin ag toghcháin in iúl don Chomhchoiste. Chuir an rúnaí don Choimisiún um Chaighdeáin, an tUas. David Waddell agus an tUas. Aidan Moore, Príomhoifigeach Cúnta a bhfuil freagracht air as sainchúram toghcháin an Choimisiúin um Chaighdeáin, ábhar i láthair an Chomhchoiste thar ceann an Choimisiúin um Chaighdeáin. Le cois achoimre ar ról an Choimisiúin um Chaighdeáin i ndáil le toghcháin, bhí roinnt de na moltaí a bhí i dtuarascáil an Choimisiúin um Chaighdeáin maidir le holltoghchán na Dála 2007 san áireamh san ábhar a cuireadh i láthair. Tá mionsonraí an ábhar a cuireadh i láthair ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|