Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Tuarascáil Bhliantúil 2007

Gearáin i gcoinne sealbhóirí oifige

Taoiseach Bertie Ahern TD

Fuair an Coimisiún um Chaighdeáin dhá ghearán in 2007 ó dhaoine sa phobal maidir le gníomhartha an Uas. Bertie Ahern, T.D., maidir le bheith ag glacadh le bronntanais agus iasachtaí nuair a bhí sé ina Aire Airgeadais. Agus an t-ábhar ar fad a bhí ar fáil dó ag an am sin breithnithe aige, tháinig an Coimisiún um Chaighdeáin ar an gconclúid nárbh údar na gearáin le himscrúdú a thionscnamh. Agus é ag teacht ar an gconclúid sin, chuir an Coimisiún um Chaighdeáin an méid seo a leanas san áireamh:

  • go ndearnadh na híocaíochtaí, arbh údar na ngearán iad, leis an Uas. Ahern sular achtaíodh agus sular tugadh tosach feidhme don Acht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 an 22 Iúil 1995;
  • go raibh íocaíocht bhronntanas £8,000 stg. ó ghrúpa fear gnó i Manchain i mí Dheiridh Fhómhair 1994 lasmuigh de raon feidhme Acht 1995;
  • go raibh na híocaíochtaí leis an Uas. Ahern in 1993 agus 1994 ó dháréag cairde, má cuireadh in iúl gur bhronntanais iad, go hiomlán lasmuigh de raon feidhme Acht 1995;
  • gur chuí caitheamh leis na híocaíochtaí mar iasachtaí a tugadh don Uas. Ahern. Maidir leis an ábhar os a chomhair a bhain leis na cúinsí a bhí i gceist agus na hiasachtaí á ndéanamh, chomh maith le suim na n-iasachtaí, na rátaí úis a bhí i réim i rith thréimhse na n-iasachtaí agus an t-ús a d'íoc an tUas. Ahern féin, bhí an Coimisiún um Chaighdeáin sásta nach raibh aon fhianaise ann gur sáraíodh aon cheann de cheanglais Acht 1995 (faoi mar a leasaíodh) maidir leis seo ar bhealach a d’fhágfadh go mbeadh údar aige imscrúdú foirmiúil a thionscnamh. Ar an gcaoi chéanna, bhí an Coimisiún um Chaighdeáin sásta nach raibh aon fhianaise ann gur sáraíodh aon chuid den Chód Iompraíochta do Shealbhóirí Oifige (2003) a ndearna duine de na gearánaithe tagairt dó, nó d’alt 4 den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001, ar bhealach a d’fhágfadh go mbeadh údar ann le himscrúdú den sórt sin.

Bhreithnigh an Coimisiún um Chaighdeáin chomh maith cé acu an raibh dóthain fianaise ann go mbeadh údar ann le himscrúdú a thionscnamh i leith cheapachán daoine áirithe ar bhoird chomhlachtaí poiblí. Sa chomhthéacs seo, bhreithnigh an Coimisiún um Chaighdeáin cé acu an raibh fianaise ann gur sáraíodh aon chuid d’alt 14 d'Acht 1995 nó d’alt 4 d'Acht 2001 ar bhealach a d'fhagfadh go mbeadh údar aige imscrúdú a thionscnamh. Tháinig an Coimisiún um Chaighdeáin ar an gconclúid nach raibh fianaise ar bith den sórt sin ann.


An tIar-Aire Frank Fahey TD

Fuair an Coimisiún um Chaighdeáin gearán ón Uas. Trevor Sargent T.D. i mí na Nollag 2006 maidir le gníomhartha éagsúla a rinne an tUas. Frank Fahey le linn a théarma oifige mar Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha. Bhí líomhaintí faoi "gníomhartha sonraithe" an Aire san áireamh leis seo i ndáil le Scéim na Soitheach Iascaireachta a Cailleadh Ar Muir; Píblíne Gháis na Coiribe; an MV Atlantic Dawn agus an cinneadh roinnt cuan speisialta feistithe bád a thógáil. Chuir an Coimisiún um Chaighdeáin in iúl don Teachta Sargent go gcaithfeadh go mbeadh dóthain fianaise ann dar leis an gCoimisiún um Chaighdeáin le cás prima facie a bhunú i ndáil leis an "ngníomh sonraithe" líomhnaithe a bhí i gceist ionas go measfadh sé go raibh údar ann le himscrúdú faoi alt 23 d’Acht 1995, agus sa chás go ndearnadh an "gníomh sonraithe" le fírinne, go gcaithfidh gur ghníomh é, dar leis an gCoimisiún um Chaighdeáin, a thagann faoi chuimsiú fhorálacha alt 4 d’Acht 2001. Dúirt sé, agus gach ceann den cheithre ghné den ghearán, faoi mar a tagraíodh dóibh thuas, breithnithe aige i bhfianaise ábhar litir an ghearáin, nár léir don Choimisiún um Chaighdeáin conas go bhféadfaí gníomhartha an iar-Aire a mheas mar "ghníomh nó ghníomhartha sonraithe" i ngach cás. Chinn an Coimisiún um Chaighdeáin, ar bhonn na fianaise a bhí os a comhair, nach raibh aon chás prima facie ann i gcoinne Teachta Fahey agus nach raibh aon bhonn ar a bhféadfadh sé imscrúdú a thionscnamh i leith na gcúrsaí sin.

Bhain an gearán le teip le leas i ngnó i Moscó a nochtadh freisin. Chinn an Coimisiún um Chaighdeáin, i bhfianaise na faisnéise a bhí ar fáil dó, nach raibh aon bhonn ann le leanúint leis an scéal a thuilleadh.

Lena chois sin, bhain an gearán le teip le leas in árasán ar Thrá Daytona, Florida a nochtadh, rud atá in aghaidh alt 5 d'Acht 1995. Scríobh an Coimisiún um Chaighdeáin chuig Teachta Fahey maidir leis sin. Chuir Teachta Fahey in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin ina fhreagra gur scríobh sé chuig Cléireach Dháil Éireann á iarraidh air Clár Leasanna na gComhaltaí i gcomhair 2003 a leasú go mbeadh a leas san árasán ar Thrá Daytona, Florida, san áireamh ann. D’fhoilsigh an Cléireach leasú ar Chlár 2003 ina dhiaidh sin á chur sin in iúl. Ina fhianaise sin, chinn an Coimisiún um Chaighdeáin gan leanúint leis an scéal a thuilleadh.


Clúdaigh Litreach an Oireachtais a bheith á Soláthar

Tarraingíodh aird an Choimisiúin um Chaighdeáin i rith 2007 ar úsáid chlúdach litreach an Oireachtais ag iarrthóir ag Olltoghchán Dháil Éireann, nár chomhalta den Oireachtas é. Cé gur tugadh le fios sa chomhfhreagras gur Seanadóir a thug na clúdaigh litreach don iarrthóir, níorbh fhéidir a dhéanamh amach cén Seanadóir a bhí i gceist. Ní fhéadfadh an Coimisiún um Chaighdeáin leanúint leis an scéal mar sin. Chinn an Coimisiún um Chaighdeáin aird Choiste Leasanna Chomhaltaí Sheanad Éireann a tharraingt ar an tsaincheist ghinearálta afach. Thug an Coimisiún um Chaighdeáin faoi deara gur mhol Fochoiste na Dála um Sheirbhísí do Chomhaltaí gur chóir go mbeadh barrachód ar chlúdaigh litreach an Oireachtais ionas go bhféadfaí gach clúdach litreach a rianú siar chuig an Teachta ar eisíodh chuige/chuici é. Tugadh faoi deara nár glacadh an nós imeachta seo do chomhaltaí Sheanad Éireann. D’fháiltigh an Coimisiún um Chaighdeáin cinneadh Choiste na Dála um Nósanna Imeachta agus Phribhléidí glacadh le moladh Fhochoiste na Dála agus dúirt gurbh oth leis nár glacadh an nós imeachta do chomhaltaí Sheanad Éireann, toisc go gcuirfeadh sin Seanadóirí óna a bheith ag soláthar chlúdach litreach an Oireachtais do dhaoine nach raibh i dteideal leas a bhaint astu. D'fhreagair Coiste Leasanna Chomhaltaí Sheanad Éireann á rá gur chinn sé aird Choiste an tSeanaid um Nósanna Imeachta agus Phribhléidí a tharraingt ar an scéal ionas go mbreithneofaí ceist na mbarrachód arís. Scríobh sé chuig gach comhalta de Sheanad Éireann freisin, lena dhearcadh a chur in iúl dóibh nár chóir clúdaigh litreach réamhíoctha a thabhairt ar láimh d’aon tríú páirtí le húsáid i bhfeachtas toghcháin, agus le forálacha an chóid iompraíochta do chomhaltaí Sheanad Éireann, lena gceanglaítear orthu acmhainní poiblí a úsáid go stuama agus chun na gcríoch ar beartaíodh lena n-aghaidh iad agus chucu sin amháin, a mheabhrú do chomhaltaí.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|