- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Tuarascáil Bhliantúil 2007
Aighneacht don aire comhshaoil, oidhreachta agus rialtais áitiúil maidir le moladh le teorainneacha caiteachais a thabhairt isteach ag toghcháin áitiúla
D’fhoilsigh an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil fógra i mí Lúnasa 2007 lenar tugadh cuireadh do dhaoine aighneachtaí a chur isteach maidir le gnéithe éagsúla den rialtas áitiúil, a dtabharfaí aghaidh orthu i bPáipéar Glas maidir le hAthchóiriú an Rialtais Áitiúil. Bhain Réimse amháin ar lorgadh aighneachtaí faoi le teorainneacha caiteachais ag toghcháin áitiúla. Mar gheall ar a thaithí ar a bheith ag déanamh maoirseachta ag toghcháin Dála agus Eorpacha maidir le speansais toghcháin a bheith á dteorannú agus á nochtadh, chinn an Coimisiún um Chaighdeáin aighneacht a sholáthar don Aire. Bhí na moltaí seo a leanas san áireamh in aighneacht an Choimisiúin um Chaighdeáin:
- D’fhéadfadh teorainneacha difriúla caiteachais a bheith ag teastáil do thoghcháin chuig comhairlí contae agus do thoghcháin chuig comhairlí baile.
- Ba chóir go mbeadh ráitis chaiteachais ag toghcháin áitiúla ar fáil don phobal lena ghrinnscrúdú agus an-phoiblíocht déanta faoi ráitis den sórt sin a bheith ar fáil. Ba chóir go mbeadh ceanglas reachtúil ar an gcomhlacht atá i gceist le poiblíocht a dhéanamh lena thabhairt le fios go bhfuil na tuairisceáin seo ar fáil.
- Sa chás go bhfaighfear gearán bailí maidir le cás nár comhlíonadh teorainneacha caiteachais ag toghchán áitiúil, ba chóir gur comhlacht neamhspleách agus ní an t-údarás áitiúil atá i gceist a imscrúdóidh an scéal. Ba chóir go mbeadh sé de chumhacht ag an gcomhlacht neamhspleách sin fiosrúcháin nó imscrúduithe a dhéanamh as a chonlán féin freisin agus gan aon ghearán aige.
- Ba chóir go mbeadh idir 90-120 lá i gceist leis an tréimhse toghcháin ag toghcháin áitiúla. Chabhródh sé seo le seachaint is nach gcaithfí formhór chaiteachais an toghcháin roimh an tréimhse toghcháin agus le héifeachtacht teorainneacha caiteachais ag toghcháin áitiúla a chinntiú.
- Ba chóir go mbeadh caiteachas a dhéanann tríú páirtithe/daoine eile ar earraí, ar mhaoin nó ar sheirbhísí chun críocha toghcháin i rith na tréimhse toghcháin faoi réir ag na teorainneacha céanna is infheidhme i leith iarrthóirí ag an toghchán agus ba chóir go nochtófaí an caiteachas sin.
- Ba chóir go ndéanfaí amach an teorainn chaiteachais a bheidh ar fáil do pháirtithe polaitíochta ag toghchán áitiúil de réir líon na n-iarrthóirí a bheidh ag seasamh don pháirtí. Ní fhéadfaidh an páirtí an teorainn chaiteachais seo a úsáid ach dá fheachtas náisiúnta (.i. camchuairt an cheannaire, craoladh páirtí polaitíochta srl.) agus dó sin amháin, agus ní fhéadfaidh sé an caiteachas seo a úsaid ar iarrthóirí aonair. Sa chás go mbeartaíonn páirtí polaitíochta (cibé an ceanncheathrú nó eagraíocht áitiúil) le hairgead a chaitheamh ar iarrthóir aonair, ba chóir don iarrthóir é a údarú (nó a g(h)níomhaire toghcháin má ceapadh gníomhaire toghcháin) agus dhéanfadh sin cuid de theorainn chaiteachais an iarrthóra aonair.
Tá mionsonraí iomlána ar aighneacht an Choimisiúin um Chaighdeáin chuig an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil ar fáil ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin.