Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Tuarascáil Bhliantúil 2007

Triú páirtithe

Sainmhínítear "tríú páirtí" mar aon duine, seachas páirtí polaitíochta nó iarrthóir i dtoghchán, a ghlacann, i mbliain ar leith, le síntiús (.i. ranníocaíocht a tugadh chun críocha polaitíochta) a dtéann a luach os cionn €126.97.

Ar shíntiús os cionn luach €126.97 a fháil, caithfidh tríú páirtí, sula dtarraingíonn sé aon speansais air féin chun críocha polaitíochta, clárú leis an gCoimisiún um Chaighdeáin. Toirmisctear ar thríú páirtithe glacadh le síntiúis gan ainm os cionn luach €126.97 agus toirmisctear orthu glacadh le "síntiúis ón gcoigrích". Is é an t-uas-síntiús lenar féidir le tríú páirtí glacadh ón duine céanna sa bhliain chéanna den fhéilire ná €6,348.69.

Scríobh an Coimisiún um Chaighdeáin chuig roinnt daoine aonair/eagraíochtaí i rith 2007 a mheas sé a d’fhéadfadh a bheith ina dtríú páirtithe. Chláraigh dhá eagraíocht, an Feachtas Stop Bush agus Libertas, mar thríú páirtithe i rith 2007.

Ina thuarascáil bhliantúil i gcomhair 2006, thuairiscigh an Coimisiún um Chaighdeáin go raibh comhfhreagras ar siúl aige go fóill le dhá eagraíocht a raibh sé i dteagmháil leo in 2006 agus nár dhearbhaigh fós cé acu ar ceanglaíodh orthu clárú mar thríú páirtí. Chuir an Feachtas Shell Chun Sáile in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin an 12 Márta 2007 nár ceanglaíodh air clárú mar thríú páirtí. Níl freagra seolta ag an eagraíocht eile, Youth Defence, chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin, in aineoinn gur eisíodh roinnt meabhrúchán chuige. Cé go bhfuil sé ina chion loiceadh clárú mar thríú páirtí, ní bheadh an Coimisiún um Chaighdeáin in ann ionchúiseamh a lorg ach amháin sa chás go raibh fianaise aige gur ghlac an duine aonair/eagraíocht le ranníocaíocht a tugadh dó/di chun críocha polaitíochta go sonrach.

Go luath in 2007, scríobh an Coimisiún um Chaighdeáin chuig sé heagraíocht a bhí cláraithe leis mar thríú páirtithe. Dhearbhaigh dhá pháirtí i scríbhinn don Choimisiún um Chaighdeáin nár fheidhmigh siad mar thríú páirtí i rith 2007. Sholáthair ceithre thríú páirtí ráiteas bainc agus Deimhniú Síntiús Airgid i leith a gcuntais síntiús polaitíochta i gcomhair 2006. Chuir cúig thríú páirtí chláraithe in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin go raibh futhu leanúint ar aghaidh le bheith ann mar thríú páirtí i rith 2007.

Bhí saincheist na dtríú páirtithe agus a ngníomhaíochtaí faoi thrácht i ndáil leis an reifreann ar Chonradh Liospóin freisin. Saincheist a tháinig chun cinn ná a mhéid agus ab infheidhme forálacha na reachtaíochta i leith daoine aonair nó grúpaí a bheadh i mbun feachtais ag an reifreann agus nach bhfuil bunáit sa dlínse seo acu. Fuair an Coimisiún um Chaighdeáin comhairle dhlí lena dtugtar le fios nach bhfuil daoine aonair/grúpaí den sórt sin faoi réir ag na hAchtanna Toghcháin fiú má ghlac siad le síntiúis chun feachtas i leith an reifrinn a mhaoiniú. Tá comhairle tugtha don Choimisiún um Chaighdeáin freisin nach dtagann daoine aonair/grúpaí, nach n-úsáideann ach a n-acmhainní féin chun feachtas i leith an reifrinn a mhaoiniú, faoi chuimsiú an tsainmhínithe ar thríú páirtithe. Scríobh an Coimisiún um Chaighdeáin chuig an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil i Márta 2008 i ndáil leis an gcomhairle a bhí faighte aige agus chun a chur in iúl dó cén chaoi a raibh sé i gceist aige forálacha na nAchtanna Toghcháin, a bhaineann le tríú páirtithe, a fheidhmiú ag an reifreann faoi Chonradh Liospóin.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|