Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Tuarascáil Bhliantúil 2005

Fothoghcháin Dála Chill Dara Thuaidh agus na Mí an 11 Márta 2005

Tharla an vótaíocht i gcomhair na bhfothoghcháin Dála i gCill Dara Thuaidh agus sa Mhí an 11 Márta 2005 chun na folúntais a tháinig chun cinn de bharr gur imigh na hiartheachtaí Charles McCreevy agus John Bruton ón bpolaitíocht náisiúnta. Chuaigh ochtar iarrthóir san iomaíocht i gcomhair fhothoghchán Chill Dara Thuaidh agus seachtar san iomaíocht i gcomhair fhothoghchán na Mí.

B'éigean d'iarrthóirí nár éirigh leo ag na fothoghcháin Ráitis um Thabhartais a chomhlánú. B'éigean do ghníomhairí toghcháin gach iarrthóir agus do ghníomhairí náisiúnta an tsé pháirtí polaitíochta a chuaigh san iomaíocht sna fothoghcháin Ráitis um Speansais Toghcháin a chomhlánú. B'éigean do ghrúpaí nár bhain le páirtí ná le hiarrthóir ag na fothoghcháin agus a tharraing speansais toghcháin orthu fein, Ráitis um Speansais Toghcháin a chomhlánú freisin. B'éigean na ráitis sin go léir a bheith curtha ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 56ú lá tar éis lá na vótaíochta (.i. faoin 6 Bealtaine 2005).

B'éigean do na hiarrthóirí tofa, na Teachtaí Shane McEntee agus Catherine Murphy, mar Theachtaí Dála, Ráiteas bliantúil um Thabhartais a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin faoi 31 Eanáir 2006. B'éigean gach tabhartas a fuair siad i rith 2005 a bhí os cionn luach €634.87, a nochtadh, lena n-áirítear aon tabhartais den sórt sin a fuarthas i ndáil leis na fothoghcháin.

Tarraingíodh suim €321,767.25 san iomlán mar speansais toghcháin thar ceann an 15 iarrthóir agus an tsé pháirtí polaitíochta a chuaigh san iomaíocht sna fothoghcháin. As an tsuim sin, caitheadh €189,738.19 ag fothoghchán na Mí agus €132,029.06 ag fothoghchán Chill Dara Thuaidh. Ba é an teorainn chaiteachais ag fothoghchán na Mí ná €38,092.14 in aghaidh an iarrthóra agus €25,394.76 ag fothoghchán Chill Dara Thuaidh. Ní raibh aon ró-chaiteachas ag ceachtar den dá fhothoghchán. Cháiligh aon iarrthóir dhéag, seisear i gCill Dara Thuaidh agus cúigear sa Mhí, go n-aisíocfaí a speansais toghcháin, ar €6,348.69 a bhí i gceist i ngach cás.

Mheas an Coimisiún um Chaighdeáin gur speansais toghcháin a bhí i gceist le speansais €6,840 a tharraing Cónaidhm Slatiascairí Bradán agus Bric Ghil na hÉireann (FISSTA) agus Cumann Náisiúnta na gComhairlí Réigiúnacha Géim (NARGC) i rith na bhfothoghchán. Tarraingíodh na speansais ar fhógráin nuachtáin a mheas an Coimisiún um Chaighdeáin a bhí ceaptha le cur in éadan, go hindíreach, leasanna na n-iarrthóirí a bhí san iomaíocht sna fothoghcháin thar ceann pháirtithe an Rialtais. Fuarthas Ráiteas um Speansais Toghcháin thar ceann an dá eagraíocht ina dhiaidh sin an 19 Bealtaine 2005. Cé gur sháraigh an dá ghrúpa forálacha alt 31(7) de na hAchtanna Toghcháin nuair a theip orthu a chur in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin roimh ré go raibh futhu speansais toghcháin a tharraingt orthu fein, níor ghníomhaigh an Coimisiún um Chaighdeáin thairis sin ó thaobh an scéal a atreorú chuig na Gardaí, toisc gur chomhlíon an dá ghrúpa an reachtaíocht seachas sin trí Ráiteas um Speansais Toghcháin a sholáthar.

Forálann Alt 31(10) d'Acht 1997, má tá faoi fhoilsitheoir nuachtáin fógrán nó fógra a fhoilsiú ó dhuine nó ó ghrúpa atá ceaptha le cur in éadan leasanna páirtí polaitíochta nó iarrthóra ag fothoghchán Dála nó iad a chur chun cinn, go díreach ná go hindíreach, nach mór don duine nó don ghrúpa a bheith údaraithe le hamhlaidh a dhéanamh i scríbhinn ag iarrthóir ag an toghchán nó ag a g(h)níomhaire toghcháin nó ag gníomhaire náisiúnta páirtí polaitíochta. Mura n-údaraítear amhlaidh iad, ní mór don duine/ghrúpa a bheith in ann deimhniú ón gCoimisiún um Chaighdeáin a thaispeáint don fhoilsitheoir á dhearbhú go bhfuil alt 31(7) d'Acht 1997 comhlíonta ag an duine/grúpa.

Tá sé ina chion ag foilsitheoir nuachtáin, irise nó foilseacháin tréimhshiúil eile má theipeann orthu ceanglais alt 31(10) a chomhlíonadh. Toisc nár chuir FISSTA ná NARGC in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin go raibh futhu speansais toghcháin a tharraingt agus nach raibh deimhniú eisithe dóibh maidir le forálacha 31(7) den Acht a bheith comhlíonta acu, bhí an Coimisiún um Chaighdeáin den tuairim gur sháraigh a gcuid fógrán i nuachtáin an Meath Chronicle agus Leinster Leader forálacha alt 31(10) den Acht.

Scríobh an Coimisiún um Chaighdeáin chuig an dá nuachtáin agus, tar éis dó a bhfreagraí a bhreithniú, ghlac sé leis nár sháraigh ceachtar nuachtán forálacha alt 31(10) den Acht d'aon ghnó. Lena chois sin, dearbhaíodh don Choimisiún um Chaighdeáin go raibh nósanna imeachta curtha i bhfeidhm i ngach nuachtán lena chinntiú nach dtarlóidh sáruithe den sórt sin arís. Ar an mbonn sin, chinn an Coimisiún um Chaighdeáin gan gníomhú tuilleadh ó thaobh ceachtar scéal a atreorú chuig na Gardaí.

Tá mionsonraí ar speansais toghcháin a tarraingíodh ag na fothoghcháin agus ar thabhartais arna nochtadh ag iarrthóirí nár éirigh leo, i dtuarascáil don Cheann Comhairle a foilsíodh an 15 Iúil 2005 agus atá ar fáil ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin. Tá mionsonraí ar thabhartais arna nochtadh ag an mbeirt iarrthóir ar éirigh leo, leagtha amach i dtuarascáil don Cheann Comhairle a foilsíodh an 30 Márta 2006 agus atá ar fáil (leagan Bearla) ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin freisin.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|