- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
Tuarascáil Bhliantúil 2004
NA hACHTANNA TOGHCHÁIN
Soláthraíonn Acht Toghcháin 1997 creat oibre chun síntiúis pholaitíochta a dhéantar le Teachtaí Dála, le Seanadóirí, MEPanna, páirtithe polaitíochta agus iarrthóirí toghcháin a nochtadh agus teorainn a chur leo. Rialaíonn sé freisin an caiteachas a dhéanann páirtithe polaitíochta agus iarrthóirí i dtoghcháin Dála, Seanad, i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin uachtaránachta. Forálann an tAcht costais toghcháin a aisíoc le hiarrthóirí cáilithe agus tugann sé deis don Stát páirtithe polaitíochta a mhaoiniú (cuntas faoi sin i gCaibidil 3).
Mar thoradh ar luath thaithí a fháil ar an reachtaíocht a fheidhmiú thar ceann an iar-Choimisiúin Oifigí Poiblí, aithníodh go raibh riachtanas ann leasuithe a dhéanamh i roinnt réimsí. Baineadh é sin amach tríd an tAcht Toghcháin (Leasú) 1998 a achtú. Tharla tuilleadh athruithe leis an Acht Toghcháin (Leasú) 2001, lena n-áirítear teorainneacha a thabhairt isteach ar luach na síntiús a bhféadfaí glacadh leo agus cosc ar shíntiúis coigríche a ghlacadh. Leagann Acht 2001 rialacha síos chomh maith a chlúdaíonn clárúchán agus maoiniú tríú páirtithe a mbíonn baint acu le gníomhaíocht pholaitiúil agus tá foráil ann chun síntiúis airgid a fhaightear ó bhrainsí páirtithe polaitíochta a thaifeadadh. I 2002, rinneadh leasú ar an reachtaíocht sin faoi dhó arís. Díreach roimh an olltoghchán Dála, rinne an tAcht Toghcháin (Leasú) 2002 soiléiriú ar cad a mheastar is síntiús a thugann páirtí polaitíochta dá n-iarrthóirí. Tar éis an toghcháin, chuir an tAcht Toghcháin (Leasú) (Uimh. 2) 2002 siar an dáta a gcaithfí ráitis costais toghcháin a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaighdeáin go dtí go raibh imeachtaí sa Chúirt Uachtarach, faoi cad a chiallaigh costais toghcháin, tugtha chun críche. Chun éifeacht a thabhairt do bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraí sa chás sin, rinneadh achtú ar an Acht Toghcháin (Leasú) 2004. Pléitear alt 33 d’Acht 2004 níos déanaí sa tuarascáil seo.
Le linn 2004, rinne an Coimisiún um Chaighdeáin maoirsiú ar chomhlíonadh na reachtaíochta thuas ar fud a réimse leathan cliaint a bhfuil oibleagáidí reachtúla le comhall acu. Áiríodh Teachtaí Dála, Seanadóirí, MEPanna, páirtithe polaitíochta, tríú páirtithe, aonaid chuntasaíochta de pháirtithe polaitíochta agus iarrthóirí ag toghcháin Pharlaimint na hEorpa agus toghchán na huachtaránachta orthu sin. Níorbh ionann leis an seasamh faoi na hAchtanna um Eitic, áit a gcuirtear cosc ar roinnt eolais a fhaigtear faoin reachtaíocht sin a nochtadh, bíonn cuid mhór den ábhar a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin um Chaighdeáin faoina hAchtanna Toghcháin sa phobal i bhfoirm tuarascálacha chuig an gCeann Comhairle a chuirtear os comhair Thithe an Oireachtais. Cuirtear an t-ábhar ar fáil chomh maith don phobal lena imscrúdú agus lena chóipeáil, lena n-áirítear, i bhfoirm acoimhre, ar láithreán Gréasáin an Choimisiúin um Chaighdeáin. Chun téarmaí na reachtaíochta a chomhlíonadh, ní fhoilsítear sonraí cuntais bainc agus teastais síntiús airgid. Breithníonn an Coimisiún um Chaighdeáin go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go gcuirfí eolas a sheoltar chuige faoina hAchtanna Toghcháin ar fáil go forleathan. Feabhsófar rochtain ar an ábhar níos mó le linn 2005 nuair atáthar ag súil go dtabharfar chun críche uasghrádú atáthar a dhéanamh ar láithreán Gréasáin an Choimisiúin um Chaighdeáin.
Tá eolas ó aischuir reachtúla éagsúla a rinneadh leis an gCoimisiún um Chaighdeáin maidir le 2003 agus 2004 leagtha amach i bhfoirm tábla in Aguisín 1 den tuarascáil seo.