Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Tuarascáil Bhliantúil 2007

Raon feidhme na nAchtanna um Eitic

Ó 1994, rinne an tAire Airgeadais uasdátú go bliantúil ar na rialacháin lena bhforordaítear poist ainmnithe i Ranna agus Oifigí na Státseirbhíse agus stiúrthóireachtaí ainmnithe agus poist ainmnithe in eagraíochtaí sa státseirbhís ar bhonn níos leithne. Leathnaíodh raon feidhme na nAchtanna um Eitic go mór dá bharr seo. Tá méadú tagtha ar líon na gcomhlachtaí poiblí sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí ina bhfuil stiúrthóireachtaí agus/nó poist forordaithe chun críocha na nAchtanna um Eitic ó líon ba lú ná 150 in 2004 go dtí thart faoi 530 in 2007. D’fháiltigh an Coimisiún um Chaighdeáin roimh na forbairtí seo i dtuarascálacha bliantúla roimhe seo.

Beartaíodh go ndéanfadh an tAire rialacháin cosúil leo siúd in 2007, le dul i bhfeidhm ó 1 Eanáir 2008, chun an reachtaíocht a leathnú amach go gclúdófaí amuigh is istigh ar 20 comhlacht poiblí eile. Ní dhearnadh na rialacháin seo áfach. Tuigtear gur tharla seo toisc gur comhchruinníodh acmhainní sa Roinn Airgeadais le díriú ar obair a bhainean leis an mBille um Eitic in Oifigí Poiblí (Leasú) 2007 (féach Caibidil 4). Cé go nglacann an Coimisiún um Chaighdeáin go bhfuil obair den sórt sin riachtanach, tá béim leagtha air seo aige i dtuarascálacha bliantúla roimhe seo go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach ar fad go gcoinneofar na rialacháin cothrom le dáta ionas go ndéileáilfear le coimhlintí leasa a d’fhéadfadh tarlú, agus le fíorchoimhlintí leasa, go cuí. Tá sé tugtha le fios go neamhfhoirmiúil ag an Roinn Airgeadais don Choimisiún um Chaighdeáin go dtabharfaidh an tAire rialacháin leasaithe isteach go luath. Tá imní ar an gCoimisiún um Chaighdeáin áfach nach bhfuil na rialacháin déanta agus áitíonn sé ar an Aire a chinntiú go n-áireofar iad seo mar thosaíocht go cuí.

Is mian leis an gCoimisiún um Chaighdeáin béim a leagan ar an ngá go gcinnteodh comhlachtaí poiblí go gcuirfear a bhfreagrachtaí in iúl do dhaoine, a bhfuil oibleagáidí faoi na hAchtanna um Eitic orthu i ndáil le leasanna a nochtadh nó i ndáil le fianaise a sholáthar gur comhlíonadh reachtaíocht chánachais, in am trátha go bhféadfaidh siad na hoibleagáidí a chomhlíonadh. Ba chóir an fhaisnéis chuí a thabhairt do gach stiúrthóir ainmnithe agus fostaí ainmnithe maidir lena n-oibleagáidí mar chuid den oiliúint ionduchtúcháin agus ba chóir go mbeadh nósanna imeachta struchtúrtha ann le leanúint suas leis an oiliúint, uair sa bhliain ar a laghad, leis na céimeanna, nach mór a ghlacadh lena chinntiú go gcomhlíonfar an reachtaíocht, a mheabhrú dóibh. Bíonn an Coimisiún um Chaighdeáin ar fail chun cabhrú leis an bpróiseas seo agus chun treoir agus comhairle dhíreach a sholáthar maidir le haon saincheist shonrach a bhaineann le forálacha na nAchtanna um Eitic faoi mar a d'fhéadfaidís a bheith infheidhmithe i leith stiúrthóirí agus fhostaithe ainmnithe aonair.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|