- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
13/12/07 - Tuarascáil ar nochtadh síntiúis agus speansais toghcháin in olltoghchán na Dála 2007
CAIBIDIL 6 - Comhfhreagras le nuachtáin, irisí, srl.
Forálann alt 31(10) den Acht nach bhfoilseoidh foilsitheoir nuachtáin, irise nó fhoilseacháin tréimhsiúil eile aon fhógrán nó fhógra i ndáil leis an olltoghchán a airbheartóidh leasanna páirtí pholaitíochta nó iarrthóra ag an toghchán a chur chun cinn, nó cur ina gcoinne, go díreach nó go hindíreach, ach amháin sa chás go n-iarrann duine de na daoine seo a leanas air:
- gníomhaire náisiúnta páirtí pholaitíochta, nó duine arna údarú i scríbhinn ag gníomhaire den sórt sin.
- iarrthóir ag an toghchán, gníomhaire toghcháin iarrthóra nó duine arna údarú i scríbhinn ag iarrthóir nó gníomhaire den sórt sin.
- "duine eile" a thugann deimhniú ón gCoimisiún um Chaighdeáin ar airde don fhoilsitheoir á dhearbhú gur chomhlíon an duine alt 31(7) den Acht (féach Caibidil 5).
Tá sé ina chion faoi alt 43(4) den Acht má loiceann foilsitheoir nuachtáin, irise nó fhoilseacháin tréimhsiúil eile ceanglais alt 31(10) a chomhlíonadh.
Scríobh an Coimisiún um Chaighdeáin an 2 Bealtaine 2007 chuig eagarthóirí agus bainisteoirí fógraíochta bhreis is 120 nuachtán náisiúnta agus áitiúil le forálacha alt 31(10) den Acht a chur in iúl dóibh agus á iarraidh orthu an fhoráil seo a chur ar a shúile d'aon duine ina n-eagraíocht a bhfuil freagracht air as fógráin nó fógraí poiblí a fhoilsiú.
Rinne an Coimisiún um Chaighdeáin monatóireacht ar fhógraíocht na nuachtán ag an toghchán agus dá thoradh seo, tháinig sé ar an eolas faoi na fógráin seo a leanas ar chosúil gur glacadh leo agus alt 31(1) den Acht á shárú:
1. Fógráin i nuachtán an Kerryman ag tacú le Tom Sheahan (iarrthóir Fhine Gael).
Cuireadh cúig fhógráin isteach, ceithre chinn ó dheartháireacha an iarrthóra agus ceann amháin ó chomhairleoir áitiúil. Measadh go raibh na fógráin nasctha le hiarrthóireacht an Uas. Sheahan. D'údaraigh a ghníomhaire toghcháin na fógráin ina dhiaidh sin agus thug cuntas iontu ar a Ráiteas um Speansais Toghcháin. Chinn an Coimisiún um Chaighdeáin ar an mbonn sin nach ndéanfaí aon rud eile maidir le sárú féideartha alt 31(10) den Acht ag an Kerryman.
2.(a) Fógráin i nuachtáin an Roscomman Champion ag tacú le Denis Naughten TD.
Foilsíodh cúig fhógráin ó Chomhairleoirí Fhine Gael Gerry Garvey, John Naughten, Dominick Connolly, Ollie Moore agus Charlie Hopkins ag tacú le hiarrthóireacht an Teachta Naughten i rith thréimhse an toghcháin. Dhearbhaigh an Roscommon Champion don Choimisiún um Chaighdeáin gur chosain ceithre chinn de na fógráin suim ba lú ná €126.97. Toisc gurbh ionann na fógráin seo agus "mionspeansais" faoi mar a sainmhíníodh i gCuid 2(g) den Sceideal a ghabhann leis an Acht agus nach meastar mar sin mar speansais toghcháin faoin Acht iad, ní bheadh ar na daoine a chuir na fógráin isteach alt 31(7) den Acht a chomhlíonadh (féach Caibidil 5 thuas) agus mar gheall air sin, ní bheadh siad in ann deimhniú a chomhlíonta sin a thabhairt ar aird don nuachtán. Mheas an Coimisiún um Chaighdeáin, mar sin, nárbh fhéidir aon rud eile a dhéanamh i ndáil le sárú féideartha alt 31(10) den Acht ag an Roscommon Champion.
Chuaigh an cúigiú fógrán, a chuir John Naughten, Comhairleoir, isteach, os cionn €126.97. Meastar gur speansas toghcháin é seo a mheastar a bheith nasctha le feachtas an Teachta Naughten. Chuir an nuachtán in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin go bhfuair sé údarú ó bhéal ó fhostaí an Teachta Naughten chun an fógrán seo a fhoilsiú. D'údaraigh gníomhaire naisiúnta Fhine Gael an fógrán ina dhiaidh sin agus thug cuntas ann ar a Ráiteas um Speansais Toghcháin.
2.(b) Fógráin a chuir Coiste Aicsin Ospidéal Ros Comáin (RHAC) sa Roscommon Champion ag tacú le hiarrthóireacht John Kelly (Neamhpháirtí)
Faoi mar a dúradh i gCaibidil 5, níor chomhlíon RHAC alt 31(7) den Acht. Thug gníomhaire toghcháin an Uas. Kelly cuntas sna fógráin mar speansas toghcháin ina dhiaidh áfach agus chuir RHAC san áireamh mar dhuine údaraithe ar a Ráiteas um Speansais Toghcháin. I bhfianaise gur údaraíodh na fógráin ina dhiaidh, ní dhearna an Coimisiún um Chaighdeáin aon rud eile maidir le sárú féideartha alt 31(10) den Acht ag an Roscommon Champion.
3. Fógrán ag an Uas. Declan Waugh san Irish Times agus san Irish Examiner.
Faoi mar a dúradh i gCaibidil 5, níor chomhlíon an tUas. Waugh alt 31(7) den Acht. Cé gurbh é tuairim an Choimisiúin um Chaighdeáin go bhféadfaí na fógráin a mheas mar nithe a chuir toghadh iarrthóirí "glasa" chun cinn go hindíreach, agus go bhféadfaí, mar sin, iad a mheas mar nithe a sháraíonn alt 31(10) den Acht, d'aithin sé freisin nár thagair na fógráin go sonrach d'aon pháirtí nó iarrthóir ar leith agus go raibh siad sách déchiallach gur dhiúltaigh sé an scéal a atreorú ar aghaidh chuig na Gardaí leis an dlí a chur air faoi chion faoi alt 43(4) den Acht.
4. Fógrán ag Cumann Tráchtála Bhaile Chill Dara (KTCC) i nuachtán an Leinster Leader.
Faoi mar a dúradh i gCaibidil 5, níor chomhlíon KTCC alt 31(7) den Acht. Cé gurbh é tuairim an Choimisiúin um Chaighdeáin go bhféadfaí an fógrán a mheas mar cheann a chuir iarrthóirí ó Bhaile Chill Dara chun cinn go hindíreach, agus go bhféadfaí, mar sin, é a mheas mar fhógrán a sháraíonn alt 31(10) den Acht, d'aithin sé freisin nár thagair an fógrán go sonrach d'aon pháirtí nó iarrthóir ar leith agus go raibh siad sách déchiallach gur dhiúltaigh sé an scéal a atreorú ar aghaidh chuig na Gardaí leis an dlí a chur air faoi chion faoi alt 43(4) den Acht. Agus an Coimisiún um Chaighdeáin ag teacht ar an tuairim seo, thug sé aird ar an méid a mhaígh an eagraíocht, is é sin gurbh é cuspóir an fhógráin ná daoine a spreagadh lena vóta a úsáid agus nach raibh sé beartaithe le tionchar a imirt ar thoradh an toghcháin.
5. Fógrán ag Keep Ireland Open (KIO) i nuachtán an Irish Times agus an Irish Independent.
Faoi mar a dúradh i gCaibidil 5, níor chomhlíon KIO alt 31(7) den Acht. Cé gur mheas an Coimisiún um Chaighdeáin gur fhéach an fógrán seo le tionchar a imirt ar thoradh an toghcháin agus mar gheall air sin, gur speansas toghcháin é ar chóir do KIO alt 31(7) den Acht a chomhlíonadh lena aghaidh, chinn sé nach raibh an fógrán i gcoinne leasanna FF, FG agus an Pháirtí Dhaonlathaigh an oiread sin is go mbeadh údar leis an scéal a atreorú ar aghaidh chuig na Gardaí leis an dlí a chur orthu faoi chion faoi alt 43(4) den Acht.
6. Fógrán ag Gaillimh ar son na Beatha sa Tuam Herald.
Faoi mar a dúradh i gCaibidil 5, níor chomhlíon Gaillimh ar son na Beatha alt 31(7) den Acht. Cé gurbh é tuairim an Choimisiúin um Chaighdeáin gur fhéach an fógrán le tionchar a imirt ar thoradh an toghcháin agus mar gheall air sin, gur speansas toghcháin é ar chóir do Gaillimh ar son na Beatha alt 31(7) den Acht a chomhlíonadh lena aghaidh, ghlac sé an dearcadh nár thagair na fógráin go sonrach d'aon pháirtí nó iarrthóir ar leith agus go raibh siad sách déchiallach gur dhiúltaigh sé an scéal a atreorú ar aghaidh chuig na Gardaí leis an dlí a chur orthu faoi chion faoi alt 43(4) den Acht. Agus an Coimisiún um Chaighdeáin ag teacht ar an tuairim seo, thug sé aird ar an méid a mhaígh an eagraíocht, is é sin nár thacaigh sé le haon iarrthóir nó páirtí i rith an toghcháin ach nach raibh ar siúl acu ach vóta ar son na beatha a ghríosadh.
Scríobh an Coimisiún um Chaighdeáin chuig na nuachtáin a bhí i gceist i ndáil leis na fógráin thuas agus chomhoibrigh na nuachtáin go maith leis i bhformhór na gcás agus fuair an Coimisiún dearbhuithe ó na nuachtáin a bhí i gceist nach ndearnadh iarracht d'aon turas le halt 31(10) den Acht a shárú. Ní bhfuair an Coimisiún um Chaighdeáin aon fhreagra nó chomhoibriú ón Irish Independent ná ón Kerryman áfach in aineoinn roinnt meabhrúchán.
Agus é ag cur in iúl do gach ceann de na nuachtáin thuas nach mbeadh aon rud eile á ndéanamh aige ó thaobh an scéal a atreorú ar aghaidh chuig na Gardaí, mhol an Coimisiún um Chaighdeáin gur chóir nósanna imeachta a chur i bhfeidhm lena chinntiú go gcomhlíonfar forálacha alt 31(10) den Acht go beacht amach anseo. Mhol sé freisin, mar chuid de na nósanna imeachta sin, gur chóir comhairle an Choimisiúin um Chaighdeáin a lorg má bhítear in amhras cé acu an bhféadfaí ábhar fógráin a mheas mar cheann a sháróidh forálacha alt 31(10).
Bhí deacracht ag an gCoimisiún um Chaighdeáin maidir le maoirseacht a dhéanamh ar na forálacha seo den Acht sa mhéid is go dtagraíonn forálacha alt 31(10) d'fhógráin a chuireann iarrthóirí nó páirtithe polaitíochta chun cinn, nó a chuireann ina gcoinne, go díreach no go hindíreach cé go dtagraíonn forálacha alt 31(7) do dhaoine a bheith ag tarraingt speansas toghcháin orthu féin, rud a áiríonn a bheith ag féachaint le tionchar a imirt ar thoradh toghcháin. Mar sin, cé go bhféadfaidh fógrán a bheith ag féachaint le tionchar a imirt ar thoradh toghcháin, ní gá go mbeadh sé ag cur iarrthóir nó páirtí ar leith chun cinn, nó ina choinne, nó féadfaidh sé a bheith sách déchiallach go mbeadh údar ag an nuachtán glacadh leis an bhfógrán seo agus sin a úsáid mar chosaint dó féin dá mbeadh an dlí le cur air faoi chion faoi alt 43(4) den Acht. Measann an Coimisiún um Chaighdeáin mar sin, go bhféadfaí roinnt comhleanúchais a thabhairt isteach sa chuid seo den Acht tríd an téarma "ag féachaint le tionchar a imirt ar thoradh an toghcháin" a chur san áireamh mar chuid d'fhorálacha alt 31(10) den Acht.