Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Tuarascáil Bhliantúil 2007

Achtanna Toghcháin

Is iad príomhchuspóirí Acht Toghcháin 1997 (Acht 1997), faoi mar a leasaíodh, (mar a tagraíodh thíos, na hAchtanna Toghcháin) ná chun foráil le haghaidh:

  1. páirtithe polaitíochta, Teachtaí Dála, Seanadóirí, Feisirí Eorpacha, iarrthóirí ag toghcháin agus tríú páirtithe a bheith ag glacadh le síntiúis pholaitíochta agus síntiúis pholaitíochta a nochtadh;
  2. cuntais síntiús polaitíochta a bheith á n-oscailt agus á gcoinneáil ar bun;
  3. speansais toghcháin ag toghcháin Dála, Eorpacha agus uachtaránachta a bheith á dteorannú, á nochtadh agus á n-aisíoc; agus
  4. airgeadas Stáit a bheith á sholáthar do pháirtithe cáilithe (pléitear leis seo i gCaibidil 4).

Rinne an Coimisiún um Chaighdeáin maoirseacht i rith 2007 ar an mbealach a chomhlíon rannpháirtithe ag olltoghcháin na Dála agus an tSeanaid na hAchtanna Toghcháin. Rinne an Coimisiún um Chaighdeáin maoirseacht ar an mbealach a chomhlíon Teachtaí Dála, Seanadóirí & Feisirí Eorpacha, páirtithe polaitíochta agus a n-aonaid chuntasaíochta agus "tríú páirtithe" na hAchtanna Toghcháin freisin.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|