- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Tuarascáil Bhliantúil 2007
Aonaid chuntasaíochta pháirtithe polaitíochta
Is éard is "aonad cuntasaíochta" páirtí polaitíochta ann ná craobh nó fo-eagraíocht eile de chuid an pháirtí, a fhaigheann, in aon bhliain ar leith, síntiús ar luach os cionn €126.97. Ceanglaítear ar oifigeach cuí páirtí polaitíochta ainm agus seoladh gach aonad cuntasaíochta den pháirtí, lena n-áirítear ainm "dhuine freagrach" an pháirtí, a sholáthar don Choimisiún um Chaighdeáin. (Is é an cisteoir nó aon duine eile a bhíonn freagrach as a bheith ag déileáil le síntiúis don aonad an duine freagrach.)
Scríobh an Coimisiún um Chaighdeáin chuig 166 aonad cuntasaíochta i rith 2007 a bhí aitheanta ag na páirtithe polaitíochta ábhartha (scríobhadh chuig 158 aonad cuntasaíochta in 2006). Chuir 79 aonad cuntasaíochta an cháipéisíocht reachtúil ar fáil faoi spriocdháta reachtúil an 31 Márta 2007. Loic 87 aonad cuntasaíochta a gcáipéisíocht reachtúil a chur ar fáil in am. Ina thuarascáil bhliantúil i gcomhair 2006, leag an Coimisún um Chaighdeáin amach roinnt deacrachtaí a bhí aige le maoirseacht a dhéanamh ar na forálacha seo den reachtaíocht. Bhí na deacrachtaí céanna aige i rith 2007.