Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

Tuarascáil Bhliantúil 2005

Tabhartais

Tabhartais arna nochtadh ag TDeanna, Seanadóirí agus Feisirí Eorpacha i leith 2005

Faoi 31 Eanáir 2006, bhí ar TDeanna, Sheanadóirí agus ar Fheisirí Eorpacha a Ráitis maidir le Tabhartais agus cáipéisíocht a bhí ag gabháil leo a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin i leith 2005. Chaithfí aon tabhartais os cionn luach €634.87 a fuarthas i rith na bliana a nochtadh. Is é luach uasta na dtabhartas ar féidir glacadh leo ón deontóir céanna sa bhliain chéanna den fhéilire ná €2,539.48. Ní mór tabhartais arna bhfáil ón deontóir céanna a chomhbhailiiú agus a mheas mar thabhartas amháin chun críocha na dteorainneacha uasta maidir le tabhartais a nochtadh agus a ghlacadh. Tá cosc ar TDeanna, ar Sheanadóirí agus ar Fheisirí Eorpacha glacadh le tabhartais gan ainm os cionn €126.97 ná le tabhartais ón gcoigríoch d'aon luach.

Fuarthas 233 Ráiteas san iomlán maidir le Tabhartais i leith 2005 (166 TD, 60 Seanadóir agus 7 Feisire Eorpach - TDeanna nó Seanadóirí an 6 Feisire Eorpacha atá fágtha agus fuarthas Ráiteas amháin maidir le Tabhartais i leith a gcuid dé-shainorduithe siúd). Nochtadh tabhartais lenar bhain luach iomlán €147,526 i leith 2005. Laghdú 12% é sin i gcomparáid leis an bhfigiúr €166,793.79 i gcomhair na bliana 2004 den fhéilire. Bhí airgead, maoin, earraí agus seirbhísí san áireamh sna tabhartais a nochtadh.

Tá mionsonraí ar thabhartais a nochtadh i leith 2005 i dtuarascáil don Cheann Comhairle a foilsíodh an 30 Márta 2006. Tá mionsonraí sa tuarascáil (leagan Bearla), atá ar fáil ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin, ar Ráitis Fhorlíontacha maidir le Tabhartais a chuir John Hanafin, Seanadóir, ar fáil i leith 2003 agus 2004 freisin.

Tabhartais a rinne ildeontóirí in 2005

Forálann alt 24(1A) d'Acht 1997 (faoi mar a tugadh isteach le halt 6 den Acht Toghcháin (Leasú) 1998) nach mór do dhuine a thugann tabhartais i mbliain fhéilire, a dtéann a luach comhiomlán os cionn €5,078.95 do -

  1. bheirt nó níos mó a bhí, nuair a tugadh na tabhartais, ina gcomhalta den pháirtí polaitíochta céanna, nó
  2. dhuine amháin nó níos mó agus don pháirtí polaitíochta a raibh an duine nó na daoine sin ina gcomhaltaí de nuair a tugadh na tabhartais dóibh,

ráiteas maidir le Tabhartais a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin lena dtaispeántar luach comhiomlán na dtabhartas, an páirtí polaitíochta atá i gceist agus ainm, seoladh agus cur síos ar gach faighteoir. Ní mór don deontóir an ráiteas a chur ar fáil beag beann ar cibé an gá don fhaighteoir na tabhartais a nochtadh freisin. Ní bhfuarthas aon Ráiteas maidir le Tabhartais faoi alt 24(1A) i rith 2005.

Tabhartais arna nochtadh ag páirtithe polaitíochta i leith 2005

Faoi 31 Márta 2006, bhí ar gach ceann de na 13 pháirtí polaitíochta chláraithe Ráiteas maidir le Tabhartais a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin i leith tabhartas a fuarthas i rith 2005. B'éigean tabhartais os cionn luach €5,078.95 a fuarthas i rith na bliana a nochtadh. Is é luach uasta na dtabhartas is féidir le páirtí polaitíochta glacadh leo ón deontóir céanna sa bhliain chéanna den fhéilire ná €6,348.69. Ní mór tabhartais arna bhfáil ón deontóir céanna i rith na bliana a chomhbhailiú agus a mheas mar thabhartas amháin chun críocha na dteorainneacha uasta maidir le tabhartais a nochtadh agus a ghlacadh.

Thaispeáin ráitis a fuarthas in 2005 go bhfuair páirtithe polaitíochta tabhartais ab fhéidir a nochtadh, ar bhain luach iomlán €142,917.55 leo. Tá mionsonraí ar thabhartais a nochtadh i leith 2005 i dtuarascáil don Cheann Comhairle a foilsíodh an 16 Bealtaine 2006 agus atá ar fáil (leagan Bearla) ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin.

Tabhartais arna dtabhairt ag cuideachtaí á nochtadh faoi alt 26 d'Acht 1997

Ceanglaíonn Alt 26 ar chuideachtaí mionsonraí a chur san áireamh ina dtuarascáil/dtuairisceán bliantúil don Oifig um Chlárú Cuideachtaí (OCC) ar aon tabhartas/tabhartais pholaitíochta os cionn luach €5,078.95 a thug siad i rith na bliana lena mbaineann an tuarascáil/tuairisceán. Áirítear airgead, úsáid mhaoine, earraí agus seirbhísí ar bhonn saor in aisce nó faoi bhun costais agus luach comhlán ranníocaíochta arna déanamh ag cuideachta i leith imeacht le hairgead a thiomsú, mar thabhartais.

Ní mór luach an tabhartais agus ainm an té/an pháirtí pholaitíochta dár tugadh an tabhartas a shonrú sa tuarascáil/tuairisceán. Ní mór tabhartais arna dtabhairt ag cuideachta don té/pháirtí polaitíochta céanna i rith na bliana lena mbaineann an tuarascáil/tuairisceán, a chomhbhailiú agus ní mór caitheamh leo mar thabhartas amháin chun críocha an tairseach maidir le tabhartais srl. a nochtadh, a chomhlíonadh. Tá sé ina chion, le héifeacht ó 1 Eanair 2002, ag cuideachta gan forálacha alt 26 a chomhlíonadh. Is é an pionós don chion sin ná fíneáil nach mó ná €1,269.74.

Bhí idirchaidreamh ag an gCoimisiún um Chaighdeáin leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí (OCC) i rith 2005 agus scrúdaigh sé tuairisceáin arna ndéanamh ag cuideachtaí a bhí curtha san áireamh ar na Ráitis bhliantúla um Thabhartais a chuir páirtithe polaitíochta ar fáil, mar chuideachtaí a raibh tabhartais os cionn €5,078.95 tugtha acu. Ba léir ó na tuairisceáin a scrúdaíodh nach raibh na mionsonraí riachtanacha curtha san áireamh ag roinnt de na cuideachtaí sin sa tuarascáil/tuairisceán ábhartha a cuireadh ar fáil don OCC. Scríobh an Coimisiún um Chaighdeáin chuig na cuideachtaí a bhí i gceist á chur in iúl dóibh gur theip orthu alt 26 d'Acht 1997 a chomhlíonadh agus d'iarr orthu a chinntiú amach anseo, sa chás go dtugann an chuideachta tabhartais os cionn €5,078.95, go gcuirfear mionsonraí orthu sin san áireamh sa tuarascáil/tuairiscéan ábhartha don OCC.

I roinnt cás, ní raibh na suimeanna arna nochtadh ag cuideachtaí ina dtuarascáil/tuairisceán bliantúil ag teacht leis na suimeanna arna nochtadh ag an bpáirtí ar a Ráiteas bliantúil um Thabhartais. D'aithin an Coimisiún um Chaighdeáin go mb'fhéidir gur tharla sin mar gheall ar an bhfíric:

  1. nach le bliain amháin den fhéilire a bhain tuairisceáin a chuir roinnt de na cuideachtaí ar fáil (neamhchosúil le Ráiteas um Thabhartais de chuid páirtí polaitíochta); agus
  2. nach mór do chuideachtaí luach comhlán ranníocaíochta d'imeacht tiomsaithe airgid a nochtadh ach nach gá do pháirtí polaitíochta ach luach glan ranníocaíochta den sórt sin a nochtadh.

Scríobh an Coimisiún um Chaighdeáin chuig na páirtithe a bhí i gceist á iarraidh orthu mionsonraí a sholáthar ar thabhartais arna bhfáil acu ó na cuideachtaí a bhí i gceist i rith na tréimhse ábhartha. Más rud é go bhfuarthas tabhartas i bhfoirm ranníocaíochta le haghaidh imeachta tiomsaithe airigd, iarradh ar an bpáirtí luach comhlán agus luach glan an tabhartais a thabhairt le fios. Tá an Coimisiún um Chaighdeáin fós i mbun comhfhreagrais leis na páirtithe atá i gceist, tráth scríofa na tuarascála seo.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|