- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Tuarascáil Bhliantúil 2007
Gearáin i gcoinne chomhaltaí údaráis áitiúil
Imsrúdú ar Ghearán i gcoinne bheirt Chomhairleoir de Chomhairle Bhaile Chill Airne
Fuair an Coimisiún um Chaighdeáin gearán ó Bhainisteoir Baile Chomhairle Baile Chill Airne i mí na Bealtaine 2006 maidir le cáis inar líomhnaíodh gur sháraigh na Comhairleoirí Patrick O'Donoghue agus Sheila Casey Cuid 15 d'Acht Rialtais Áitiúil 2001. Bhain na sáruithe líomhnaithe le rún le talamh a athchriosú ag Talamh Gleneagle, Cill Airne, a ndearna Comhairle Bhaile Chill Airne díospóireacht agus vótáil faoi an 6 Márta 2006. Tar éis tuarascáil ó Oifigeach Fiosrúcháin a bhreithniú, chinn an Coimisiún um Chaighdeáin go raibh údar ann le himscrúdú.
Reáchtáladh éisteacht don imscrúdú in oifigí an Choimsiúin um Chaighdeáin an 26 Márta 2007. Leagadh sáruithe a líomhnaíodh go ndearnadh ar Chuid 15 d'Acht Rialtais Áitiúil 2001, agus líomhaintí faoi "gníomhartha sonraithe" a rinne na Comhairleoirí O'Donoghue agus Casey, amach i ráiteas na sáruithe. Chuala an Coimisiún um Chaighdeáin aighneachtaí dlíthiúla thar a cheann féin agus thar ceann na gComhairleoirí O'Donoghue agus Casey i ndáil le Ráiteas na Sáruithe Líomhnaithe ar thacaigh Ráiteas na bhFíricí Comhaontaithe leo. Chuala an Coimisiún um Chaighdeáin ráiteas oscailte óna abhcóide féin, agus fianaise faoi mhionn ó na Comhairleoirí O'Donoghue agus Casey ina dhiaidh agus aighneachtaí deiridh óna abhcóide féin agus ón abhcóide do na Comhairleoirí O'Donoghue agus Casey
Faoin Acht um Eitic, caithfidh an Coimisiún um Chaighdeáin tuarascáil a ullmhú lena leagfar amach an méid a fuair sé amach agus a chinntiúcháin maidir le cé acu ar sáraíodh na hAchtanna um Eitic nó, faoi mar a bhí i gceist leis an gcás seo, Cuid 15 d'Acht Rialtais Áitiúil 2001. Sa chás go gcinneann sé gur tharla sárú, caithfidh sé a dhéanamh amach cé acu an bhfuil an sárú ag leanúint ar aghaidh, an ndearnadh an sárú gan chuimhneamh, go neamhaireach nó d’aon turas, cé acu an sárú tromchúiseach nó mionsárú a bhí ann, agus cé acu ar ghníomhaigh an duine le dea-rún agus é/í cinnte go raibh treoirlínte nó comhairle an Choimisiúin um Chaighdeáin á gcomhlíonadh aige/aici.
D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin a thuarascáil faoin imscrúdú i mí na Bealtaine 2007. Leagadh amach an méid a fuair sé amach agus a chinntiúcháin sa tuarascáil i leith gach sárú dá líomhnaíodh. Fuair sé gur sháraigh an Comhairleoir O'Donoghue forálacha Chuid 15 d'Acht Rialtais Áitiúil 2001 agus gur ghníomhaigh sé agus gan aird aige ar an gCód Iompraíochta do Chomhairleoirí. Fuair sé gur sáruithe a rinneadh gan chuimhneamh dhá cheann de na sáruithe agus gur mionsáruithe a bhí i gceist leo, ach go ndearnadh ceann amháin d'aon turas agus gur ceist thromchúiseach a bhí ann, agus go ndearnadh ceann amháin go faillíoch agus gur ceist thromchúiseach a bhí ann sin freisin. Fuair an Coimisiún um Chaighdeáin nár sháruithe leanúnacha iad na sáruithe. Fuair an Coimisiún um Chaighdeáin freisin nach le dea-rún a ghníomhaigh an Comhairleoir O'Donoghue i ndáil leis an scéal.
Fuair an Coimisiún um Chaighdeáin nach ndearna an Comhairleoir O’Donoghue "gníomh sonraithe" toisc nár cheist lenar bhain tábhacht suntasach poiblí an rud a bhí i gceist leis an sárú líomhnaithe, toisc nach bhféadfaí na tailte a bhí i gceist a athchriosú gan cheadú oifigigh na Comhairle, ceadú nach dócha a bheadh ag teacht agus cúinsí mar a bhí.
I ndáil leis an gComhairleoir Sheila Casey, ní raibh an Coimisiún um Chaighdeáin sásta go ndearnadh amach gur sháraigh sí forálacha Chuid 15 d’Acht Rialtais Áitiúil 2001. Chun a dhéanamh amach go raibh forálacha Chuid 177 d’Acht Rialtais Áitiúil 2001 sáraithe ag an gComhairleoir Sheila Casey, chaithfeadh an Coimisiún um Chaighdeáin a bheith sásta, ar chothrom na dóchúlachta, go raibh eolas iarbhír ag an gComhairleoir Casey, mar fhostaí mhuintir O’Donoghue, gur duine í ag a raibh leas airgid nó leas tairbheach eile sa rún agus/nó a bhainfeadh leis an rún leis na tailte a athchriosú, arbh iad ábhar an rúin a bhí os comhair Chomhairle Baile Chill Airne. Ní raibh an Coimisiún um Chaighdeáin sásta, ar chothrom na dóchúlachta agus ar bhonn na fianaise a bhí os a chomhair, go ndearnadh amach go raibh eolas iarbhír ag an gComhairleoir Sheila Casey gur duine í ag a raibh leas airgid nó leas tairbheach eile sa rún agus/nó a bhainfeadh leis an rún leis na tailte a athchriosú. Ní raibh an Coimisiún sásta ach oiread, ar chothrom na dóchúlachta agus ar bhonn na fianaise a bhí os a chomhair gur loic an Comhairleoir Casey caighdeáin chuí ionracais, iompraíochta agus airde ar leas an phobail a choinneáil ar bun agus go raibh, mar "dhuine sonraithe", a hiompraíocht ar neamhréir lena feidhmeanna mar chomhairleoir a bheith á bhfeidhmiú mar ba cheart aici.
I gconclúid a thuarascála faoin imscrúdú, dúirt an Coimisiún um Chaighdeáin, de dheasca na nithe a fuair sé amach maidir leis an gComhairleoir Sheila Casey, gur mheas sé gur chóir d’oifigigh na comhairle forálacha na Creatlaí um Eitic don tSeirbhís Rialtais Áitiúil agus an Chóid Iompraíochta do Chomhairleoirí a mheabhrú do chomhairleoirí ag tús gach cruinniú comhairle ina mbeadh cúrsaí pleanála ar an gclár oibre. Thug sé le fios go raibh an dualgas leis na forálacha seo a chomhlíonadh ar an gcomhalta aonair den chomhairle.
Sheol an Coimisiún um Chaighdeáin a thuarascáil chuig an mbeirt chomhairleoir a bhí i gceist, chuig an údarás áitiúil agus chuig an Aire Airgeadais agus chuig an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil freisin.
Foráiltear sna hAchtanna um Eitic, sa chás, dar leis an gCoimisiún um Chaighdeáin, go bhféadfadh cion a bheith déanta ag duine, a bhfuil imscrúdú á dhéanamh ina leith, a bhaineann le feidhmiú a f(h)eidhmeanna, go n-ullmhóidh an Coimisiún um Chaighdeáin tuarascáil i scríbhinn i ndáil leis an scéal agus cuirfidh sin ar fáil don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí. Agus an scéal breithnithe aige agus clabhsúr á chur lena imscrúdú aige, mheas an Coimisiún um Chaighdeáin go bhféadfadh cionta faoin Acht Rialtais Áitiúil a bheith déanta ag an gComhairleoir O'Donoghue. Chuir sé tuarascáil ar an scéal ar aghaidh chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí mar sin. Níor chuir an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin, tráth scríofa na tuarascála seo, go raibh aon chinneadh déanta i ndáil le himeachtaí a thionscnamh i gcion i leith na gcúrsaí thuas.
Tá tuarascáil an imscrúdaithe, lena n-áirítear an trascríobh ar éisteacht an imscrúdaithe, ar fáil ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin.
Gearáin i gcoinne iar-Chomhairleoirí agus Comhairleoirí reatha Chomhairle Chontae Chill Mhantáin
Fuair an Coimisiún um Chaighdeáin dhá litir ghearáin ón mBainisteoir Contae agus ó Chathaoirleach Chomhairle Chontae Chill Mhantáin a bhain le gearáin a rinneadh le Cláraitheoir Eitice na Comhairle faoi cháis inar líomhnaíodh gur sháraigh Comhairleoirí reatha agus iar-Chomhairleoirí Cuid 15 d’Acht Rialtais Áitiúil 2001.
A. Bhí gearán déanta ag an iar-Chomhairleoir (Seanadóir anois) Deirdre de Búrca faoi:
- teip líomhnaithe an Chomhairleora Edward Timmins agus an Teachta (iar-Chomhairleoir) Billy Timmins le leas i dtailte sa suíomh, ar le muintir Timmins é, ag Bánóg (Bealach Conglais, Co. Chill Mhantáin) a nochtadh;
- rannpháirtíocht an Chomhairleora Vincent Blake i saincheist a bhain le diúscairt talún ag cruinniú de Chomhairle Chontae Chill Mhantáin an 8 Eanáir 2007, maidir le fógra diúscairte i leith leas agus ghnáthscair na Comhairle i 375 méadar cearnach de thalún chuig roinnt daoine, an Teachta Billy Timmins san áireamh. Tagraíodh sa ghearán do theip líomhnaithe an Chomhairleora Blake le leas a fhostaíochta mar Chúntóir Parlaiminte an Teachta Timmins a nochtadh chomh maith lena theip le himeacht amach as an gcruinniú agus an vóta á ghlacadh.
B. Rinne an Comhairleoir Edward Timmins agus Comhairleoir Vincent Blake gearán faoin Seanadóir (iar-Chomhairleoir) Deirdre de Burca. Bhain na gearáin seo le:
- teip le dearbhuithe a dhéanamh i gcomhair na dtréimhsí Eanáir go Meitheamh 2004 agus 2005/2006;
- ráiteas a rinne Deirdre de Burca, agus í ina Comhairleoir an tráth sin, i gcomhfhreagras leis an Rúnaí Contae, a raibh fíricí míchearta ann agus
- a ról i gcaingean leabhail maidir le East Coast FM, ar luaigh an Comhairleoir Burke maidir leis, éilimh i bpreas ráiteas a d’eisigh sí agus mhaígh gur shocraigh East Coast FM cás leabhail dá thoradh sin.
C. Rinne an Comhairleoir Blake gearán faoin méid seo freisin:
- teip an Chomhairleora Tommy Cullen le dearbhuithe a dhéanamh don tréimhse 2005/2006 agus
- ráiteas a rinne an Comhairleoir Cullen i gcomhfhreagras leis an Rúnaí Contae, a raibh fíricí míchearta ann.
Le linn don Choimisiún um Chaighdeáin a bheith ag breithniú an scéil, sholáthair idir an Comhairleoir Edward Timmins agus an Teachta Billy Timmins litreacha óna ndlíodóir á dheimhniú nach bhfuair siad seilbh ar aon leas sna tailte ag Bánóg go dtí tráth tar éis Eanáir 2006 agus á dheimhniú gur le muintir Timmins na tailte sin ó na 1920aidí. Dúirt an t-aturnae gur le seanathair Timmins na tailte ag an tráth sin agus gur lena n-athair agus ansin lena máthair na tailte ina dhiaidh sin. Mheas an Coimisiún um Chaighdeáin, ina fhianaise seo, nach raibh aon bhonn ar a bhféadfaí seasamh leis na heilimintí seo de na gearáin.
Agus an gearán i gcoinne an Chomhairleora Blake á bhreithniú, mheas an Coimisiún um Chaighdeáin go raibh an leas chomh fada amach nó chomh neamhshuntasach nach dtiocfadh sé faoi chuimsiú raon an leasa tairbhigh faoi mar a sainmhíníodh le halt 176 d'Acht Rialtais Áitiúil 2001.
I ndáil leis na gearáin i gcoinne an tSeanadóra de Burca agus an Chomhairleora Cullen, thug an Coimisiún um Chaighdeáin faoi deara gur cuireadh na dearbhuithe um leasanna ar tagraíodh dóibh ar fáil ina dhiaidh. Thug sé faoi deara freisin gur chosúil go raibh gnéithe den fhianaise ag teacht salach ar a chéile ó thaobh cé acu ar cuireadh na dearbhuithe ar fáil roimhe sin, faoi mar a mhaígh an Seanadóir de Búrca agus an Comhairleoir Cullen. Mheas sé thairis sin, mar gheall ar phróiseas riaracháin na Comhairle maidir leis na dearbhuithe a ghlacadh, agus a teip sin le leanúint le Comhairleoirí ar chreid an Chomhairle go mb'fhéidir nach raibh na leasanna riachtanacha nochtaithe acu, nach rabhthas in ann an choinbhleacht san fhianaise a réiteach. Sna cúinsí sin agus i bhfianaise na fírice go raibh na dearbhuithe curtha ar fáil anois, chinn an Coimisiún um Chaighdeáin nach raibh aon bhonn le himscrúdú a thionscnamh maidir leis na gearáin seo. Chinn an Coimisiún um Chaighdeáin freisin nach raibh aon bhonn ann le himscrúdú a thionscnamh faoi na hAchtanna um Eitic maidir leis na gearáin faoi na ráitis, ar líomhnaíodh go raibh na fíricí iontu mícheart, a bhain le gníomhartha an tSeanadóra de Burca i ndáil le East Coast FM.
Chuir an Coimisiún um Chaighdeáin a chinntí in iúl don Bhainisteoir Contae; agus chuir an Bainisteoir Contae an toradh in iúl ina dhiaidh do gach duine de na gearánaithe agus na daoine a ndearnadh gearán futhu. Chuir an Coimisiún um Chaighdeáin a dhearcadh in iúl don Bhainisteoir Contae gur chóir go mbeadh na gearáin réitithe i gceart laistigh den údarás áitiúil gan an gá le dul i muinín an Choimisiúin um Chaighdeáin. Dúirt sé, maidir le gnéithe den fhianaise a bhí ag teacht salach ar a chéile, ó thaobh cé acu an ndearnadh dearbhú, agus má rinneadh, cathain a fuarthas é, go bhféadfaí sin a sheachaint dá mba rud é gur feidhmíodh nósanna imeachta a d'fhágfadh go stampáilfí an dáta ar gach dearbhú dá gcuirtear ar fáil an tráth go bhfaightear iad agus admháil a eisiúint chuig an duine. Lena chois sin, ba chóir teip Chomhairleora le dearbhú a chur ar fáil a leanúint leis an gComhairleoir sin nó le Cláraitheoir na Leasanna, a dtugtar dualgais áirithe dó faoi alt 174 d’Acht Rialtais Áitiúil 2001. Mhol an Coimisiún um Chaighdeáin go ndéanfadh an Chomhairle athbhreithniú ar a nósanna imeachta riaracháin i leith Chuid 15 agus go háirithe ar an mbealach a riartar dualgais Chláraitheoir na Leasanna d’fhonn a chinntiú go gcomhlíonfaidh gach duine ábhartha an Chreatlach um Eiticí. Ina fhreagra don Choimisiún, leag an Bainisteoir Contae amach na nósanna imeachta athbhreithnithe a lean Cláraitheoir na Leasanna i leith dearbhuithe i gcomhair 2007/08 agus lenar tugadh aghaidh ar bhuairimh an Choimisiúin um Chaighdeáin.
Cúrsaí Ginearálta
I bhfianaise a thaithí ar a bheith ag déileáil le himscrúdú na ngearán ar tagraíodh dóibh thuas, chinn an Coimisiún um Chaighdeáin scríobh chuig gach Bainisteoir Údaráis Áitiúil lena ról a leagan amach i ndáil leis an gCreatlach um Eitic don tSeirbhís Rialtais Áitiúil. Go hachomair, ba chóir gach conair áitiúil, a bhforáiltear lena aghaidh le hAcht Rialtais Áitiúil 2001, a leanúint sular gcuimhneofar ar ghearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaighdeáin.
Leag sé béim ar an ngá go leanfadh an cláraitheoir um eitic le mionearráidí agus mioncheartúcháin agus go riarfaí na dearbhuithe bliantúla a fhaightear ó chomhaltaí agus ó fhostaithe i gceart d’fonn is go gcinnteofaí go mbíonn daoine den sórt sin ar an eolas go hiomlán faoina n-oibleagáidí reachtúla agus go gcoinneofar líon na sáruithe a tharlaíonn, chomh beag agus is féidir. Leagadh béim ar na forálacha a bhaineann le haird an Bhainisteora agus/nó an Chathaoirligh, de réir mar is cuí, a tharraingt ar cháis ina bhféadfadh an reachtaíocht a bheith sáruithe. Chuir an Coimisiún um Chaighdeáin a dhearcadh in iúl d’údaráis áitiúla, rud a leag sé amach ina thuarascáil bhliantúil i gcomhair 2006, is é sin, toisc gur cáipéis phoiblí lena mbaineann tábhacht suntasach é clár na leasanna, gur chóir go gcuirfeadh gach údarás áitiúil ar fáil ar an idirlíon é lena chinntiú go mbeidh leasanna na gcomhaltaí údaráis áitiúil ar eolas go forleathan ag an bpobal agus leis na caighdeáin ionracais agus iompraíochta, a bhíonn riachtanach agus feidhmeanna údaráis áitiúil á bhfeidhmiú, a bhreisiú.
Seoladh cóip den litir chuig an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil freisin, i bhfianaise a fhreagrachta as reachtaíocht rialtais áitiúil. Thug an Coimisiún um Chaighdeáin le fios gur fháiltigh sé roimh an ngealltanas sa Pháipéar Glas maidir le hAthchóiriú an Rialtais Áitiúil go bpléifear na saincheisteanna ar tagraíodh dóibh i gCaibidil 13 – An Eitic agus Teorainneacha Caiteachais – a thuilleadh leis.