- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Tuarascáil Bhliantúil 2005
Maoiniú faoi na hAchtanna Toghcháin
Tá maoiniú díreach ginearálta soláthraithe faoi na hAchtanna Toghcháin ó 1998. Tharla sin i gcomhuain le hoibleagáidí reachtúla a tugadh isteach a fhágann go mbíonn ar pháirtithe polaitíochta, agus ar dhaoine eile, tabhartais thar luachanna áirithe a nochtadh. Méadaíodh leibhéal an mhaoiniúcháin go mór in 2001 tráth ar cuireadh teorainneacha i bhfeidhm ar luach na dtabhartas a bhféadfaí glacadh leo agus ar tugadh cosc isteach ar thabhartais ón gcoigrích.
Chun cáiliú le haghaidh maoiniúcháin faoi na hAchtanna Toghcháin, ní mór do pháirtí polaitíochta a bheith curtha san áireamh i gClár na bPáirtithe Polaitíochta agus dó faoin gcéad de na vótaí céadrogha san olltoghchán Dála deiridh a bheith daingnithe acu ar a laghad. Cáilíonn sé pháirtí polaitíochta ar bhonn thorthaí olltoghchán 2002 faoi láthair. Ní ghearrtar cáin ioncaim ar mhaoiniúchán a fhaightear faoi na hAchtanna Toghcháin.
Íoctar €126,974 mar bhunmhéid le gach páirtí cáilithe go bliantúil anois. Lena chois sin, bíonn gach páirtí cáilithe i dteideal cion de shuim bhliantúil a mhéadaítear ar aon dul le méaduithe pá ginearálta sa státseirbhís. Déantar suim an chiste a bheidh iníoctha le páirtí cáilithe a chinneadh trí vótaí céadrogha gach páirtí cháilithe san olltoghchán Dála is déanaí (Bealtaine 2002) a léiriú mar chion d'iomlán na vótaí céadrogha arna bhfáil na páirtithe cáilithe go léir. Is é an maoiniúchán iomlán a fuair páirtithe polaitíochta cáilithe i leith 2005 ná €5,049,656.
Ní mór do pháirtithe polaitíochta cáilithe cuntas a thabhairt san úsáid a bhaineann siad as an maoiniúchán ar bhonn bliantúil. Forálann an reachtaíocht nach mór an maoiniúchán a fheidhmiú i leith riaradh agus bhainistiú ginearálta ghnóthaí an pháirtí agus i leith aon cheann dá chuspóirí a bheith á leanúint go dleathach aige chomh maith le, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, aon cheann de na cuspóirí seo a leanas nó iad go léir:
- cúrsaí ginearálta an pháirtí a riaradh;
- taighde, oideachas agus oiliúint;
- beartais a cheapadh;
- gníomhaíochtaí chraobhacha agus chomhaltaí an pháirtí a chomhordú.
Meastar go mbíonn soláthar i leith rannpháirtíocht i ngníomhaíocht pholaitíochta a chur chun cinn i measc na mban agus daoine óga san áireamh sa mhaoiniúchán. Ní féidir úsáid a bhaint as an maoiniúchán chun speansais toghcháin nó reifrinn a fhorchúiteamh.
Soláthraíonn oifigeach cuí gach páirtí polaitíochta cáilithe Ráiteas Caiteachais Státchiste don Choimisiún um Chaighdeáin faoi 31 Márta gach bliain. Leagtar suim an mhaoiniúcháin a fuarthas i leith na bliana roimhe sin amach sa Ráiteas Caiteachais Státchiste, chomh maith le haon suim a tugadh ar aghaidh ón mbliain roimhe. Ní mór mionsonraí a sholáthar ann faoi na ceannteidil thuasluaite ar na cúrsaí ar feidhmíodh an maoiniúchán ina leith. Ní foláir d'iniúchóir poiblí an ráiteas a iniúchadh agus ní mór tuairisc an iniúchóra a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaighdeáin in éineacht leis an Ráiteas. Ní dhéantar íocaíochtaí i ndiaidh dheireadh Aibreáin d'aon bhliain le páirtí cáilithe mura bhfuil Ráiteas um Thabhartais agus Ráiteas Caiteachais Státchiste curtha ar fáil aige don Choimisiún um Chaighdeáin i leith na bliana roimhe sin.
Cuireann an Coimisiún um Chaighdeáin tuarascál ar fáil don Cheann Comhairle gach blian ag tabhairt mionsonraí ar an maoiniúchán a fuair páirtithe polaitíochta cáilithe don bhliain roimhe sin faoi na hAchtanna Toghcháin agus ar na cúrsaí ar feidhmíodh an maoiniúchán ina leith. Cuirtear na Ráitis Caiteachais Státchiste agus Tuarascálacha na nIniúchóirí os comhair Thithe an Oireachtais agus cuirtear ar fáil iad go ndéanfaidh an pobal iad a ghrinnscrúdú agus a chóipeáil. Cuireadh an tuarascáil i leith 2005 ar fáil don Cheann Comhairle an 16 Bealtaine 2006 agus tá sé ar fáil (leagan Bearla) ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin.