- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Tuarascáil Bhliantúil 2005
Acht Toghcháin (Leasú) 2005
Ina Thuarascáil Bhliantúil i gcomhair 2004, thagair an Coimisiún um Chaighdeáin do dheacrachtaí a bhí tagtha chun cinn mar gheall gur tugadh alt 33 d'Acht Toghcháin (Leasú) 2004 isteach. Is éard a bhí beartaithe a dhéanamh le hAlt 33 ná mír 2(a) de Sceideal na nAchtanna Toghcháin a leasú chun breithiúnais na hArd-Chúirte agus na Cúirte Uachtaraí i gcás Desmond Kelly a léiriú. Ag eascairt as na breithiúnais sin, tá speansais toghcháin ag toghcháin Dála agus Pharlaimint na hEorpa a n-íoctar astu as cistí poiblí, faoi réir anois ag an teorainn chaiteachais atá infheidhmithe ag an toghchán agus ní mór cuntas a thabhairt ina dtaobh i Ráiteas um Speansais Toghcháin. Ní raibh costais den sórt sin inmheasta mar speansais toghcháin mar gheall ar mhír 2(a) go dtí sin. Bhí roinnt ceisteanna eile nach raibh le meas mar speansais toghcháin curtha san áireamh ag mír 2(a) freisin. Ní dhearna breithiúnais na Cúirte i gcás Desmond Kelly difear do na ceisteanna sin. Seachas mír 2(a) a leasú go sonrach i ndáil le costais a n-íoctar astu as cistí poiblí, baineadh an mhír amach ina hiomláine le hAlt 33.
Leag an Coimisiún um Chaighdeáin impleachtaí an leasaithe sin amach chomh maith lena cuid buaireamh maidir leis sin. Thuairisc sé go raibh na buairimh sin curtha in iúl don Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil aige, a thoiligh tograí reachtaíochta a thabhairt ar aghaidh lena dtabharfaí aghaidh ar an scéal. Thug an Coimisiún um Chaighdeán faoi deara go raibh Bille leasaitheach tugtha isteach. Achtaíodh an Bille sin ina dhiaidh sin an 9 Iúil 2005 mar Acht Toghcháin (Leasú) 2005 (Acht 2005). Tá an Coimisiún um Chaighdeáin sásta go dtugtar aghaidh go sásúil ar an tsaincheist le halt 6 d'Acht 2005 trí na ceisteanna sin nach ndearna breithiúnais na Cúirte difear dóibh, a thabhairt ar ais i mír 2(a) den Sceideal.