Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Tuarascáil Bhliantúil 2007

Gearáin i gcoinne stiúrthóirí ainmnithe

Fuair an Coimisiún um Chaighdeáin gearán maidir le gníomhartha bheirt chomhalta d’Údarás Forbartha Cheantar Dugaí Átha Cliath (ÚFCDÁC), an tUas. Lar Bradshaw agus an tUas. Seán Fitzpatrick, i bhfianaise a leasanna sa Bhanc Angla-Éireannach, atá ag soláthar maoiniúcháin le haghaidh roinnt scéimeanna i gceantar na ndugaí. Líomhain an gearánaí gur loic an bheirt chomhalta araon ráiteas a dhéanamh maidir le leas ábhartha faoi mar a cheanglaítear orthu a dhéanamh le halt 17 d’Acht 1995, roinnt uaireanta, de bharr chinntí a ghlac an tÚdarás agus a bhain le sraith fhorbairtí ar sholáthair an Banc Angla-Éireannach maoiniúchán dóibh. Tharla gach cinneadh den sórt sin tar éis 1 Eanáir 2006, dáta ar ar tháinig rialacháin i bhfeidhm lenar forordaíodh comhaltacht an Údaráis mar stiúrthóireacht ainmnithe chun críocha na nAchtanna um Eitic.

Bhain an gearán le cinntí cosúil leo a glacadh roimh 1 Eanáir 2005 freisin, lenar líomhnaíodh go ndearna an tUas. Bradshaw agus an tUas. Fitzpatrick "gníomh sonraithe", de bharr go raibh siad páirteach sa chinneadh, .i. gníomh atá ar neamhréir le feidhmeanna na stiúrthóireachta a bheith á bhfeidhmiú mar is ceart nó atá ar neamhréir le muinín an phobail ghinearálta i bhfeidhmíocht den sórt a choinneáil ar bun agus gur scéal lena mbaineann tábhacht suntasach poiblí é. Thagair an gearán maidir leis sin d'fhorálacha chód iompraíochta an ÚFCDÁC.

Ceanglaítear ar stiúrthóir ainmnithe ráiteas um leas ábhartha a chur ar fáil faoi alt 17 d’Acht 1995.

Chinn an Coimisiún um Chaighdeáin nach raibh aon bhonn ar a bhféadfaí a chinneadh gur daoine nasctha iad an tUas. Fitzpatrick agus an tUas. Bradshaw, eartarthu féin. Lena chois sin, ní raibh aon bhonn ar a bhféadfaí a chinneadh gur duine nasctha é an Banc Angla-Éireannach, i ndáil leis an Uas. Fitzpatrick ná leis an Uas. Bradshaw. Cé go mb'fhéidir gurb amhlaidh go raibh líon suntasach scaireanna ag an mbeirt sa bhanc, ní raibh aon fhianaise ann go raibh ‘smacht’ ag ceachtar acu ar an mbanc. Thairis sin, ní raibh aon fhianaise ann go raibh sé de thoradh ná d’éifeacht ag toradh nó éifeacht aon cheann de na cinntí a ndearnadh gearán ina leith, gur tugadh sochar suntasach don Uas. Fitzpatrick nó don Uas. Bradshaw go pearsanta, gan sochar den sórt sin a bheith á thabhairt d’aicme daoine, atá ar mhéid shuntasach agus aird á tabhairt ar na cúinsí ar fad, agus arb aicme é a bhfuil an bheirt ina mball de. Dá réir sin, chinn an Coimisiún um Chaighdeáin nach raibh aon fhorais ann le himscrúdú a thionscnamh ar shárú arna dhéanamh ag an Uas. Fitzpatrick ná ag an Uas. Bradshaw ar alt 17 d’Acht 1995.

Bhreithnigh an Coimisiún um Chaighdeáin an líomhain sa ghearán freisin go raibh ‘gníomh nó gníomhartha sonraithe' déanta ag an Uas. Bradshaw agus ag an Uas. Fitzpatrick de bharr gur loic siad cloí le cód iompraíochta an Údaráis. Chinn sé nach raibh aon bhonn ann le cinneadh go raibh ‘gníomh nó gníomhartha sonraithe’ déanta ag ceachtar duine. I bhfianaise a bhreithniúcháin ar an ngearán faoi mar a leagadh amach thuas, chinn an Coimisiún um Chaighdeáin nach raibh údar ann le himscrúdú a thionscnamh faoi na hAchtanna um Eitic ar na cúrsaí a tarraingíodh anuas sa ghearán.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|