- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Tuarascáil Bhliantúil 2007
Réamhrá leis an gCathaoirleach
Bliain ghnóthach ab ea 2007 don Choimisiún um Eitic in Oifigí Poiblí agus bhí an-chuid gníomhaíochta ann sa tréimhse roimh agus i ndiaidh an olltoghcháin i mí na Bealtaine 2007. Is é ról an Choimisúin um Chaighdeáin in olltoghcháin na Dála agus an tSeanaid ná maoirseacht a dhéanamh ar na forálacha ábhartha d’Acht Toghcháin 1997, faoi mar a leasaíodh (na hAchtanna Toghcháin) agus comhairle agus treoir a sholáthar do na hiarrthóirí agus na gníomhairí toghcháin. Tá forálacha sna hAchtanna Toghcháin a fhágann go gcaithfidh páirtithe polaitíochta agus iarrthóirí a gcaiteachas i rith na tréimhse toghcháin a nochtadh agus go gcaithfidh iarrthóirí nár éirigh leo síntiúis a nochtadh freisin. Lena chois sin, is infheidhme an gnáthréimeas maidir le caiteachas agus síntiúis nach mór a nochtadh, i leith comhaltaí na Dála agus an tSeanaid agus páirtithe polaitíochta. Mar gheall ar na forálacha sin ar fad, cheapfá mar sin gur cheart go mbeadh sé indéanta ag gach saoránach, i mbliain olltoghcháin ar a laghad, léargas soiléir a fháil ar an méid a chaitheann gach iarrthóir agus páirtí le haghaidh na dtoghchán chomh maith le leid soiléir maidir leis na foinsí le haghaidh maoiniúcháin den sórt sin. Ní hamhlaidh a bhíonn sé áfach, ar chúiseanna éagsúla. Dá mba é aidhm na reachtaíochta go bhforálfaí le haghaidh na trédhearcachta agus na hoscailteachta i ndáil le maoiniúchán agus caiteachas na bpáirtithe, is amhlaidh nach bhfuil an aidhm seo á baint amach leis.
Is minic a d'iarr an Coimisiún um Chaighdeáin go ndéanfaí athruithe ar an reachtaíocht Toghcháin agus ar an reachtaíocht um Eitic araon; bhí caibidil iomlán dá Thuarascáil Bhliantúil i gcomhair 2006 tugtha suas go hiomlán don tsaincheist seo ag an gCoimisiún um Chaighdeáin. B’údar misnigh, mar sin, gur braitheadh comharthaí go rabhthas toilteanach an dá thacar reachtaíochta a athrú agus 2007 ag teacht chun deiridh. Mar aitheantas ar an tábhacht mór a leagann an Coimisiún um Chaighdeáin ar na hathruithe a mholann sé go ndéanfaí ar an reachtaíocht, leagtar uasdátú maidir leis na hathruithe a d’iarr sé amach i gcaibidil ar leithligh den tuarascáil seo freisin. Is é tuairim an Choimisúin um Chaighdeáin gur cabhair í an fhormáid seo toisc go gcuidíonn sé leis an duine díriú isteach ar an gcineál athruithe atá riachtanach dar leis an gCoimisiún um Chaighdeáin.
Thug an Coimisiún um Chaighdeáin tuairisc i mí na Nollag maidir leis an maoirseacht a rinne sé ar olltoghchán na Dála 2007 agus thug le fios gur tuairiscíodh dó gur caitheadh €11.08M – is éard a bhí ansin ná an tsuim a caitheadh ar earraí agus ar sheirbhísí a úsáideadh i rith thréimhse ghearr an toghcháin. Tugadh le fios sa tuairisc freisin gur nocht iarrthóirí nár éirigh leo ag an toghchán sin €531K de shíntiúis. Lena chois sin, nocht páirtithe polaitíochta agus comhaltaí an Oireachtais go bhfuarthas €1,122K de shíntiúis i rith 2007.
Rinne an Coimisiún um Chaighdeáin an pointe arís is arís eile go gciallaíonn sé seo nach eol, mar sin, conas a mhaoinigh na páirtithe a bhfeachtais toghcháin in 2007 agus nach bhfuil aon oibleagáid ar pháirtithe polaitíochta foinse an mhaoiniúcháin seo a nochtadh. Is léir don Choimisiún um Chaighdeáin go bhfuil páirtithe ag lorg síntiús atá faoi bhun tháirseach na suimeanna nach mór a nochtadh. Bíonn an mhonatóireacht ar chaiteachas ar fheachtais toghcháin teoranta freisin, do chaiteachas ar acmhainní nó ar ábhar a úsáidtear i rith na tréimhse toghcháin, tréimhse a théann ó dháta lánscor Dháil Éireann chomh fada le lá na vótaíochta, agus ní thugtar cuntas mar sin i gcuid mhór de chaiteachas na bpáirtithe agus na n-iarrthóirí roimh thús na tréimhse toghcháin. Ina thuarascáil faoi olltoghchán na Dála, mhol an Oifig um Fhorais Dhaonlathacha agus Chearta an Duine (OFDCD) den Eagraíocht um Shlándáil agus Chomhoibriú san Eoraip gur chóir cuimhneamh ar shíneadh a chur leis an tréimhse toghcháin, agus nuair a ghairfear an toghchán, "go dtabharfar faoi athbhreithniú siarghabhálach ar chuntais de réir an fhráma ama tuairisceoireachta atá leagtha síos". Eagraíocht neamhspleách mhonatóireachta toghcháin is ea an OFDCD a bhfuil ardmheas air.
Creideann an Coimisiún um Chaighdeáin go bhfuil cás láidir le déanamh ar son cur chuige nua i leith mhaoiniúchán ginearálta na bpáirtithe polaitíochta, ar son níos mó trédhearcachta i maoiniúchán den sórt sin agus ar son grinnscrúdú níos fairsinge ar chaiteachas na bpáirtithe polaitíochta. Ghlac Coiste Airí Chomhairle na hEorpa moladh in 2003 (Rec(2003)4) maidir le comhrialacha i gcoinne na caimiléireachta maidir maoiniúchán páirtithe polaitíochta agus feachtas toghcháin. Mar chuid de seo, cheadaigh an Chomhairle sraith chomhrialacha ar mhol sí gur chóir do bhallstáit a ghlacadh ina gcórais dlí náisiúnta. Cé go bhforáiltear le haghaidh go leor de na rialacha in ár ndlíthe cheana féin, ina measc siúd ar gá a chur i ngníomh, tá moltaí gur chóir go gceanglódh ballstáit ar pháirtithe polaitíochta leabhair agus cuntais chearta a choinneáil ar bun, gur chóir go sonrófaí gach síntiús dá bhfaigheann páirtí polaitíochta sna cuntais seo, deonteoirí a bheith aitheanta i gcás síntiús os cionn luach áirithe agus go gcaithfear cuntais an pháirtí a chur i láthair údaráis neamhspleáigh uair sa bhliain ar a laghad.
Fáiltíonn an Coimisiún um Chaighdeáin roimh an moladh le Coimisiún Toghcháin neamhspleách a bhunú agus tá muinín aige go mbreithneofar a mholtaí le haghaidh athruithe go mion in aon leasuithe ar na hAchtanna Toghcháin a dhéanfar in éineacht leis sin.
Bhí leideanna dearfacha ann i dtreo dheireadh na bliana freisin go raibh an rialtas ag breithniú roinnt leasuithe as measc na gceann a mhol an Coimisiún um Chaighdeáin a dhéanamh ar an reachtaíocht um Eitic. Chuir chomhaltaí an Choimisúin um Chaighdeáin fáilte roimh cor sa scéal seo.
Ceapadh an tUas. Liam Kavanagh, a raibh a théarma ag teacht chun críche i mí na Nollag 2007, mar ghnáthchomhalta den chéad Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí i mí na Nollag 2001 ar feadh téarma 6 bliana. Thug sé mórchuid taithí i bpolaitíocht na hÉireann agus na hEorpa chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin, in éineacht lena chiall ghéar do luachanna na seirbhíse poiblí. Ba mhór againn an méid a rinne sé don Choimisiún i gcónaí agus aireoidh a chomhghleacaithe ar fad uathu é. Tháinig an tUas. Michael Smith ina ionad mar ghnáthchomhalta, duine a raibh gairmré céimiúil i bpolaitíocht na hÉireann aige freisin. Ba mhaith liom fáilte ó chroí a fhearadh roimh an Uas. Smith agus táim ag súil go mór le bheith ag obair leis.
Bhí an-áthas orm gur athcheapadh mé don dara téarma mar chathaoirleach an Choimisiúin um Chaighdeáin, agus táim ag súil go mór le bheith ag obair le mo chomhchoimisinéirí agus le David Waddell, rúnaí, agus le foireann na rúnaíochta a d’fhóin go rímhaith dúinn i rith na bliana 2007.