- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Tuarascáil Bhliantúil 2007
Olltoghchán na Dála 2007
Lánscoireadh an 29ú Dáil an 29 Aibreán 2007 agus ba é an 24 Bealtaine lá na vótaíochta; chuaigh 466 iarrthóir san iomlán san iomaíocht sa toghchán.
I mí Mhárta 2007, d’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin a threoirlínte don toghchán. Eisíodh iad seo go foirmiúil chuig iarrthóirí, gníomhairí toghcháin agus gníomhairí náisiúnta nuair a glaodh an toghchán. Sholáthair an Coimisiún um Chaighdeáin roinnt seisiún faisnéisiúcháin i rith 2006 agus go luath in 2007 do pháirtithe polaitíochta maidir le ceanglais na reachtaíochta a bheadh infheidhmithe i leith olltoghchán na Dála agus d’fhreagair roinnt iarratas ar chomhairle ó dhaoine a d’fhéadfadh a bheith ina rannpháirtithe sa toghchán. Nuair a glaodh an toghchán, thug foireann an Choimisiúin um Chaighdeáin cuairt ar dháilcheantair chun bualadh le gníomhairí toghcháin na n-iarrthóirí agus chun comhairle agus cúnamh a sholáthar maidir le ceanglais na reachtaíochta.
Ceanglaíodh ar iarrthóirí nár éirigh leo Ráiteas Síntiús agus cáipéisíocht a ghabhann leis a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin faoi 19 Iúil 2007. Ceanglaíodh orthu mionsonraí ar shíntiúis, lenar ghabh luach ba mhór ná €634.87, agus a fuarthas i ndáil leis an toghchán, a nochtadh. Ceanglaíodh ar iarrthóirí a d'éirigh leo, mar chomhaltaí Dháil Éireann, Ráiteas Bliantúil Síntiús a chur ar fáil chomh maith le cáipéisíocht a ghabhann leis don Choimisiún um Chaighdeáin faoi 31 Eanáir 2008.
Ceanglaíodh ar ghníomhaire toghcháin gach iarrthóir Ráiteas Speansas Toghcháin a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin faoi 19ú Iúil 2007. Bhí mionsonraí ar gach speansas toghcháin a tharraing na gníomhairí toghcháin orthu féin agus ar gach íocaíocht a rinne siad le haghaidh earraí, maoine nó seirbhísí a úsáideadh thar ceann an iarrthóra ag an toghchán i rith na tréimhse toghcháin (.i. ón dáta a lánscoireadh an Dáil an 29 Aibreán go dtí lá na vótaíochta an 24 Bealtaine) san áireamh sna Ráitis seo um Speansais Toghcháin. Ceanglaíodh ar ghníomhaire náisiúnta gach páirtí polaitíochta, a raibh iarrthóirí dá gcuid ag dul san iomaíocht sa toghchán, Ráiteas Speansas Toghcháin a chur ar fáil freisin ach oiread le "daoine eile" a tharraing speansais toghcháin orthu féin. Rinne rúnaíocht an Choimisiúin um Chaighdeáin gach dícheall le cabhrú le gníomhairí toghcháin, gníomhairí náisiúnta agus "daoine eile" lena bhfoirmeacha a chomhlánú.
Chuir an Coimisiún um Chaighdeáin tuarascáil ar olltoghchán na Dála ar fáil don Cheann Comhairle an 13 Nollaig 2007. Bhí sé le feiceáil sa tuarascáil gur tarraingíodh speansais toghcháin €11.08M thar ceann iarrthóirí agus páirtithe polaitíochta ag an toghchán. B’ionann é seo agus méadú 20% nach mór ar an bhfigiúr a tuairiscíodh le haghaidh olltoghchán na Dála 2002. Léiríodh, leis an bhfigiúr seo, caiteachas ar mhaoin, earraí nó ar sheirbhísí a úsáideadh chun críocha toghcháin i rith na tréimhse toghcháin agus i rith na tréimhse sin amháin. Níor ceanglaíodh ar dhaoine cuntas a thabhairt i gcaiteachas ar mhaoin, earraí nó ar sheirbhísí a úsáideadh roimh an tréimhse toghcháin. Ní dheachaigh aon iarrthóir nó pháirtí polaitíochta os cionn na dteorainneacha reachtúla caiteachais. Cháiligh 300 iarrthóir le haghaidh aisíocaíochta ina gcuid speansas toghcháin. Ba é an tsuim iomlán a bhí iníoctha leis na hiarrthóirí seo ná €2.64M.
Nocht 103 iarrthóir nár éirigh leo síntiúis lenar ghabh luach €0.53M san iomlán. Chuir 196 iarrthóir nár éirigh leo ráiteas "nialasach" isteach. Loic beirt iarrthóir Ráiteas Síntiús a chur ar fáil, rud atá ina chion faoi alt 25(1)(c) d’Acht 1997.
Chuir an Coimisiún um Chaighdeáin 14 chomhad ar aghaidh chuig na Gardaí i ndáil le daoine a sháraigh na hAchtanna Toghcháin ag an toghchán. Bhain naoi gcinn díobh seo le teip le Ráiteas Síntiús a chur ar fáil; ceithre chinn le teip Ráiteas Speansas Toghcháin a chur ar fáil (triúr gníomhaire toghcháin agus "duine eile" amháin) agus bhain ceann amháin le hiarrthóir a loic cáipéisíocht ábhartha a sholáthar dá gníomhaire toghcháin. Fuarthas cáipéisíocht reachtúil i ngach ceann de na cáis seo seachas triúr agus níor tionscnaíodh aon ionchúiseamh i leith na gcionta.
Sna trí chás a bhí i gceist, ní bhfuarthas an cháipéisíocht reachtúil riachtanach go fóill ón Uas. Thomas King (iarrthóir nár éirigh leis agus gníomhaire toghcháin), ón Uas. Jim Tallon (iarrthóir nár éirigh leis agus gníomhaire toghcháin) agus ón Uas. Michael Canney (a ghníomhaigh thar ceann an Fheachtais le Teamhair a Shábháil). I gcás an Uas. King, chuir na Gardaí in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin gur comhlánaíodh na foirmeacha agus mhol an tArd-Cheannfort i nGaillimh, gan aon ionchúiseamh a thionscnamh. Ag tráth scríofa na tuarascála seo, ní raibh na foirmeacha faighte go fóill. I gcás an Uas. Tallon, chinn an SIP nach raibh ionchúiseamh riachtanach ar mhaithe le leas an phobail. I ndáil leis an Uas. Canney, tuigeann an Coimisiún um Chaighdeáin nach bhfuil an t-imscrúdú curtha i gcrích go fóill.
Ina thuarascáil, thagair an Coimisiún um Chaighdeáin do roinnt iarrthóirí agus gníomhairí toghcháin eile agus "daoine eile" freisin, nach raibh a gcuid cáipéisíochta reachtúla tugtha chun críche. Is é an staid i ndáil leis na daoine seo ag tráth scríofa na tuarascála ná é seo a leanas:
1. an Uas. Evelyn Cawley. (iarrthóir nár éirigh léi, Neamhspleách, Cill Mhantáin)
Fuarthas Ráiteas Síntiús leasaithe ón Uas. Cawley an 13 Nollaig 2007 agus leagadh faoi bhráid Thithe an Oireachtais é an 22 Eanáir 2008.
2. an tUas. Jim McGarry, Comhairleoir (iarrthóir nár éirigh leis, Páirtí an Lucht Oibre, Sligeach / Liatroim Thuaidh)
Fuarthas ráiteas bainc i ndáil le cuntas síntiús polaitíochta an Chomhairleora McGarry an 20 Nollaig 2007. Chuir an Comhairleoir McGarry in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin gur sheol sé an ráiteas bainc ar aghaidh i mí Lúnasa 2007. Ní raibh aon taifead ag an gCoimisiún um Chaighdeáin go bhfuair sé é seo. Fuarthas an síntiús, a d’fhág go raibh ar an gComhairleoir McGarry cuntas síntiús polaitíochta a oscailt, tar éis lá na vótaíochta. Ó thaobh an dlí de, níor ceanglaíodh ar an gComhairleoir McGarry an síntiús seo a nochtadh nó mionsonraí a bhain lena chuntas síntiús polaitíochta a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin. Agus é sin déanta aige áfach, b’éigean don Choimisiún um Chaighdeáin cóip den ráiteas bainc a fháil.
3. an Uas. Trish Forde-Brennan (iarrthóir nár éirigh léi a ghníomhaigh mar a gníomhaire toghcháin féin freisin, Comhaontas Glas, Luimneach Thoir)
Thuairiscigh an Coimisiún um Chaighdeáin nach raibh Ráiteas leasaithe um Speansais Toghcháin faighte aige ón Uas. Forde-Brennan. Fuair an Coimisiún um Chaighdeáin amach ina dhiaidh sin go bhfuarthas foirm leasaithe an Uas. Forde-Brennan don Ráiteas Speansas Toghcháin an 18 Deireadh Fómhair 2007 agus gur cuireadh san áit chontráilte é. Ghabh an Coimisiún um Chaighdeáin leithscéal leis an Uas. Forde-Brennan faoin earráid seo agus as aon mhíchaoithiúlacht nó náire a d'fhéadfadh a bheith uirthi de thoradh na tagairte di ina thuarascáil. Leagadh foirm leasaithe an Uas. Forde-Brennan don Ráiteas um Speansais Toghchain os comhair Thithe an Oireachtais an 15 Feabhra 2008.
4. An tUas. Felim McDonnell – gníomhaire toghcháin don Uas. Margaret Cox (Neamhspleách, Gaillimh Thiar)
Fuarthas Ráiteas leasaithe um Speansais Toghcháin ón Uas. McDonnell an 31 Eanáir 2008 agus leagadh faoi bhráid Thithe an Oireachtais é an 1 Feabhra 2008.
5. An tUas. David Williams gníomhaire toghcháin don Uas. Madeleine Taylor Quinn (Fine Gael, an Clár)
Fuarthas na soiléirithe riachtanacha ar deireadh ón Uas. Williams an 25 Feabhra 2008 agus leagadh a fhoirm don Ráiteas Speansas Toghcháin faoi bhráid Thithe an Oireachtais ar an lá céanna.
6. Dr John F. Corish (Neamhspleách, Cill Dara Thuaidh)
Ní bhfuarthas soiléiriú agus sonrasc/admháil a bhí fós amuigh i ndáil le mír chaiteachais. I bhfianaise na fírice nach raibh aon aisíocaíocht i speansais toghcháin dlite don Dr Corish, chinn an Coimisiún um Chaighdeáin gan leanúint leis an scéal a thuilleadh.
7. An tUas. Niall Kelleher (gníomhaire toghcháin don Uas Tom Fleming, Fianna Fáil, Ciarraí Theas)
Chuir an Coimisiún um Chaighdeáin in iúl don ghníomhaire toghcháin agus don iarrthóir nach bpróiseáilfí an aisíocaíocht i speansais toghcháin a bhí dlite don iarrthóir go dtí pé tráth go bhfaighfí sonraisc/admhálacha a bhí fós amuigh. Tá an aisíocaíocht fós le próiseáil.
8. An tUas. Barry Kennedy (gníomhaire toghcháin do Paudie Coffey, Seanadóir, Fine Gael, Port Láirge)
Chuir an Coimisiún um Chaighdeáin in iúl don ghníomhaire toghcháin agus don iarrthóir nach bpróiseáilfí an aisíocaíocht i speansais toghcháin a bhí dlite don iarrthóir go dtí pé tráth go bhfaighfí sonraisc/admhálacha a bhí fós amuigh. Tá an aisíocaíocht fós le próiseáil.
Moltaí
Rinne an Coimisiún um Chaighdeáin roinnt moltaí ina thuarascáil maidir leis an mbealach go bhféadfaí na hAchtanna Toghcháin a fheabhsú. Mhol sé ach go háirithe go ndéanfaí athbhreithniú ar fhad na tréimhse toghcháin ionas go seachnófaí iarrthóirí a bheith ag caitheamh mhórchuid a gcaiteachais toghcháin roimh an tréimhse seo. Luaigh sé go bhfuil úsáid chistí poiblí chun críocha toghcháin ina saincheist mhór a chaithfear a athmheas agus athruithe amach anseo ar an reachtaíocht toghcháin á mbreithniú. Mhol sé gurbh fhearr mar a chinnteofaí go mbeadh cothrom na féinne ag gach iarrthóir ach soiléire den sórt sin a sholáthar faoi chuimsiú raon an chóid toghcháin, seachas mar chuid de reachtaíocht eile, ar rí-léir go ngabhann cuspóir ar leithligh ar fad léi (Acht Choimisiún Thithe an Oireachtais 2006). Mhol sé freisin go bhfuil sárdheis ar fáil chun athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar an reachtaíocht de bharr go bhfuiltear ag beartú Coimisiún Toghcháin a bhunú, faoi mar a leagadh amach sa chlár reatha don rialtas. (Moltar é seo i dtuarascáil na hOFDCD freisin maidir le holltoghchán na Dála inar mhol sé "go bhféadfadh údaráis na hÉireann cuimhneamh, ar bhealach fiúntach, ar an reachtaíocht toghcháin a chomhdhlúthú chun a inrochtaineacht a bhreisiú tuilleadh agus chun éascú leis an reachtaíocht a chur i ngníomh").
Tá tuarascáil an Choimisiúin um Chaighdeáin ar an olltoghchán ar fáil ar a shuíomh idirlín.