Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Tuarascáil Bhliantúil 2007

Síntiúis

Síntiúis arna nochtadh ag Teachtaí Dála, Seanadóirí, Feisirí Eorpacha agus iar-Chomhaltaí Thithe an Oireachtais i gcomhair 2007

Ceanglaíodh ar aon duine a bhí ina Chomhalta (Teachta Dála nó Seanadóir) nó ina Fheisire Eorpach i rith 2007 Ráiteas Síntiús a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin faoi 31 Eanáir 2008. I gcás comhaltaí a bhí ag imeacht as oifig agus nár éirigh leo ag olltoghcháin na Dála nó an tSeanaid in 2007, ceanglaíodh orthu Ráiteas Síntiús a chur ar fáil in aineoinn go bhféadfadh Ráiteas Síntiús a bheith curtha ar fáil acu cheana féin mar iarrthóir nár éirigh leis/léi ag an toghchán. Ceanglaíodh ar iarrthóirí síntiúis, a fuarthas i rith 2007 agus a chuaigh os cionn luach €634.87, a nochtadh. Ní mór síntiúis ón deontóir céanna sa bhliain chéanna a chomhbhailiú chun táirseach na síntiús nach mór a nochtadh agus uasteorainn na síntiús gur féidir glacadh leo, a chomhlíonadh.

Fuarthas 297 Ráiteas Síntiús i gcomhair 2007. Tá an tsuim seo comhdhéanta de 166 Ráiteas Síntiús ó Theachtaí Dála, 60 ó Sheanadóirí, 13 ó Fheisirí Eorpacha agus 58 ó iar-Chomhaltaí. Nochtadh síntiúis ar luach €855,995.05 san iomlán (ar tugadh €13,820.52 de ar ais do na deontóirí toisc go raibh na síntiúis a bhí i gceist os cionn na huasteorainne forordaithe). Bhí airgead, maoin, earraí agus seirbhísí san áireamh sna síntiúis a nochtadh. Is ionann an tsuim a nochtadh agus méadú €724,071.38 ar fhigiúr €131,923.67 i gcomhair 2006 agus léirítear ann an fhíric gur bhliain toghcháin ab ea 2007.

Ó thaobh an fhigiúir le haghaidh na síntiús iomlán a nochtadh, bhí €74,651.98 san iomlán nochta ag Seanadóirí, Feisire Eorpacha agus iarchomhaltaí mar iarrthóirí nár éirigh leo ag olltoghcháin na Dála agus an tSeanaid. (Nocht iarchomhalta nach ndeachaigh san iomaíocht i gceachtar toghchán síntiús €3,300.) Nuair a chuirtear glanfhigiúr an €764,222.55 le suim iomlán na síntiús a nocht iarrthóirí nár éirigh leo ag olltoghcháin na Dála agus an tSeanaid (€579,596.07), is é luach iomlán na síntiús ar féidir a rá gur nocht iarrthóirí ar éirigh leo agus iarrthóirí nár éirigh leo ag olltoghcháin na Dála agus an tSeanaid ná €1,343,818.62.


Cuntais Síntiús Polaitíochta

Ceanglaítear ar Chomhaltaí agus ar Fheisirí Eorpacha cuntas síntiús polaitíochta a oscailt agus a choinneáil ar bun má fhaightear síntiús airgid €126.97. Caithfear gach síntiús airgid ina dhiaidh a thaisceadh sa chuntas agus caithfear gach suim airgid ón gcuntas a úsáid chun críocha polaitíochta. Má bhí idirbhearta sa chuntas síntiús polaitíochta i rith 2007, ceanglaíodh ar an gComhalta/bhFeisire Eorpach ráiteas ón mbanc inar coinníodh an cuntas a chur ar fáil in éineacht lena Ráiteas Síntiús. Caithfidh na hidirbhearta ar fad sa chuntas i rith 2007 a bheith le feiceáil ar an ráiteas. Ceanglaíodh ar an gComhalta/bhFeisire Eorpach Deimhniú Síntiús Airgid a chur ar fáil freisin, lenar dheimhnigh sé/sí gur taisceadh gach síntiús airgid sa chuntas agus gur chun críocha polaitíochta a úsáideadh gach suim airgid ón gcuntas. Níor ceanglaíodh ar Chomhalta/Fheisire Eorpach nach raibh a c(h)untas síntiús polaitíochta gníomhach i rith 2007 ach é sin a rá ar an Deimhniú Síntiús Airgid agus níor ceanglaíodh air/uirthi an Dearbhú Reachtúil a chomhlánú nó cóip de ráiteas bainc a chur ar aghaidh. Fuarthas 280 foirmeacha le haghaidh Deimhnithe Síntiús Airgid. Níor chomhlánaigh 17 duine Deimhniú Síntiús Airgid ar an mbonn nach raibh cuntas síntiús polaitíochta acu. Chuir 131 Teachta Dála, 28 Seanadóir, seachtar Feisire Eorpacha agus 26 iar-Chomhalta ráitis bhainc faoi bhráid an Choimisiúin um Chaighdeáin i leith 2007. Níor chuir 35 Teachta Dála, 32 Seanadóir, 6 Feisire Eorpacha agus 32 iar-Chomhalta ráitis bhainc isteach ar an mbonn nach raibh cuntas síntiús polaitíochta acu nó nach raibh aon ghníomhaíocht sa chuntas síntiús polaitíochta i rith na bliana.

Is léir ó thuairisceáin a cuireadh ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin nár coinníodh roinnt cuntas síntiús polaitíochta, a osclaíodh d’olltoghchán 2002, ar bun agus gur ghá iad a athoscailt i gcomhair olltoghchán 2007. Molann an Coimisiún um Chaighdeáin go láidir gur chóir go gcoinneofar cuntas síntiús polaitíochta ar bun, agus é oscailte, go dtí nach gceanglófar ar an duine na hAchtanna Toghcháin a chomhlíonadh a thuilleadh. Tá an chomhairle seo i dtreoirlínte athbhreithnithe do Chomhaltaí agus d'Fheisirí Eorpacha maidir le síntiúis agus síntiúis thoirmiscthe a d'eisigh an Coimisiún um Chaighdeáin i mí Eanáir 2008.

Ba léir fosta nár chuir roinnt Comhaltaí nó iar-Chomhaltaí síntiúis airgid a bhí faighte acu i dtaisce ina gcuntas síntiús polaitíochta. Cé go bhfuil sé ina chion loiceadh Deimhniú Síntiús Airgid agus Dearbhú Reachtúil nó ráiteas ó fhoras airgeadais a chur ar fáil sa chás go gceanglaítear ar dhuine amhlaidh a dhéanamh, nó aon cheann de na cáipéisí seo a chur ar fáil agus gné ábhartha díobh bréagach nó míthreorach, níl aon chionta nó pionóis ann má loiceann duine cuntas síntiús polaitíochta a oscailt nó má loiceann duine síntiús a chur i dtaisce i gcuntas síntiús polaitíochta. D’uireasa aon smachtbhanna agus i bhfianaise gur úsáideadh na síntiúis i ngach cás chun críocha polaitíochta sa deireadh, ní dhearna an Coimisiún um Chaighdeáin aon ghníomhartha eile i ndáil leis na hiarrthóirí thuas.

Chuir an Coimisiún um Chaighdeáin tuarascáil ar fáil don Cheann Comhairle maidir le síntiúis a fuair agus a nocht Comhaltaí, iar-Chomhaltaí agus Feisirí Eorpacha in 2007 an 22 Aibreán 2008. Tá an tuarascáil, ina bhfuil mionsonraí ar na síntiúis a nochtadh, ar fáil ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin.


Síntiúis a nocht deontóirí aonair

Forálann alt 24(1A) d'Acht Toghcháin 1997, faoi mar a leasaíodh, nach mór do dhuine aonair a thugann síntiúis i mbliain fhéilire, a dtéann a luach comhiomlán os cionn €5,078.95 -

  1. do bheirt nó níos mó a bhí, nuair a tugadh na síntiúis, ina gcomhaltaí den pháirtí polaitíochta céanna, nó
  2. do dhuine amháin nó níos mó agus don pháirtí polaitíochta a raibh an duine nó na daoine sin ina gcomhaltaí de nuair a tugadh na síntiúis dóibh,

Ráiteas Síntiús a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin faoi 31 Eanáir den bhliain dar gcionn. Caithfear luach comhiomlán na síntiús a tugadh, an páirtí polaitíochta a bhí i gceist agus ainm, cur síos ar agus seoladh gach faighteoir a nochtadh sa Ráiteas Síntiús. Ceanglaítear ar an deontóir an ráiteas a chur ar fáil beag beann ar cé acu ar ceanglaíodh ar an bhfaighteoir na síntiúis a nochtadh freisin. Ó Ráitis Síntiús a chuir iarrthóirí nár éirigh leo ag olltoghcháin na Dála agus an tSeanaid ar fáil dó, d’aithin an Coimisiún um Chaighdeáin beirt, an Uas. Ruth Coppinger agus an tUas. Mick Murphy, a raibh, i ngach cás, síntiúis os cionn €5,078.95 tugtha acu do bheirt nó níos mó comhaltaí den Pháirtí Sóisialach. Scríobh an Coimisiún um Chaighdeáin chuig an Uas. Coppinger agus chuig an Uas. Murphy an 30 Eanáir 2008 agus foirm Alt 24(1A) don Ráiteas Síntíus iniata lena comhlánú. Fuarthas Ráitis Síntiús ón Uas. Coppinger agus ón Uas. Murphy ina dhiaidh sin agus leagadh faoi bhráid Thithe an Oireachtais iad an 22 Aibreán 2008.


Síntiúis arna nochtadh ag páirtithe polaitíochta i leith 2007

Bhí ar gach ceann de na 14 pháirtí polaitíochta atá cláraithe le dul san iomaíocht ag toghchán Dála nó Eorpach Ráiteas Síntiús a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin faoi 31 Márta 2007. B’éigean síntiúis os cionn luach comhlán €5,078.95 a fuarthas i rith 2007 a nochtadh. Is é uasluach na síntiús lenar féidir páirtí polaitíochta glacadh ón duine céanna sa bhliain chéanna den fhéilire ná €6,348.69. Ní mór síntiúis arna bhfáil ón deontóir céanna sa bhliain chéanna den fhéilire a chomhbhailiú chun na huasteorainneacha, maidir le síntiúis a nochtadh agus a ghlacadh, a chomhlíonadh. Ba é luach iomlán na síntiús a nocht páirtithe i rith 2007 ná €266,484.98.

Chláraigh páirtí nua polaitíochta, People Before Profit Alliance, le Cláraitheoir na bPáirtithe Polaitíochta i rith 2007 mar pháirtí polaitíochta chun dul san iomaíocht i dtoghcháin na Dála agus i dtoghcháin Áitiúla. Bíonn páirtí polaitíochta atá cláraithe chun dul san iomaíocht i dtoghcháin na Dála faoi réir ag forálacha na nAchtanna Toghcháin. De réir alt 71 d’Acht 1997, ní mór do gach páirtí polaitíochta "oifigeach cuí" a cheapadh chun Ráiteas Síntiús bliantúil an pháirtí a chur ar fáil agus chun críocha gnóthaí eile a thagann chun cinn faoi na hAchtanna Toghcháin. Mura mbíonn aon oifigeach cuí ceaptha, meastar gurb é ceannaire an pháirtí oifigeach cuí an pháirtí. Scríobh an Coimisiún um Chaighdeáin chuig an bpáirtí an 12 Iúil 2007 le ceanglais alt 71 d’acht 1997 a chomhairliú dó agus ag iarraidh air mionsonraí ar a oifigeach cuí a sholáthar. Eisíodh litir mheabhrúcháin an 13 Feabhra 2008 lenar cuireadh in iúl dó go measfaí gurbh é a cheannaire a oifigeach cuí mura mbeadh aon oifigeach cuí ceaptha, agus mar gheall air sin, gurbh eisean/ise a bheadh freagrach as Ráiteas Síntiús bliantúil an pháirtí a chur ar fáil. Ní bhfuarthas aon fhreagra ón bpáirtí. Deacracht don Choimisiún um Chaighdeáin maidir leis seo ná nach sonraítear ar Chlár na bPáirtithe Polaitíochta cé hé nó cé hí an ceannaire ar pháirtí. Níorbh indéanta ag an gCoimisiún um Chaighdeáin a dhéanamh amach cé a d’fhéadfadh a bheith freagrach as Ráiteas Síntiús an pháirtí a chur ar fáil (agus gan oifigeach cuí ceaptha). Scríobh an Coimisiún um Chaighdeáin chuig Oifig Chláraitheoir na bPáirtithe Polaitíochta maidir leis na deacrachtaí a bhí aige le freagra a fháil ón bpáirtí polaitíochta seo.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|