Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

13/12/07 - Tuarascáil ar nochtadh síntiúis agus speansais toghcháin in olltoghchán na Dála 2007

5.1 Ceanglais Dlí

Forálann alt 31(7) den Acht nach mór do dhuine ar bith, a bhfuil sé de rún aige nó aici speansais toghcháin a tharraingt air nó uirthi féin ag olltoghchán Dála agus nach bhfuil údaraithe ag gníomhaire toghcháin iarrthóra nó ag gníomhaire náisiúnta páirtí pholaitíochta, leis sin a dhéanamh, an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar don Choimisiún um Chaighdeáin sula dtaraingíonn sé/sí aon speansais den sórt sin air/uirthi féin:

  1. ainm, seoladh agus cur síos ar an duine atá ag beartú na speansais a tharraingt air/uirthi féin,
  2. ráiteas maidir le cinéal, cuspóir agus suim mheasta speansas den sórt sin, agus
  3. leid maidir le nasc an duine le haon pháirtí nó iarrthóir ag an toghchán, má bhíonn aon naisc aige nó aici.


Tá sé ina chion faoi alt 43(3)(a) den Acht má loiceann duine, arbh infheidhme alt 31(7) ina leith, na ceanglais thuas a chomhlíonadh.

Is infheidhme ceanglais alt 31(7) i leith duine aonair, comhlacht corpraithe nó neamhchorpraithe daoine (dá dtagraítear ina dhiaidh seo mar "dhaoine eile") atá ag beartú speansais toghcháin a tharraingt orthu féin. Nuair a bheidh ceanglais alt 31(7) comhlíonta ag "duine eile", níl aon teorainn reachtúil ar shuim na speansas gur féidir leis an duine sin a tharraingt air nó uirthi féin ag an toghchán.

Forálann alt 31(6) den Acht, áfach, sa chás go dtarraingíonn comhlacht -

  1. a bhunaigh páirtí polaitíochta nó iarrthóir, nó a bunaíodh thar ceann páirtí pholaitíochta nó iarrthóra, chun speansais toghcháin a tharraingt orthu féin nó chun íocaíochtaí a dhéanamh i leith speansas toghcháin, nó
  2. atá ina chomhalta nó ina bhrainse nó ina fhoeagraíocht de pháirtí polaitíochta, nó
  3. atá faoi rialú páirtí pholaitíochta nó iarrthóra go héifeachtach nó ar cosúil go bhfuil sé nasctha nó bainteach le páirtí polaitíochta nó iarrthóir sa chaoi is go gcreidfeadh duine réasúnach go bhfuil sé faoi rialú an pháirtí pholaitíochta nó iarrthóra sin, nó faoina anáil go substaintiúil,


speansais toghcháin air féin ag olltoghchán Dála, go measfar gur tarraingíodh na speansais thar ceann an iarrthóra nó an pháirtí atá i gceist agus nach mór don ghníomhaire toghcháin nó gníomhaire náisiúnta ábhartha cuntas a thabhairt iontu. Is éard a chiallaíonn sé seo go héifeachtach ná sa chás go dtarraingíonn duine speansais toghcháin air/uirthi féin agus go measann an Coimisiún um Chaighdeáin go bhfuil an duine nasctha le hiarrthóir nó páirtí, is féidir leis ceangal ar ghníomhaire toghcháin an iarrthóra nó ar ghníomhaire náisiúnta an iarrthóra cuntas a thabhairt sa chaiteachas.

Sa chás go bhfuil síntiús os cionn €126.97 faighte chun críocha polaitíochta, cheanglófaí ar an "duine eile" clárú mar "thríú páirtí" faoi alt 32(C) den Acht freisin. (Tá 'chun speansais toghcháin a tharraingt' san áireamh le "chun críocha polaitíochta" faoi mar a sainmhíníodh san Acht). Tá an ceanglas le clárú mar thríú páirtí ina cheanglas ar leithligh agus sa bhreis ar an gceanglas le rún, le speansais toghcháin a tharraingt, a chur in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin.

Nuair a bheidh duine aonair/eagraíocht cláraithe mar "thríú páirtí", bíonn duine aonair nó eagraíocht faoi réir cheanglais an Achta maidir le cuntais síntiús polaitíochta a oscailt agus a choinneáil ar bun freisin agus maidir le síntiúis thoirmiscthe a ghlacadh (síntiúis gan ainm, síntiúis choigríche agus síntiúis os cionn na huasteorainne forordaithe). Is é an síntiús uasta lenar féidir le tríú páirtí glacadh ón deontóir céanna in aon bhliain ar leith ná €6,348.69.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|