Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Tuarascáil Bhliantúil 2007

Gearáin leis an gCoimisiún um Chaighdeáin

Forálann Acht um Eitic 1995 (Acht 1995) agus Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001 (Acht 2001), a dtugtar Achtanna um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 agus 2001 (na hAchtanna um Eitic) orthu in éineacht, go bhféadfar gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaighdeáin sa chás go meastar go bhféadfadh an reachtaíocht a bheith sáraithe.

Ba chóir a thabhairt faoi deara go gcaithfear gearáin i gcoinne chomhaltaí Dháil Éireann nó Sheanad Éireann, nach sealbhóirí oifigí iad, a dhéanamh leis an gCoiste um Leasanna Chomhaltaí Dháil Éireann nó Sheanad Éireann, faoi seach, trí Chléireach na Dála nó an tSeanaid, de réir mar is cuí. Seolfaidh an Cléireach an gearán ar aghaidh chuig an gCoiste ábhartha ar an gcoinníoll go bhfuil dóthain fianaise ann chun cás prima facie a bhunú i ndáil leis an ngearán.


Staitisticí

Fuair an Coimisiún um Chaighdeáin 47 gearán i rith 2007. As a measc seo, measadh gur gearáin neamhbhailí 16 díobh toisc nár bhain siad le duine a bheith ag sárú forála de na hAchtanna um Eitic, ar nós loiceadh leas a nochtadh nuair a ceanglaíodh orthu amhlaidh a dhéanamh, nó líomhain go ndearna "duine sonraithe" " gníomh sonraithe" (Féach ar nóta 1 thíos).

Cé go raibh méadú ar líon na ngearán i gcomparáid le blianta roimhe seo, tá líon na ngearán a dhéantar leis an gCoimisiún um Chaighdeáin fós sách íseal. Luaigh an Coimisiún um Chaighdeáin, ina thuarascáil bhliantúil don bhliain seo caite, go bhféadfadh seo a bheith mar gheall ar -

  • chastacht na reachtaíochta, go háirithe na forálacha a bhaineann le gearáin faoi "ghníomh sonraithe",
  • leibhéal íseal feasachta ar phrionsabail na gcód iompraíochta éagsúil,
  • easpa fianaise, nár comhlíonadh an reachtaíocht, a bheith ar fáil go poiblí, i bhfianaise na bhforálacha srianta is infheidhme i gcuid mhaith cás faoi na hAchtanna um Eitic i leith suimeanna agus leasanna nach mór a nochtadh, nó
  • féidearthacht go bhféadfadh nach bhfuil mórán daoine ag sárú na nAchtanna um Eitic.

D’fhéadfadh an méadú a bheith ina chomhartha gur mó is cás na saincheisteanna eiticiúla leis an bpobal. Is féidir glacadh le líon na ngearán neamhbhailí áfach mar fhianaise ar chastacht na reachtaíochta agus ar an deacracht a thagann ina dhiaidh le gearáin a chur le chéile ar bhealach a chomhlíonfaidh ceanglais na nAchtanna um Eitic.

 

Nóta 1
Gníomh nó easnamh atá ar neamhréir le feidhmeanna poiblí a bheith á bhfeidhmiú mar is ceart agus lena mbaineann tábhacht suntasach poiblí (alt 2 d’Acht 1995, faoi mar a leasaíodh).

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|