- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Tuarascáil Bhliantúil 2005
Raon na nAchtanna um Eitic
Fáiltíonn an Coimisiún um Chaighdeáin roimh dhá thacar rialachán a tugadh isteach in 2005 agus a bhí sínithe ag an Aire Airgeadais faoi Acht 1995. Is iad na rialacháin sin ná Na Rialacháin um Eitic in Oifigí Poiblí (Poist Ainmnithe i gComhlachtaí Poiblí) Rialacháin (Leasú) 2005 (I.R. Uimh. 673 de 2005), lena bhforordaítear poist ainmnithe i Ranna agus in Oifigí na Státseirbhíse agus Na Rialacháin um Eitic in Oifigí Poiblí (Comhlachtaí Poiblí Forordaithe, Stiúrthóireachtaí Ainmnithe dá gcuid agus Poist i gComhlachtaí Poiblí) 2005 (I.R. Uimh. 672 de 2005), lena bhforordaítear comhlachtaí poiblí, stiúrthóireachtaí ainmnithe agus poist ainmnithe in eagraíochtaí sa tseirbhís phoiblí ar bhonn níos leithne. Leasaíonn na rialacháin nua, ar tháinig éifeacht leo an 1 Eanáir 2006, rialacháin a rinneadh roimhe sin in 2004, agus tugann cothrom le dáta iad. Méadaíonn na rialacháin nua líon na gcomhlachtaí forordaithe sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí atá faoi chuimsiú raon na nAchtanna um Eitic ó beagnach 400 go dtí thart ar 470. Fáiltíonn an Coimisiún um Chaighdeáin roimh ghealltanas na Roinne Airgeadais leis na rialacháin a choinneáil cothrom le dáta.
Ina Thuarascáil Bhliantúil i gcomhair 2004, thug an Coimisiún um Chaighdeáin faoi deara nach raibh ach poist áirithe sna 35 Bhord Fiontair Cathrach agus Contae, na Príomhfheidhmeannaigh go príomha, forordaithe mar phoist ainmnithe chun críocha na nAchtanna um Eitic agus nach raibh comhaltaí na mBord sin forordaithe mar stiúrthóirí ainmnithe agus nach raibh siad clúdaithe faoin reachtaíocht dá réir sin. Forordaíonn na rialacháin nua comhaltacht ar na boird sin mar stiúrthóireachtaí ainmnithe anois; forbairt eile é sin a bhfáiltíonn an Coimisiún roimpi.
Leathnú an-suntasach eile a rinneadh ar na hAchtanna um Eitic ná gur cuireadh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte san áireamh sna Rialacháin. In éineacht le sé cinn de bhoird ospidéil arna mbunú ag an Aire Sláinte (Ospideál Beaumont, Ospidéal Thamhlachta, Ospidéal Déidliachta Bhaile Átha Cliath, Ospidéal Phairc Bhaile Na Lobhar, Ospidéal Naomh Shéamais agus Ospidéal Naomh Lúcás), beidh líon mór daoine a bhfuil lámh acu san earnáil sláinte faoi réir fhorálacha na reachtaíochta anois. Tá an sé hospidéal a luadh curtha san áireamh toisc go dtagann siad faoi chuimsiú an tsainmhínithe ar chomhlacht poiblí faoi chuimsiú chiall na nAchtanna um Eitic toisc gur bunaíodh le hachtachán iad. Níl roinnt ospidéal poiblí deonach amhail Ospidéal Naomh Uinseann, Ospidéal Mater Misericordiae agus Ospidéal Ollscoile na Trócaire, curtha san áireamh sna rialacháin toisc nach dtagann siad faoi chuimsiú an tsainmhínithe ar chomhlacht poiblí. Faoi na hAchtanna um Eitic, bíonn an tAire Airgeadais in ann aon chomhlacht, eagraíocht nó ghrúpa eile a dhéantar a airgeadú go hiomlán, nó cuid de, as cistí arna soláthar ag an Oireachtas, a fhorordú mar chomhlacht poiblí chun críocha na reachtaíochta, más cóir, dar leis an Aire, comhlacht den sórt sin a fhorordú ar an gcaoi sin ar mhaithe le leas an phobail agus aird á tabhairt ar fhorálacha agus spiorad an Achta. Chuirfeadh sé sin, faoi seach, ar chumas an Aire stiúrthóireachtaí ainmnithe agus poist ainmnithe sna comhlachtaí sin a fhorordú ionas go bhfeidhmeofar na forálacha de na hAchtanna um Eitic maidir le leasanna srl. a nochtadh, go comhleanúnach trasna na hearnála sláinte a mhaoinítear as cistí poiblí.
Foráiltear le hAcht 1995 go bhféadfaidh an tAire stiúrthóireachtaí agus poist fhostaíochta i gcomhlachtaí poiblí a fhorordú chun críocha na nAchtanna um Eitic má mheasann sé go bhfuil sé riachtanach amhlaidh a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail ionas go gcinnteofar, i gcás go bhféadfadh coimhlint teacht chun cinn, dar leis an Aire, idir leas atá i seilbh stiúrthóra nó fostaí agus leas an phobail, nach bhfeidhmeofar an fheidhm gan an leas a bheith nochtaithe.
Cé go bhfuil líon na gcomhlachtaí poiblí atá faoi chuimsiú shainchúram na nAchtanna um Eitic tar éis a bheith leathnaithe go suntasach le dhá bhliain anuas, tá roinnt eagraíochtaí a mhaoinítear as cistí poiblí fós ann nach bhfuil a gcuid stiúrthóirí nó fostaithe faoi réir ag forálacha na reachtaíochta maidir le leasanna srl. a nochtadh. Tá leideanna faighte ag an gCoimisiún um Chaighdeáin go raibh roinnt iarrachtaí ar siúl i ranna agus i gcomhlachtaí rialtais le cur i gcoinne na comhaltaí ar bhoird chomhairleacha a bheith á bhforordú mar stiúrthóirí ainmnithe chun críocha na nAchtanna um Eitic ar an mbonn nach stiúrthóirí atá iontu. Tagraíonn an sainmhíniú ar "stiúrthóir" sna hAchtanna um Eitic do stiúrthóir faoi chuimsiú chiall Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go dtí 1990, ach áiríonn sé freisin, i gcás comhlachta poiblí nach cuideachta é "duine atá ina chomhalta de nó comhalta d'aon bhoird nó aon chomhlachta eile a rialaíonn, a bhainistíonn nó a riarann é". Toisc gur féidir a shamhlú go bhféadfaidh coimhlint leasa teacht chun cinn do chomhalta de bhord comhairleach den sórt sin le linn dó nó di a bheith ag feidhmiú a f(h)eidhmeanna, ní mór aird chuí a thabhairt ar an gceist cibé an mbeadh sé le leas an phobail nach nochtófaí coimhlint leasa den sórt sin de réir fhorálacha na reachtaíochta.
Tugann an Coimisiún um Chaighdeáin faoi deara freisin nár leathnaíodh sainchúram na nAchtanna um Eitic go fóill chun na comhlachtaí forfheidhmithe thuaidh/theas a chlúdach. Bhunaigh Rialtais na hÉireann agus na Breataine na comhlachtaí chun beartais arna gcomhaontú ag airí sa Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas a chur i ngníomh. Is iad na comhlachtaí sin ná Coimisiún an Fheabhail, Chairlinn agus Shoilse na hÉireann (le bheith comhdhéanta de Ghníomhaireacht na Soilse agus de Ghníomhaireacht na Lochanna ach nach mbeidh ach Gníomhaireacht na Lochanna i mbun feidhme ina measc), InterTradeIreland, an Comhlacht Teanga Thuaidh/Theas (arna chomhdhéanamh de Tha Boord o Ulster-Scotch agus d'Fhoras na Gaeilge), Safefood: an Bord um Chur Chun Cinn Sábháilteachta Bia agus Uiscebhealaí Éireann. Bunaíodh cuideachta phoiblí theoranta, Turasóireacht Éirinn, lena chois sin, chun oileán na hÉireann a mhargú go hidirnáisiúnta. Tá feidhmeanna a bhíodh á bhfeidhmiú ag dhá chomhlacht roimhe, Coimisiún Iascaigh an Fheabhail agus Bord na Gaeilge, a bhí faoi chuimsiú shainchúram na nAchtanna um Eitic, glactha ag dhá cheann de na comhlachtaí, Gníomhaireacht na Lochanna agus Foras na Gaeilge faoi seach. Tá an Coimisiún um Chaighdeáin den tuairim gur chóir cuimhneamh ar na comhlachtaí thuasluaite a chur san áireamh faoi chuimsiú raon na nAchtanna um Eitic chomh fada agus a bhaineann sé lena gcuid gníomhaíochtaí laistigh den Stát.
Is mian leis an gCoimisiún um Chaighdeáin béim a leagan freisin ar an ngá go gcinnteodh comhlachtaí poiblí, sa chás go bhfuil stiúrthóireachtaí agus poist fhostaíochta forordaithe mar stiúrthóireachtaí ainmnithe agus phoist ainmnithe, go gcuirfear a bhfreagrachtaí in iúl do dhaoine, a bhfuil oibleagáidí faoi na hAchtanna um Eitic orthu i ndáil le leasanna a nochtadh nó le fianaise a sholáthar go bhfuil reachtaíocht chánachais comhlíonta, in am trátha go bhféadfaidh siad na hoibleagáidí a chomhlíonadh. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gurb ar na daoine aonair atá i gceist atá an bhunfhreagracht as na freagrachtaí sin a chomhlíonadh. Leagann an Coimisiún um Chaighdeáin béim air seo áfach - tá sé ríthábhachtach go gcaithfeadh gach comhlacht poiblí forordaithe go dáiríre leis na hoibleagáidí a ghabhann le stiúrthóirí agus fostaithe ainmnithe faoi na hAchtanna um Eitic. Molann sé mar sin go gcuirfeadh comhlachtaí poiblí faisnéisiú ábhartha san áireamh mar chuid d'oiliúint ionduchtúcháin agus gur chóir go mbeadh nósanna struchtúrtha acu le teagmháil a dhéanamh, uair sa bhliain ar a laghad, le stiúrthóirí agus fostaithe ainmnithe, le leanúint suas leis an oiliúint chun na céimeanna nach mór a ghlacadh, a chur i gcuimhne dóibh, lena chinntiú go gcomhlíonfar an reachtaíocht. Le cois an ábhair fhaisnéise ghinearálta a sholáthraíonn sé ar bhonn rialta, bíonn an Coimisiún um Chaighdeáin ar fáil chun cabhrú leis an bpróiseas sin agus chun treoir agus comhairle dhíreach a sholáthar maidir le haon saincheist a bhaineann le forálacha na nAchtanna um Eitic faoi mar a bhféadfaidís a bheith infheidhmithe i leith stiúrthóirí agus fhostaithe ainmnithe aonair.