- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
13/12/07 - Tuarascáil ar nochtadh síntiúis agus speansais toghcháin in olltoghchán na Dála 2007
5.2 Comhfhreagras le "daoine eile"/"tríú páirtithe"
D'fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin fógra maidir le ceanglais alt 31(7) den Acht, agus maidir leis an gceanglas clárú mar "thríú páirtí", sna nuachtáin náisiúnta agus áitiúla. Bhí an fógra le feiceáil sna príomhnuachtáin náisiúnta Déardaoin 3 Bealtaine 2007 agus sna nuachtáin Domhnaigh agus i roinnt irisí ábhartha eile an 6 Bealtaine 2007. Tháirg an Coimisiún um Chaighdeáin nótaí míniúcháin freisin lenar leagadh amach na ceanglais a ghabhann le "daoine eile" agus le "tríú páirtithe" ag olltoghchán na Dála. Foilsíodh an fógra poiblí agus nótaí míniúcháin ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Chaighdeáin freisin. Eisíodh na nótaí míniúcháin chuig aon duine ar mheas an Coimisiún um Chaighdeáin go bhféadfadh speansais a bheith á dtarraingt acu orthu féin ag olltoghchán na Dála.
Faoi mar a cheanglaítear faoi alt 31(7) den Acht, chuir na daoine seo a leanas a rún le speansais toghcháin a tharraingt orthu féin in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin roimh ré:
- Cork Harbour for a Safe Environment (CHASE)
- Rescue Seamount (Coláiste Seamount, Cinn Mhara)
- Coiste Forbartha Ospidéal Ginearálta Inis (EGHDC)
- Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI)
- Donal O'Driscoll, 33 Bóthar na Deargaile, An Charraig Dhubh, Co. Bhaile Átha Cliath
- Feachtas ar son na Beatha
- An Feachtas le Teamhair a Shábháil
- An tUas. John McDaid, Marina Loch Súilí
Ceanglaíodh ar gach duine a tharraing speansais toghcháin air/uirthi féin de bhun alt 31(7) den Acht Ráiteas um Speansais Toghcháin a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 19 Iúil 2007. Chomhlánaigh EGHDC, Feachtas ar son na Beatha agus an tUas. Donal O'Driscoll foirmeacha le haghaidh Ráitis um Speansais Toghcháin agus chuir isteach iad roimh an spriocdháta reachtúil. Agus litreacha meabhrúcháin eisithe dóibh, chuir Rescue Seamount agus CHASE Ráitis um Speansais Toghcháin ar fáil an 15 agus 31 Deireadh Fómhair faoi seach. Chuir an tUas. McDaid in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin nár tharraing sé an caiteachas a bhí beartaithe aige air féin. Níor ceanglaíodh air Ráiteas um Speansais Toghcháin a chomhlánú mar sin. (Chuir an tUas. McDaid Ráiteas "nialas" um Speansas Toghcháin ar fáil áfach).
Níl Ráiteas um Speansais Toghcháin faighte fós ó Aontas na Mac Léinn nó ón bhFeachtas le Teamhair a Shábháil. Tá sé ina chion faoi alt 43(3)(b) den Acht má loiceann duine arb infheidhme alt 31(7) den Acht ina leith Ráiteas um Speansais Toghcháin a chur ar fáil. Mura bhfaighfear Ráiteas um Speansais Toghcháin, atreoróidh an Coimisiún um Chaighdeáin comhaid ar na heagraíochtaí seo ar aghaidh chuig na Gardaí le himscrúdú.
Óna chuid monatóireachta ar fhógráin agus ar thuairiscí i nuachtáin áitiúla, tháinig an Coimisiún um Chaighdeáin ar an eolas faoi ghníomhaíocht ó na grúpaí seo a leanas ag an toghchán:
- Keep Ireland Open,
- Cumann Tráchtála Bhaile Chill Dara (KTCC)
- Coiste Aicsin Ospidéal Ros Comáin (RHAG)
- Comhairle Náisiúnta na mBan in Éirinn (NWCI)
- An tUas. Declan Waugh, 11 Radharc na hAbhann, Droichead na Bandan, Co. Chorcaí
- Gaillimh ar son na Beatha
- Saoránaigh ar son Seirbhís Sláinte Níos Fearr
- Turn the Tide - Action on Suicide Alliance
- AdVIC (Advocates for Victims of Homicide)
- An Vóta Aerach
- Coiste Aicsin Ospidéal Ginearálta Mhala (MGHAC)
- An tUas. Barry Feely, Feelystone Boyle Teo., Mainistir na Búille, Co. Ros Comáin
Scríobh an Coimisiún um Chaighdeáin chuig gach ceann de na grúpaí/daoine aonair thuas lena n-aird a tharraingt ar cheanglais alt 31(7) den Acht agus ar an gceanglas faoi alt 23C den Acht le clárú mar thríú páirtí. Tar éis dó freagrairtí NWCI, Turn the Tide, AdVIC, An Vóta Aerach, MGHAC and an Uas. Feely a bhreithniú, bhí an Coimisiún um Chaighdeáin sásta nár tharraing na daoine seo speansais toghcháin orthu féin ag olltoghchán Dála.
Mheas an Coimisiún um Chaighdeáin go raibh fógráin ó Keep Ireland Open, KTCC, Gaillimh ar son na Beatha agus ón Uas. Declan Waugh, a foilsíodh i rith thréimhse an toghcháin, ina speansais toghcháin sa mhéid is gur fhéach siad le tionchar a imirt ar thoradh an toghcháin. Scríobh an Coimisiún um Chaighdeáin chuig na "daoine eile" seo á chur in iúl dóibh gurbh é a thuairim go raibh speansais toghcháin tarraingte acu orthu féin faoi mar a sainmhíníodh san Acht. Cuireadh ceanglais alt 31(7) den Acht in iúl dóibh chomh maith leis an gcion (faoi alt 43(3)(a) den Acht) as loiceadh na ceanglais seo a chomhlíonadh. Iarradh ar gach ceann díobh Ráiteas um Speansas Toghcháin a chomhlánú. Bhí sé ina chleachtas ag an gCoimisiún um Chaighdeáin ag toghcháin roimhe seo gan féachaint go gcuirfí an dlí ar dhuine faoin gcion faoi alt 43(3)(a) den Acht sa chás go gcomhlíonann duine an tAcht ar gach bealach eile trí Ráiteas um Speansais Toghcháin a chur ar fáil. Toisc gur chomhlánaigh na "daoine eile" seo Ráiteas um Speansais Toghcháin, níor atreoraíodh an scéal, nár chomhlíon siad alt 31(7) den Acht, ar aghaidh chuig na Gardaí.
Is éard a bhí sa chaiteachas a tharraing Coiste Aicsin Ospidéal Ros Comáin (RHAG) air féin ná fógrán nuachtáin a thacaigh le hiarrthóireacht an Uas. John Kelly, iarrthóir Neamhpháirtí i Ros Comáin/Liatroim Theas. Tar éis don Choimisiún um Chaighdeáin dul i dteagmhháil leis an Uas. Kelly faoin scéal, bhí an Coimisiún sásta nach raibh sé nasctha (faoi mar a sainmhíníodh le halt 31(6) thuas) le RHAG. Bhí a ghníomhaire toghcháin sásta áfach, cuntas a thabhairt sna speansais a tharraing RHAG air féin (€2,187.73) agus an eagraíocht a chur san áireamh mar dhuine údaraithe ar a Ráiteas um Speansais Toghcháin.
Tharraing Saoránaigh ar son Seirbhís Sláinte Níos Fearr speansais orthu féin i leith bileog a bhí i gcoinne iarrthóireacht an Aire Mary Harney. Scaipeadh an bhileog i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Lár Thiar agus chuir gníomhaire toghcháin an Aire Harney an bhileog ar a shúile don Choimisiún um Chaighdeáin. Ní raibh an Coimisiún um Chaighdeáin in ann aon mhionsonraí teagmhála a dhéanamh amach don eagraíocht seo seachas seoladh ríomhphoist a soláthraíodh ar an mbileog (irishhealthservices@hotmail.com). Chuir an Coimisiún um Chaighdeáin roinnt ríomhlitreacha maidir le ceanglais alt 31(7) chuig an seoladh ríomhphoist seo gan fhreagra. D'uireasa aon mhionsonraí teagmhála eile, ní raibh sé indéanta ag an gCoimisiún um Chaighdeáin aon rud eile a dhéanamh i ndáil leis an eagraíocht seo, ach oiread leis an gcion a rinne sí a atreorú ar aghaidh chuig na Gardaí.
Is féidir gur tharraing daoine aonair agus grúpaí eile caiteachas orthu féin ag an toghchán agus nár chuir sin in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin, ná nár tháinig an Coimisiún um Chaighdeáin ar an eolas futhu ar bhealaí eile. Má thagann fáil ar fhianaise ar aon ghrúpa nó duine aonair den sórt sin, gníomhóidh an Coimisiún um Chaighdeáin de réir mar is cuí.
Nocht na "daoine eile" sin a chuir Ráiteas um Speansais Toghcháin ar fáil speansais ar luach €64,994.78 san iomlán. Soláthraítear mionsonraí ar na speansais a tarraingíodh in Aguisín 6 (pdf 9kb) a ghabhann leis an tuarascáil seo.