Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Tuarascáil Bhliantúil 2007

Cóid iompraíochta

Forálann Alt 10 d’Acht 2001 le haghaidh cóid iompraíochta a thabhairt isteach i gcomhair na gcatagóirí seo a leanas, tar éis comhairliúcháin leis an gCoimisiún um Chaighdeáin:

  • comhaltaí dhá Theach an Oireachtais;
  • sealbhóirí oifige;
  • seirbhísigh phoiblí.

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin cóid iompraíochta in 2002 do chomhaltaí dhá Theach an Oireachtais, faoi mar a bhí curtha le chéile ag na Coistí um Leasanna Chomhaltaí Dháil Éireann agus Sheanad Éireann.

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin an Cód Iompraíochta do Shealbhóirí Oifige, faoi mar a chuir an Rialtas le chéile é, an 3 Iúil 2003.

Eisíodh Cód Caighdeán agus Iompair na Státseirbhíse, faoi mar a chuir an tAire Airgeadais le chéile é, trí chiorclán 26/04 an 9 Meán Fómhair 2004 agus d’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin ina dhiaidh sin é.

I ngach Tuarascáil Bhliantúil ó 2003, thagair an Choimisiúin um Chaighdeáin dá chomhairliúcháin leis an Roinn Airgeadais maidir le cóid iompraíochta do chomhlachtaí poiblí sa tseirbhís phoiblí ar bhonn níos leithne. Níl heol don Choimisiún um Chaighdeáin go ndearnadh aon dul chun cinn in 2007 maidir le cód den sórt sin a fhorbairt. Ina thuarascáil Bhliantúil i gcomhair 2005, luaigh sé comhairle a chuir an Roinn Airgeadais air i gcomhráite léi go raibh cuimhneamh ar chóid iompraíochta ar leithligh i gcomhair na n-earnálacha tráchtála agus neamhthráchtála. Ní raibh aon chor eile sa scéal ina dhiaidh maidir leis seo áfach.

Ina Thuarascáil Bhliantúil i gcomhair 2006, chuir an Coimisiún um Chaighdeáin in iúl go raibh sé buartha faoin moill maidir le forálacha Alt 10 d’Acht 2001 a chur i ngníomh do stiúrthóirí agus fhostaithe comhlachtaí poiblí seachas comhlachtaí sa Státseirbhís, agus luaigh an teip leis na prionsabail ghinearálta iompraíochta agus ionracais, ar chóir do dhaoine den sórt sin cloí leo agus a bhfeidhmeanna á bhfeidhmiú acu, a leagan amach agus go raibh seans maith go bhféadfadh deacrachtaí teacht de thoradh na teipe sin sa chás go dtiocfadh saincheisteanna chun cinn amach anseo maidir le feidhmíocht den sórt sin. Luadh freagra an Aire Airgeadais, ar mholadh an Choimisiúin um Chaighdeáin leis an bhforáil maidir le "gníomh sonraithe" a leasú, i gCaibidil 4 den tuarascáil seo. Thug an tAire le fios, agus é ag liostú na gcúiseanna a bhí aige le diúltú don mholadh sin, go bhfuil cóid iompraíochta ann cheana féin chun iompar eiticiúil chomhaltaí an Oireachtais, sealbhóirí oifige agus státseirbhíseach a threorú ina ngnó laethúil agus gur féidir leis an gCoimisiún um Chaighdeain na cóid seo a chur san áireamh agus cás, ina líomhnaítear gur sáraíodh an reachtaíocht, á imscrúdú aige.

Is amhlaidh áfach go dtreisíonn an fhíric, nach bhfuil cód nó cóid den sórt sin sa státseirbhís ar bhonn níos leithne, an bunús a bhí le dearcadh an Choimisiúin um Chaighdeáin, a cuireadh in iúl i dTuarascáil Bhliantúil 2006, is é sin, toisc nach bhfuil cód nó cóid reachtúla iompraíochta ann d’fhormhór mór na ndaoine sa státseirbhís, go bhféadfadh sin deacrachtaí tromchúiseacha a chruthú dó sa chás go dtiocfadh saincheist os a chomhair, trí ghearán leis, nó ar bhealach eile, faoi dhuine den sórt sin. Cé gurb infheidhme cóid reachtúla iompraíochta i leith státseirbhíseach agus fostaithe na n-údarás áitiúil, níl thart faoi 80% d’fhostaithe sa tseirbhís phoiblí faoi réir ag aon chód iompraíochta ar bith. Luann an Coimisiún um Chaighdeáin a dhearcadh láidir arís eile, gur chóir don Aire Airgeadais aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist seo go práinneach ionas go soláthrófar treoir eiticiúla chuí d'fhostaithe sa tseirbhís phoiblí.


Cód Iompraíochta do Shealbhóirí Oifige

Thuairiscigh an Coimisiún um Chaighdeáin ina Thuarascáil Bhliantúil i gcomhair 2006 faoi dhá shaincheist a bhain leis an gCód Iompraíochta do Shealbhóirí Oifige a tháinig de bhun a bhreithniúcháin ar dhá ghearán i gcoinne sealbhóirí oifige. Bhain siad seo le húsáid acmhainní poiblí i gcomhthéacs imeachtaí poiblí nó fógraíochta, agus le státseirbhísigh a bheith ag freastal ar chruinnithe páirtí pharlaiminte ar chuireadh ó airí. Scríobh an Taoiseach chuig sealbhóirí oifge i leith an dá shaincheist. Chuir sé in iúl do Dháil Éireann freisin i mí Dheiridh Fhómhair 2006, nuair a achtófar reachtaíocht chun na hAchtanna um Eitic a leasú chun déileáil le bronntanais do shealbhóirí oifige agus do chomhaltaí an Oireachtais, go mbreithneoidh an Rialtas, i gcomhairliúchán leis an gCoimisiún um Chaighdeáin, an gá leis an gcód iompraíochta a thabhairt cothrom le dáta, agus cibé tráth go mbeidh an cód le tabhairt cothrom le dáta, go léireofar ann an treoir bhreise a thug sé do shealbhóirí oifige, faoi mar a tagraíodh di thuas, agus aon treoir eile a d'fhéadfadh bheith ag teastáil de thoradh achtú na reachtaíochta leasaithí. Ag tráth scríofa na tuarascála seo, bhí an Bille Leasaitheach fós le rith – féach Caibidil 4. Déantar talamh slán de go gcuimhneofar ar athbhreithnithe ar an gcód tar éis achtú an Bhille.


Cód Caighdeán agus Iompair na Státseirbhíse

Faoi mar a tuairiscíodh i dTuarascáil Bhliantúil 2006, caithfidh an tAire Airgeadais cuimhneamh ar Chód Caighdeán agus Iompair na Státseirbhíse a leasú ionas go léireofar comhairle an Taoisigh do shealbhóirí oifige agus scríobh an Coimisiún um Chaighdeáin chuig an Roinn Airgeadais maidir leis sin.

I dTuarascáil Bhliantúil 2006, luaigh an Coimisiún um Chaighdeáin gur tharraing sé aird na Roinne ar neamhréireacht a bhí ann idir forálacha alt 20.2 de Chód Caighdeán agus Iompair na Státseirbhíse maidir le státseirbhísigh a bheith ag glacadh le ceapacháin sheachtracha nó le fruilíochtaí mar shainchomhairleoirí tar éis dóibh éirí as nó scor den obair, agus mar a léiríodh na forálacha sin san achoimre a soláthraíodh in aguisín a ghabh leis an gcód, a atáirgtear i Ciorclán 26/04 na Roinne Airgeadais.

Deirtear in Alt 20.2, inter alia,

"ní ghlacfaidh státseirbhísigh, a bhfuil poist acu ar poist ainmnithe iad chun críocha na nAchtanna um Eitic, le ceachtar den dhá ní thíos, faoi cheann dhá mhí dhéag ón tráth a n-éiríonn siad as nó a scoireann siad as an tseirbhís:

  • ceapachán a thairgeann fostóir lasmuigh den Statseirbhís nó
  • fruilíocht i dtionscadal sainchomhairliúcháin áirithe,

sa chás go bhféadfadh coimhlint leasa teacht de thoradh chineál agus théarmaí ceapachán nó fruilíocht den sórt sin, gan ceadú a fháil ón údarás cuí ar dtús faoi mar a leagadh amach ag 20.4".

Is mar seo a leanas a bhí an t-achoimre air seo san aguisín a ghabh leis an gCód áfach: "Ní ghlacfaidh státseirbhísigh le ceapachán, nó le tionscadal sainchomhairliúcháin áirithe, sa chás go gcreideann an státseirbhíseach atá i gceist go bhféadfadh coimhlint leasa teacht de thoradh chineál agus théarmaí ceapachán den sórt sin nó go bhfeicfí do dhaoine go mbeadh coimhlint leasa i gceist, gan ceadú Bhord na gCeapachán Lasmuigh nó an Ard-Rúnaí nó an Cheannasaí Oifige de réir mar is cuí, a fháil ar dtús".

Chuir an Coimisiún um Chaighdeáin in iúl don Roinn gur thug an tagairt do bharúil an státseirbhísigh san achoimre le tuiscint, go míthreorach, go bhfuil tástáil shuibiachtúil i gceist leis an bhforáil maidir le cé acu an bhfuil coimhlint leasa ann. Is léir gurb é an ní a bhforáiltear lena aghaidh sa chód áfach ná tástáil oibiachtúil, agus gurb é atá i gceist leis sin ná go bhféadfadh coimhlint leasa teacht de thoradh chineál agus théarmaí an cheapacháin nó na fruilíochta agus gurb idirdhealú tábhachtach é seo a gcaithfear státseirbhísigh a chur ar an eolas faoi nuair a bhíonn siad ag cuimhneamh ar aon tairiscint le haghaidh ceapacháin lasmuigh nó fruilíochta i dtionscadal sainchomhairliúcháin. Scríobh an Coimisiún um Chaighdeáin chuig an Roinn Airgeadais leis an bpointe sin a chur ar a súile di agus d'iarr go ndéanfaí an leasú cuí i gcomhthéacs uasdátaithe ar Chód Caighdeán agus Iompair na Státseirbhíse.

Ghlac an Roinn le dearcadh an Choimisiúin um Chaighdeáin ar an scéal. D’eisigh sé litir chuig Oifigigh Phearsanra i mí Iúil 2007 lena ndearnadh athbhreithniú ar achoimre an chóid ar aon dul lena fhorálacha substainteacha, ionas gur mar seo a leanas a bheadh sé:

"Ní ghlacfaidh státseirbhísigh, faoi cheann dhá mhí dhéag ón tráth a n-éiríonn siad as nó a scoireann siad as an Státseirbhís le ceapachán, nó le tionscadal sainchomhairliúcháin áirithe, sa chás go bhféadfadh coimhlint leasa teacht de thoradh chineál agus théarmaí ceapachán den sórt sin nó go bhfeicfí do dhaoine go mbeadh coimhlint leasa i gceist, gan ceadú Bhord na gCeapachán Lasmuigh nó an Ard-Rúnaí nó an Cheannasaí Oifige de réir mar is cuí, a fháil ar dtús."

Fáiltíonn an Coimisiún um Chaighdeáin roimh chinneadh na Roinne sa scéal seo. Tá téacs an achoimre ar an gcód leasaithe ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin.


Cóid Iompraíochta d'Údaráis Áitiúla

Ina Thuarascáil Bhliantúil i gcomhair 2006, thuairiscigh an Coimisiún um Chaighdeáin maidir le leasuithe a rinne an té a bhí ina Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil an tráth sin, an tUas. Dick Roche TD, ar an gcód iompraíochta d’fhostaithe na n-údarás áitiúil, maidir le fostaíocht tar éis do dhuine éirí as nó dul ar scor agus maidir le leasanna gnó lasmuigh.

Tagraíodh sa Tuarascáil Bhliantúil sin freisin do bhreathnadóireachtaí eile a rinneadh an Coimisiún um Chaighdeáin in 2004 roimhe sin, nár glacadh leo, maidir leis na dréachtchóid d'fhostaithe agus chomhaltaí na n-údarás áitiúil araon, inar luaigh sé gur thug an tAire leid in 2006 go raibh sé oscailte ina aigne le forálacha oiriúnacha a fhorbairt maidir le cosaint d'fhostaithe na n-údarás áitiúil a dhéanann gearáin. D'fháiltigh an Coimisiún um Chaighdeáin roimh an leid seo agus rinne an pointe don Roinn go bhfáilteodh sé roimh dheis le haon mholtaí mionsonraithe, a bhféadfadh an tAire a bheith ag cuimhneamh orthu, a scrúdú. Ní raibh aon chor eile sa scéal maidir leis seo ón tráth sin. Bheadh an Coimisiún um Chaighdeáin toilteanach cabhrú leis an Roinn agus í ag cuimhneamh ar mholtaí den sórt sin i gcomhthéacs an Pháipéir Ghlais, maidir le hathchóiriú an rialtais áitiúil, atá á ullmhú sa Roinn.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|