- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Tuarascáil Bhliantúil 2007
Olltoghchán an tSeanaid 2007
De réir Alt 18.8 den Bhunreacht, caithfidh olltoghchán don Seanad tarlú tráth nach déanaí ná nócha lá tar éis lánscor na Dála. Eisíodh páipéir bhallóide do chomhaltaí den rolla an 9 Iúil 2007 agus cuireadh clabhsúr leis an vótaíocht an 23 Iúil 2007. Eisíodh páipéir bhallóide do na toghlaigh ollscoile an 19 Iúil 2007 agus cuireadh clabhsúr leis an vótaíocht an 24 Iúil 2007. Chuaigh 158 iarrthóir san iomaíocht sa toghchán (123 iarrthóir ar an rolla agus 35 iarrthóir ollscoile).
B’infheidhme forálacha na nAchtanna Toghcháin, maidir le síntiúis a nochtadh agus a theorannú, i leith gach iarrthóir ag olltoghchán an tSeanaid. Níl aon teorainneacha ann ar chaiteachas ag toghchán Seanaid agus ní cheanglaítear ar iarrthóirí cuntas a thabhairt ina speansais toghcháin. Ceanglaíodh ar iarrthóirí nár éirigh leo ag olltoghchán an tSeanaid, faoi cheann 56 lá tar éis an lá ar cuireadh clabhsúr leis an vótaíocht, Ráiteas Síntiús a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin chomh maith le cáipéisíocht a ghabhann leis. Ceanglaíodh ar iarrthóirí nár éirigh leo mionsonraí ar gach síntiús dá bhfuair siad i ndáil leis an toghchán, lenar ghabh luach ba mhó ná €634.87, a nochtadh. Ceanglaíodh ar iarrthóirí ar éirigh leo ag an toghchán, mar chomhaltaí Sheanad Éireann, Ráiteas Síntiús Bliantúil agus cáipéisíocht a ghabhann leis a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin faoi 31 Eanáir 2008.
Chuir an Coimisiún um Chaighdeáin tuarascáil ar fáil don Cheann Comhairle faoi olltoghchán an tSeanaid an 7 Feabhra 2008. Bhí sé le feiceáil sa tuarascáil gur nocht 16 den 105 iarrthóir nár éirigh leo agus ar ceanglaíodh orthu Ráiteas Síntiús a chur ar fáil, síntiús os cionn luach €634.87 agus gur chuir 89 iarrthóir nár éirigh leo Ráiteas Síntíús "nialasach" ar fáil. San iomlán, nochtadh síntiús ar luach €48,216.25. (Níor ceanglaíodh ar cheathrar iarrthóir nár éirigh leo, ar ainmnigh an Taoiseach chuig an Seanad ina dhiaidh iad, Ráiteas Síntiús a chomhlánú mar iarrthóirí nár éirigh leo. Ceanglaíodh ar na hiarrthóiri seo Ráiteas Síntiús a chomhlánú i gcomhair 2007 mar Chomhaltaí Sheanad Éireann).
Tá cóip de thuarascáil an Choimisiúin um Chaighdeáin ar thoghchán an tSeanaid ar fáil ar a shuíomh idirlín.