Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

13/12/07 - Tuarascáil ar nochtadh síntiúis agus speansais toghcháin in olltoghchán na Dála 2007

CAIBIDIL 7 - Foilsiú na Ráiteas um Shíntiúis agus Ráiteas um Speansais Toghcháin a cuireadh ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin

De réir alt 24(7) den Acht, leagadh cóip de gach Ráiteas um Shíntiúis arna fháil ag an gCoimisiún um Chaighdeáin ó iarrthóirí nár éirigh leo ag olltoghchán na Dála faoi bhráid gach Teach den Oireachtas inniu. Faoi mar a dúradh i mír 2.3, tá an Coimisiún um Chaighdeáin fós ag leanúint le hiarrthóir amháin le haghaidh Ráiteas um Shíntiúis a bheidh comhlánaithe i gceart agus leagfaidh sé an Ráiteas um Shíntiúis, arna chomhlánú i gceart, faoi bhráid na dTithe agus cuirfidh sé ar fáil a luaithe is a fhaighfear é go mbeidh an pobal in ann é a imscrúdú.

De réir alt 37(1) den Acht, leagadh cóip de gach Ráiteas um Speansais Toghcháin, a cuireadh ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin i ndáil le holltoghchán na Dála agus lena bhfuil an Coimisiún um Chaighdeáin sásta gur comhlánaíodh i gceart é, faoi bhráid gach Teach den Oireachtas inniu.

De réir alt 73 den Acht, tá na Ráitis um Shíntiúis agus na Ráitis um Speansais Toghcháin arna bhfáil ag an gCoimisiún um Chaighdeáin, in éineacht le haon sonraisc, admhálacha nó dearbháin ábhartha, á gcur ar fáil inniu go mbeidh an pobal in ann iad a imscrúdú agus a chóipeáil ag oifigí an Choimisiúin um Chaighdeáin.

Tá an Coimisiún um Chaighdeáin fós ag leanúint le triúr gníomhaire toghcháin a bhfuil Ráiteas um Speansais Toghcháin, a bheidh comhlánaithe i gceart, fós le cur ar fáil acu. Ar mhaithe leis an tuarascáil seo a fhoilsiú agus lena chinntiú go gcuirfear mionsonraí ar chaiteachas toghcháin ar fáil don phobal, tá an fhaisnéis bhunaidh, in aineoinn nach bhfuil sé ceart, a sholáthair na gníomhairí toghcháin seo, á cur san áireamh ag an gCoimisiún um Chaighdeáin ina thuarascáil. Níl sé ag leagan na dtuairisceán mícheart faoi bhráid na dTithe áfach ná á gcur ar fáil go mbeidh an pobal in ann iad a imscrúdú. Leanfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin ar aghaidh le bheith ag leanúint leis na gníomhairí atá i gceist le haghaidh Ráitis um Speansais Toghcháin, a bheidh comhlánaithe i gceart, agus leagfaidh na ráitis arna gcomhlánú i gceart faoi bhráid na dtithe agus cuirfidh iad ar fáil go mbeidh an pobal in ann iad a imscrúdú a luaithe is a fhaighfear iad.

Beidh cóip den tuarascáil seo agus den Phreasráiteas a ghabhann leis, in éineacht le cuntas achomair ar na síntiúis a fuarthas agus na speansais toghcháin a tarraingíodh, ar fáil ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin www.sipo.gov.ie.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|