Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Tuarascáil Bhliantúil 2005

Moltaí maidir le hathruithe ar an Reachtaíocht um Eitic agus Toghcháin

Tá roinnt athruithe molta ag an gCoimisiún um Chaighdeáin ar na hAchtanna um Eitic agus Toghcháin araon ag tráthanna éagsúla; tá achoimre déanta ar roinnt díobh sin thíos.

Reachtaíocht um Eitic

  • Foráil go gceapfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin oifigeach fiosrúcháin chun réamhfhiosrúchán a dhéanamh ar scéal nach bhfuil ina ábhar gearáin, ach go measann an Coimisiún um Chaighdeáin gur cuí amhlaidh a dhéanamh.
  • Foráil i rialacháin lena leasófaí Alt 5(2) lena gceanglaítear ar chomhaltaí ráitis nach bhfuil leasanna 'ar bith' acu, a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin seachas don Chléireach ábhartha, le bheith déanta i reachtaíocht phríomhúil chun fáil réidh le hamhras ar bith maidir lena bunreachtúlacht.
  • Foráil, sa chás go gcuireann comhalta tofa nó duine a cheaptar in oifig shinsearach i gcomhlacht poiblí ráiteas iarratais ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin, lena dtugtar le fios go bhfuil iarratas curtha isteach ag an duine chuig Oifig an Ard-Bhailitheora go n-eiseofaí deimhniú imréitigh chánach dó nó di agus nach bhfuil cinneadh déanta, go mbeadh sé de cheangal ar an duine sin deimhniú imréitigh chánach a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin sa chás go n-eiseofar deimhniú den sórt sin dó nó di ina dhiaidh sin.
  • Foráil go ndéanfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin de réir a bhreithiúnais féin maidir le cibé an bhfuil údar ceart le himscrúdú a dhéanamh maidir leis na ceanglais ar chomhaltaí tofa agus ar dhaoine a cheaptar in oifig shinsearach a bheith sáraithe, chun fianaise a sholáthar gur comhlíonadh reachtaíocht shonraithe chánachais.
  • Leasuithe ar na teorainneacha ama, a bhfuil dearbhuithe reachtúla, deimnithe imréitigh chánach agus ráitis iarratais le déanamh nó le heisiúint agus le cur ar fáil don Choimisiún, lena linn - mar shampla, d'fhéadfaí deimnithe imréitigh chánach a eisiúint agus a chur ar fáil don Choimisiún faoi cheann sé mhí seachas naoi mí mar atá amhlaidh faoi láthair agus go bhféadfaí dearbhuithe reachtúla a dhéanamh agus a chur ar fáil faoi cheann trí mhí seachas a bheith déanta faoi cheann míosa amháin agus curtha ar fáil faoi cheann naoi mí mar atá amhlaidh faoi láthair.
  • Athbhreithniú ar an scála ama maidir le duine a thabhairt chun dlí mar gheall ar chionta a d'fhéadfadh a bheith déanta maidir le dearbhuithe reachtúla bréagacha a dhéanamh.
  • Foráil maidir le dáta chéad tionól an Tí ábhartha den Oireachtas a bhfuil úsáid le baint as mar an dáta toghcháin, a dhéanamh amach chun críocha na dteorainneacha ama nach mór do chomhalta tofa a d(h)earbhú reachtúil a dhéanamh agus deimhniú imréitigh chánach nó ráiteas iarratais a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin lena linn.
  • Alt 24(2)(b)(ii) d'Acht 2001 um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001 a leasú chun foráil gur chóir tuarascáil leis an gCoimisiún um Chaighdeáin, maidir leis na forálacha um imréiteach cánach a bheith sáraithe ag Ard-Aighne nach bhfuil ina chomhalta den Oireachtas agus a chomhlíon na forálacha ina dhiaidh sin, a chur chuig dhá Theach an Oireachtais seachas chuig 'an Teach' mar a fhoráiltear faoi láthair.
  • Go n-ainmneofar Cathaoirligh Choistí an Oireachtais mar Shealbhóirí Oifige chun críocha na nAchtanna um Eitic - .i. go mbeadh ceanglais na nAchtanna maidir le leasanna a nochtadh infheidhmithe ina leith. D'fhéadfaí sin a dhéanamh trí thairiscint sna Tithe - níl leasuithe ar na hAchtanna riachtanach.


Reachtaíocht Toghcháin

D'fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin athbhreithniú ar na hAchtanna Toghcháin i mí na Nollag 2003 agus mhol raon leasuithe ag an tráth sin. San áireamh leo bhí:

  • Mar an comhlacht a bhfuil freagracht air as maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna Toghcháin, ba chóir go mbeadh bonn reachtúil ag an gCoimisiún um Chaighdeáin ar a ndéanfaí athbhreithniú ar an reachtaíocht agus tuairisceoireacht ar thorthaí an athbhreithnithe sin.
  • Ní mór ailt áirithe den Acht a leasú chun an fhíric a thógáil san áireamh go bhfuil a gcuid ceanglas tuairisceoireachta féin ag Comhaltaí le hÚdaráis Áitiúla agus ag iarrthóirí ag toghcháin áitiúla, faoin Acht um Thoghcháin Áitiúla (Síntiúis agus Caiteachas a Nochtadh) 1999 faoi mar a leasaíodh le hAcht Toghcháin (Leasú) 2001 agus nach bhfuil feidhm mhaoirseachta ag an gCoimisiún um Chaighdeáin i ndáil leis an reachtaíocht sin.
  • Forálacha le haghaidh cionta agus pionós má theipeann ar dhuine forálacha Chodanna IV, V agus VI den Acht Toghcháin a chomhlíonadh - baineann na codanna sin le tabhartais a nochtadh chomh maith le caiteachas ag iarrthóirí agus páirtithe polaitíochta ag toghcháin Dála agus Pharlaimint na hEorpa, chomh maith le tabhartais agus speansais toghcháin ag toghcháin uachtaránachta, faoi seach.
  • Forálacha le haghaidh cion agus pionóis má theipeann ar dhuine iarratas ón gCoimisiún um Chaighdeáin (faoi alt 4(4) den Acht) a chomhlíonadh maidir le faisnéis nó cáipéisíocht a sholáthar.
  • Ba chóir an sainmhíniú ar "institiúid airgeadais" chun críocha cuntais tabhartas polaitíochta a oscailt, a leasú chun comhair chreidmheasa a chur san áireamh.
  • Foráil le haghaidh tabhartas fuílligh a chur de láimh i gcáis nach bhfuil sé de cheangal ar dhuine cuntas tabhartas polaitíochta a choinneáil ar bun a thuilleadh agus go bhfuil cistí fós sa chuntas nár baineadh úsáid astu.
  • Foráil le haghaidh Ráiteas aonair um Thabhartais a chur ar fáil i gcáis ina bhfuil dé-shainordú ag duine nó sa chás, i mbliain áirithe, nár éirigh leis/léi mar TD, Sheanadóir nó Fheisire Eorpach i dtoghchán Dála, Seanaid nó Eorpach. (Bheadh sé de cheangal faoi láthair ar dhuine den sórt sin Ráiteas bliantúil um Thabhartais a chur ar fáil agus Ráiteas um Thabhartais mar iarrthóir nár éirigh leo ag an toghchán.)
  • Ba chóir a bhreithniú cibé, i leith tréimhse sonraithe sula dtosaíonn an tréimhse a shainmhínítear le dlí mar an tréimhse toghcháin, an bhfuil cás ann le roinnt cuntasachta a fhorchur i gcomhthéacs na dteorainneacha caiteachais (.i. go bhféadfaí an tréimhse toghcháin a leathnú chun tréimhse roimh lánscor don Dáil a chur san áireamh nó eascaire á mholadh ag toghchán).
  • Ba chóir an sainmhíniú ar "mhionspeansais" a theorannú go dtí €126.97 in aghaidh an iarrthóra in aghaidh an toghcháin.
  • Foráil go mbeidh iarrthóir (nó duine eile) ciontach i gcion sa chás, ag tráth ar bith roimh, i rith nó i ndiaidh an toghcháin, go dteipeann air/uirthi an fhaisnéis riachtanach a sholáthar do ghníomhaire toghcháin nó do ghníomhaire náisiúnta chun críocha éascú le Ráiteas Speansas Toghcháin an ghníomhaire a chomhlánú. Pionós a sholáthar don chion sin.
  • Níor chóir an sainmhíniú ar a bhfuil i gceist le "tríú páirtí" a dhéanamh amach ar an mbonn cibé a bhfuil tabhartas faighte ag duine/grúpa ach ba chóir go ndíreodh sé ar chaiteachas ag daoine/grúpaí agus ar iad a mheas mar thríú páirtithe má bhíonn futhu caiteachas os cionn tairsigh áirithe a tharraingt orthu féin, abair €5,000, i ndáil le feachtas atá chun críocha polaitíochta faoi mar atá sainmhínithe sa reachtaíocht.
  • Ba chóir an próiseas clárúcháin do "thríú páirtithe" agus do "dhaoine eile" (a bhfuil futhu speansais toghcháin a tharraingt orthu féin) a chónascadh.(Ba chóir nach mbeadh aon ghá go gcláródh duine/grúpa mar "thríú páirtí" agus go gcláróidís mar "dhuine eile" freisin.)
  • Molann an reachtaíocht, nuair atá duine/grúpa cláraithe mar thríú páirtí, ceanglaítear orthu cáipéisíocht a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin ar bhonn bliantúil cé nach bhfuil sé gníomhach chun críocha polaitíochta a thuilleadh. Is é an cur chuige atá an Coimisiún um Chaighdeáin tar éis a thógáil sa scéal seo ná iarraidh ar thríú páirtithe a dhearbhú cibé an bhfuil futhu leanúint ar aghaidh le bheith ar an saol. Mura bhfuil, ní dhéanfar aon teagmháil eile leo. D'fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar an gceist seo agus é a shoiléiriú.
  • Ba chóir cuimhneamh ar theorainn a fhorchur ar an méid caiteachais ar féidir le "tríú páirtí"/"duine eile" a tharraingt orthu féin ag toghchán. Mar shampla, má bhíonn "tríú páirtí"/"duine eile" ag dul in éadan iarrthóra áirithe ag an toghchán, níor chóir go rachfadh an méid caiteachais gur féidir leis an "tríú páirtí"/"duine eile" a tharraingt orthu féin, dul os cionn na teorainne reachtúla caiteachais atá infheidhmithe i leith an iarrthóra sin.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|