- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
13/12/07 - Tuarascáil ar nochtadh síntiúis agus speansais toghcháin in olltoghchán na Dála 2007
CAIBIDIL 4 - Cúiteamh i speansais toghcháin iarrthóirí
Forálann alt 21(1) den Acht le haghaidh speansais toghcháin a chúiteamh le hiarrthóirí cáilithe ag olltoghchán Dála. Chun cáiliú le haghaidh cúitimh, ní mór d'iarrthóir:
- a bheith tofa ag an toghchán, nó
- mura toghadh é nó í, ní mór dó nó di a bheith dulta os cionn 25% den chuóta sa dáilcheantar ag céim ar bith de chomhaireamh na vótaí.
Forálann alt 3(1) den Acht go bhféadfaidh an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, le hordú, agus ar aon dul leis an Innéacs Praghasanna Tomhaltóirí, an tsuim uasta go bhféadfar a chúiteamh le hiarrthóirí cáilithe ag olltoghcháin Dála, a mhéadú. Níor méadaíodh an tsuim ó tugadh an tAcht isteach (15 Bealtaine 1997). Rinne an tAire, agus aird aige ar athruithe ar an Innéacs ó 15 Bealtaine 1997, ordú (An tOrdú um an Acht Toghcháin 1997 (Caiteachais Toghcháin i dToghchán Dála a Theorannú agus a Chúiteamh) 2007 (I.R. Uimh. 113 de 2007)) lenar méadaíodh an tsuim uasta a fhéadfar a chúiteamh ó €6,348.69 go dtí €8,700.
Bhí iarrthóirí a bhí cáilithe le haghaidh cúitimh incháilithe, mar sin, le €8,700 nó suim iarbhír na speansas toghcháin a tarraingíodh thar a c(h)eann ag an toghchán a fháil, cibé ceann ba lú. Agus suim na speansas toghcháin a tarraingíodh thar ceann iarrthóra á ríomh, féadfar na speansais a tarraingíodh ar an iarrthóir, faoi mar a thug gníomhaire toghcháin an iarrthóra cuntas iontu, a chur san áireamh chomh maith le speansais a tharraing an páirtí air féin ar an iarrthóir sa dáilcheantar, faoi mar a thug gníomhaire náisiúnta an pháirtí cuntas iontu.
Ceanglaítear ar an gCoimisiún um Chaighdeáin faoi alt 21(d) den Acht a dheimhniú don Aire Airgeadais go bhfuil iarrthóir incháilithe le haghaidh cúitimh ina speansais toghcháin. Ceanglaítear ar an gCoimisiún um Chaighdeáin a dheimhniú freisin go bhfuil Ráiteas um Speansais Toghcháin, a bhí comhlánaithe i gceart, curtha ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin ag gníomhaire toghcháin an iarrthóra agus, i gcás iarrthóirí nár éirigh leo, a dheimhniú go bhfuil Ráiteas um Shíntiúis, a bhí comhlánaithe i gceart, faighte ón iarrthóir. Ceanglaítear ar an gCoimisiún um Chaighdeáin an caiteachas a tharraing gach iarrthóir air/uirthi féin a chur in iúl don Aire Airgeadais freisin chomh maith le suim an chúitimh a bheidh dlite do gach iarrthóir.
Tá sé ina chleachtas ag an gCoimisiún um Chaighdeáin gan foirm le haghaidh Iarratais ar Chúiteamh i Speansais Toghcháin a eisiúint chuig iarrthóir cáilithe go dtí pé tráth go mbeidh gach ceist, a bhaineann lena t(h)uairisceáin reachtúla a bheith comhlánaithe, tugtha chun críche. Le cois Ráitis um Speansais Toghcháin an ghníomhaire toghcháin agus Ráitis um Shíntiúis ó iarrthóir nár éirigh leis/léi, tá comhlánú ceart Ráiteas um Speansais Toghcháin an ghníomhaire náisiúnta san áireamh leis seo freisin (sa mhéid is go mbaineann sé leis an iarrthóir áirithe) agus sa chás go bhfuil sé riachtanach, go gcuirfidh iarrthóirí nár éirigh leo Deimhniú Síntiús Airgid agus ráiteas bainc, a bheidh comhlánaithe i gceart, ar fáil.
Sa chás go bhfuil an cháipéisíocht ábhartha reachtúil faighte ag an gCoimisiún um Chaighdeáin agus go bhfuil sé sásta gur comhlánaíodh i gceart é, eisíonn sé foirm le haghaidh iarratais ar chúiteamh chuig an iarrthóir. Agus an fhoirm chomhlánaithe don iarratas faighte, deimhníonn an Coimisiún um Chaighdeáin don Roinn Airgeadais an tsuim ar chóir a chúiteamh leis an iarrthóir. Ní dheimhneoidh an Coimisiún um Chaighdeáin cúiteamh i speansais toghcháin d'iarrthóir mura cuireadh cáipéisíocht reachtúil agus tacaíochta ar fáil.
An Roinn Airgeadais a dhéanann an cúiteamh leis an iarrthóir go díreach agus ní mheastar é mar shíntiús don iarrthóir. Ní cheanglaíonn an reachtaíocht ar iarrthóir aon chuid den chúiteamh a thabhairt ar aghaidh dá p(h)áirtí polaitíochta cé go gceanglaítear, i bhformhór na gcás, ar iarrthóirí na bpríomhpháirtithe polaitíochta cuid den chúiteamh nó an cúiteamh ar fad a thabhairt ar aghaidh don pháirtí.
Tá saincheist ann i ndáil le cúiteamh na speansas a bhíonn dlite do roinnt iarrthóirí neamhpháirtí nó d'iarrthóirí na bpáirtithe polaitíochta atá níos lú nach mbeadh incháilithe b'fhéidir le suim uasta an €8,700 a éileamh. Fágtar nithe amhail béilí do chanbhasálaithe agus speansais pheitril agus teileafóin an iarrthóra amach as an sainmhíniú ar a mbíonn i gceist le speansais toghcháin (féach mí 3.2 - míreanna (ii) agus (vi)). Is binn le formhór na n-iarrthóirí agus na ngníomhairí toghcháin na nithe seo a bheith fágtha amach as sainmhíniú na speansas toghcháin toisc go bhfágann sé go mbíonn siad in ann fanacht laistigh dá dteorainneacha caiteachais. Do roinnt iarrthóirí neamhpháirtí nó iarrthóirí na bpáirtithe atá níos lú, áfach, nach dtiocfaidh a gcaiteachas i ngar don teorainn reachtúil chaiteachais, is ionann na nithe seo agus costais iarbhír nach féidir a chúiteamh leo sa chás go mbeidís cáilithe le haghaidh cúitimh ina gcuid speansais toghcháin. Molann an Coimisiún um Chaighdeáin, sa chás go dtagann cáis den sórt sin chun cinn agus gur féidir leis na hiarrthóirí fianaise a sholáthar gur tarraingíodh speansais den sórt sin, b'fhéidir go mbeidh cead ag an gCoimisiún um Chaighdeáin déanamh de réir a chomhairle féin agus nithe den sórt sin a chur san áireamh sna speansais iomlána toghcháin a fhéadfar a chúiteamh leis na hiarrthóirí seo.
Cháiligh 304 iarrthóir san iomlán le haghaidh cúiteamh a fháil ina gcuid speansas. Bhí 300 iarrthóir incháilithe le suim uasta an €8,700 a fháil agus bhí ceathrar iarrthóir incháilithe le suim iomlán na speansas toghcháin a tarraingíodh thar a gceann a fháil (lena n-áirítear speansais a tharraing an páirtí air féin thar a gceann). Is é an tsuim iomlán atá le cúiteamh le hiarrthóirí cáilithe ná €2,638,013.47. Tráth foilsithe na tuarascála seo, tá beagnach 220 iarratas ar chúiteamh faighte agus próiseáilte. Leagtar na hiarrthóirí cáilithe agus suimeanna na n-aisíocaíochtaí atá dlite dóibh amach in Aguisín 5 den tuarascáil seo (pdf 42kb).