Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

13/12/07 - Tuarascáil ar nochtadh síntiúis agus speansais toghcháin in olltoghchán na Dála 2007

CAIBIDIL 8 - Achoimre ar leasuithe ar an reachtaíocht a mhol an Coimisiún um Chaighdeáin

  1. Mar an comhlacht le freagracht as maoirseacht a dhéanamh ar an Acht, ba chóir go mbeadh ról reachtúil ag an gCoimisiún um Chaighdeáin le hathbhreithniú a dhéanamh ar an mbealach a fheidhmítear an tAcht agus le tuairisciú ar thorthaí an athbhreithnithe sin. (Caibidil 1 - Réamhrá)
  2. Ba chóir go spreagfaí athbhreithniú iomlán ar an reachtaíocht de bharr go bhfuiltear ag beartú Coimisiún Toghcháin a chur ar bun, faoi mar a leagadh amach sa chlár reatha don rialtas. (Caibidil 1 - Réamhrá)
  3. Ceanglaítear ar an gCoimisiún um Chaighdeáin cuimhneamh cibé acu an atreoróidh sé iarrthóirí áirithe ar aghaidh chuig na Gardaí toisc gur loiceadar Deimhniú Síntiús Airgid nó ráiteas bainc a chur ar fáil faoin 19 Iúil 2007, an spriocdháta reachtúil. Is é dearcadh an Choimisiúin um Chaighdeáin ná nach réasúnach dar leis gur chóir an dlí a chur ar dhuine a d'oscail cuntas síntiús polaitíochta ach a loic an cháipéisíocht tacaíochta riachtanach a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin, agus nach ndlífear an dlí a chur ar dhuine faoin Acht, nár oscail cuntas síntiús polaitíochta ar an gcéad dul síos. Maidir leis sin, measann an Coimisiún um Chaighdeáin go bhfuil sé fíorthábhachtach go bhforálfaí le haghaidh duine a loiceann cuntas síntiús polaitíochta a oscailt nuair a cheanglaítear air amhlaidh a dhéanamh. (Mír 2.4 - Deimhnithe Síntiús Airgid agus Ráitis Bhainc a Breithníodh)
  4. Tá úsáid chistí poiblí chun críocha toghcháin ina ceist mhór ar gá a athmheas i bhfianaise athruithe a dhéanfar ar an dlí toghcháin amach anseo. B'fhearr mar a chinnteofaí go mbeadh cothrom na féinne ag gach iarrthóir ach soiléire den sórt sin a sholáthar faoi chuimsiú raon an chóid toghcháin, seachas mar chuid de reachtaíocht eile, ar rí-léir go ngabhann cuspóir ar leithligh ar fad léi (Acht Choimisiún Thithe an Oireachtais 2006). (Mír 3.3 - Speansais Toghcháin arb as cistí poiblí a íocadh a gcostais ar dtús)
  5. Forálann alt 59 den Acht Toghcháin 1992 le haghaidh "gníomhairí toghcháin" a cheapadh chun cabhrú leis an iarrthóir go ginearálta i ndáil le holltoghchán Dála agus le haghaidh leasghníomhairí a cheapadh le bheith i láthair thar ceann an iarrthóra le vótaí a chomhaireamh agus chun críocha sonracha eile a leagadh amach in Acht 1992. Bhí sé seo ina údar mearbhaill toisc gur fhógair roinnt iarrthóirí na "gníomhairí" seo mar a ngníomhaire toghcháin don olltoghchán cé gur beag feidhm nó eolas, nó feidhm nó eolas ar bith, a bhí ag na daoine seo i ndáil le speansais, a tarraingíodh thar ceann an iarrthóra ag an toghchán, a rialú. Molann an Coimisiún um Chaighdeáin gur chóir an téarma "gníomhaire toghcháin" a leasú chuig "oifigeach cuntasaíochta um chaiteachas toghcháin" nó "gníomhaire caiteachais toghcháin". (Mír 3.4 - Ceapachán gníomhairí toghcháin na n-iarrthóirí)
  6. Ní mór fógra faoi athrú gníomhaire toghcháin a chur tríd an gCeann Comhairimh don dáilcheantar. Fágann sin go mbíonn leibhéal maorlathais neamhriachtanach i gceist do gach duine a bhaineann leis an scéal agus is féidir leis moill a chur ar an gCoimisiún um Chaighdeáin na Ráitis áirithe seo um Speansais Toghcháin a thabhairt chun críche, ráitis nár chomhlánaigh an gníomhaire toghcháin a fógraíodh, go hiomlán. Measann an Coimisiún um Chaighdeáin gurbh fhearr dá gceanglófaí ar iarrthóirí ceapachán nó athrú gníomhaire toghcháin a fhógairt don Choimisiún um Chaighdeáin go díreach. (Mír 3.4 - Ceapachán gníomhairí toghcháin na n-iarrthóirí)
  7. Bhí go leor fianaise ann i rith an toghcháin faoi chaiteachas réamhthoghcháin ag páirtithe agus iarrthóirí agus bhí sé go mór i mbéal na ndaoine. Níor ceanglaíodh ar pháirtithe agus ar iarrthóirí cuntas a thabhairt sa chaiteachas seo mura úsáideadh na hábhair i rith thréimhse an toghcháin. Tagann buairimh, a bhfuil údar maith leo, chun cinn dá bharr seo go laghdaítear éifeachtacht na dteorainneacha caiteachais toisc go mbítear ag caitheamh chaiteachas an fheachtais roimh thréimhse an toghcháin ar an gcaoi seo agus tharlódh sé go bhfeicfear do dhaoine dá thoradh nach bhfuil san obair maidir le cuntas a thabhairt i gcaiteachas ag toghcháin ach rud ar mhaithe le páipéarachas. Molann an Coimisiún um Chaighdeáin go mairfidh tréimhse toghcháin ar feadh 2/3 mhí agus measann go bhféadfaí caiteachas ar earraí, mhaoine nó sheirbhísí a úsáidtear chun críocha toghcháin i rith na treimhse seo a fhorléiriú le réasún mar chaiteachas a bhí beartaithe chun tacaíocht a lorg ag an toghchán d'iarrthóir nó pháirtí polaitíochta. (Mír 3.7 -Tréimhse an Toghcháin)
  8. D'fhéadfadh deacracht a bheith i gceist, do roinnt iarrthóirí neamhpháirtí nó d'iarrthóirí na bpáirtithe polaitíochta atá níos lú, de bharr go mbíonn nithe, amhail sólaistí d'oibrithe deonacha an fheachtais agus costais pheitril na n-iarrthóirí, fágtha amach as an sainmhíniú ar speansais toghcháin. Is ionann na nithe seo agus costais iarbhír nach féidir a chúiteamh leis na hiarrthóirí seo sa chás go mbeidís cáilithe le haghaidh cúitimh agus má bhíonn iomlán a gcuid speansas toghcháin níos lú ná €8,700. B'fhéidir go mbeidh cead ag an gCoimisiún um Chaighdeáin déanamh de réir a chomhairle féin agus nithe den sórt sin a chur san áireamh (ach admhálacha cearta a bheith ar fáil dóibh) sna speansais iomlána toghcháin a fhéadfar a chúiteamh leis na hiarrthóirí seo. (Caibidil 4 - Cúiteamh i speansais toghcháin iarrthóirí)
  9. Bhí deacracht ag an gCoimisiún um Chaighdeáin maidir le maoirseacht a dhéanamh ar fhorálacha alt 31(10) den Acht sa mhéid is go dtagraíonn na forálacha seo d'fhoilsiú fógrán a chuireann iarrthóirí nó páirtithe polaitíochta chun cinn, nó a chuireann ina gcoinne, go díreach nó go hindíreach. Tagraíonn na forálacha d'alt 31(7) den Acht, a bhaineann le "daoine eile" a bheith ag cur fógrán den sórt sin i bhfoilseacháin, do dhaoine a bheith ag tarraingt speansas toghcháin orthu féin agus cuimsíonn an téarma "ag féachaint le tionchar a imirt ar thoradh toghcháin". Tuigeann an Coimisiún um Chaighdeáin go bhféadfaí an déchiallachas seo san Acht a úsáid mar chosaint nó go bhféadfaí é a fhorléiriú i gcoinne an dlí a bheith á chur ar dhuine faoi chion faoi alt 43(4) den Acht (as loiceadh alt 31(10) den Acht a chomhlíonadh). Measann an Coimisiún um Chaighdeáin, mar sin, go bhféadfaí roinnt comhleanúnachais a thabhairt isteach sa chuid seo den Acht ach an téarma "ag féachaint le tionchar a imirt ar thoradh toghcháin" a chur san áireamh mar chuid d'fhorálacha alt 31(10) den Acht. (Caibidil 6 - Comhfhreagras le nuachtáin, irisí, srl. maidir le halt 31(10) den Acht).

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|