Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Tuarascáil Bhliantúil 2007

Imréiteach cánach

Forálacha maidir leis an Imréiteach Cánach – Comhaltaí Tofa

Ceanglaíodh ar chomhaltaí a toghadh chuig Dáil Éireann agus Seanad Éireann i rith 2007 fianaise gur chomhlíon siad rialacháin chánach a sholáthar don Choimisiún um Chaighdeáin faoi cheann naoi mí ón dáta ar ar fógraíodh gur toghadh na comhaltaí. Sa chás gur loic comhalta an fhianaise, gur comhlíonadh rialacháin chánach, a sholáthar laistigh de na teorainneacha ama a sonraíodh, is faoin gCoimisiún um Chaighdeáin a bhí sé a chinneadh cé acu an imscrúdófaí an scéal, agus aon tuarascáil a thiocfadh dá bharr a sholáthar don Choiste um Leasanna Chomhaltaí Dháil nó Sheanad Éireann, de réir mar is cuí. Is faoi gach Coiste um Leasanna Comhaltaí a bheadh sé, dá soláthródh an Coimisiún um Chaighdeáin tuarascáil den sórt sin dó, tuarascáil an imscrúdaithe a leagan faoi bhráid Theach ábhartha an Oireachtais. Ag tráth scríofa na tuarascála seo, bhí an Coimisiún um Chaighdeáin ag breithniú na ceiste maidir leis na forálacha seo a bheith comhlíonta ag comhaltaí a toghadh in 2007.


An Seasamh i ndáil leis an iar-Theachta Michael Collins

Ina thuarascálacha bliantúla i gcomhair 2003, 2004 agus 2005, leag an Coimisiún um Chaighdeáin amach an seasamh i ndáil le hiar-Theachta Michael Collins agus na céimeanna a ghlac sé de bharr cheanglais Acht 2001 maidir le fianaise gur comhlíonadh na hAchtanna Cánach. Mar achoimre, sholáthair Teachta Collins Teastas Imréitigh Chánach agus Dearbhú Reachtúil don Choimisiún um Chaighdeáin an 14 Meitheamh 2002 chun na ceanglais seo a chomhlíonadh. Ina dhiaidh sin, an 26 Meán Fómhair 2003, foilsíodh a ainm in Iris Oifigiúil mar shealbhóir cuntais neamhchónaithigh bhréagaigh. Ní raibh aon chumhachtaí ag an gCoimisiún um Chaighdeáin, d’uireasa gearáin, le himscrúdú a dhéanamh ar ghníomhartha an Teachta Collins, mar chomhalta Dháil Éireann nach raibh ina shealbhóir oifige. Tharraing sé aird an Choiste um Leasanna Chomhaltaí Dháil Éireann ar an scéal, mar an comhlacht a bhfuil sé de chúram air, faoi na hAchtanna um Eitic, maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic maidir le comhaltaí Dháil Éireann nach sealbhóirí oifige iad. Chuir an Coimisiún um Chaighdeáin an scéal ar aghaidh chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (SIP) freisin le go mbreithneodh sé an raibh aon chion déanta ag Teachta Collins.

Ina dhiaidh sin, chinn an Coiste um Leasanna Chomhaltaí Dháil Éireann trí rún gur chóir don Choimisiún um Chaighdeáin imscrúdú a dhéanamh. Rinne Cathaoirleach an Choiste gearán i scríbhinn leis an gCoimisiún um Chaighdeáin maidir leis an scéal. Chuir an Coimisiún um Chaighdeáin tús le himscrúdú ar an ngearán agus cuireadh Teachta Collins ar an eolas dá réir. Lena chois sin, chuir Oifig an SIP in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin go raibh an cheist curtha ar aghaidh aige chuig an nGarda Síochána lena imscrúdú.

I Meitheamh 2004, tar éis dearcaí a léiríodh i gcomhfhreagras ón SIP a bhreithniú chomh maith le breathnadóireachtaí a thug Teachta Collins dó, chinn an Coimisiún um Chaighdeáin a imscrúdú faoin ngearán a chur siar go dtí pé tráth go ndéileálfadh an SIP leis an gcás. Phléadáil an tUas. Collins ciontach i gcúiseamh go bhfuair sé deimhniú imréitigh chánach le dúmas bréige. Gearradh fíneáil €25,000 air agus tugadh pianbhreith phriosúin fhionraithe ar feadh 12 mhí dhéag dó.

Chuimhnigh an Coimisiún um Chaighdeáin cé acu ar chóir leanúint ar aghaidh leis an imscrúdú, a bhí curtha ar fionraí. Chinn sé gan dul ar aghaidh lena imscrúdú toisc go raibh comhaltacht Dála an Uas. Collins dulta in éag. Chuir sé a chinneadh gan dul ar aghaidh leis an imscrúdú in iúl don Uas. Collins agus don Choiste um Leasanna Chomhaltaí Dháil Éireann.


Forálacha maidir le hImréiteach Cánach – á gcomhlíonadh ag daoine a cheaptar in oifig shinsearach

Is mian leis an gCoimisiún um Chaighdeáin an gá a lua arís eile go gcuirfidh comhlachtaí na seirbhíse poiblí nósanna imeachta i bhfeidhm chun stiúrthóireachtaí nó poist, a thiocfadh faoi chuimsiú an tsainmhínithe ar "phoist shinsearaigh", a aithint agus le daoine a cheaptar i bpoist den sórt sin a chur ar an eolas faoina n-oibleagáidí, rud ab fhearr a dhéanamh tráth a bhfuil ceapachán á thairiscint.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|