- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
13/12/07 - Tuarascáil ar nochtadh síntiúis agus speansais toghcháin in olltoghchán na Dála 2007
3.14 Alt 31(8A) den Acht á shárú
Forálann 31(8A) den Acht, sa chás gur tharraing iarrthóir speansais toghcháin air/uirthi féin roimh cheapachán a g(h)níomhaire toghcháin, nach mór dó/di mionsonraí a sholáthar don ghníomhaire toghcháin ar na speansais a tarraingíodh. Tá sé ina chion má loiceann an t-iarrthóir faisnéis den sórt sin a sholáthar do ghníomhaire toghcháin agus gan dóthain ama a fhágáil ag an ngníomhaire toghcháin le Ráiteas um Speansais Toghcháin a chur ar fáil de réir cheanglais alt 36 den Acht.
Agus a Ráiteas um Speansais Toghcháin á chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin aige, dúirt an gníomhaire toghcháin don Uas Madeleine Taylor Quinn (F.G.), An tUas. David Williams, nach raibh "sonraisc ó M T Quinn" faighte aige ach gur chinn sé a Ráiteas um Speansais Toghcháin a chur ar fáil ar feitheamh na sonrasc seo. Scríobh an Coimisiún um Chaighdeáin chuig an Uas. Taylor Quinn an 3 Lúnasa agus chuir forálacha alt 31(1)(8A) den Acht in iúl di agus d'iarr uirthi na dearbháin bhunaidh a chur ar aghaidh chuig an Uas. Williams. Cuireadh in iúl di go raibh sé ina chion loiceadh alt 31(1)(8A) den Acht a chomhlíonadh (faoi alt 43(2)(e) den Acht). Eisíodh litir eile chuig an Uas. Taylor Quinn an 21 Lúnasa lenar iarradh uirthi na dearbháin ábhartha a chur ar aghaidh chuig a gníomhaire toghcháin nó chuig an gCoimisiún um Chaighdeain faoi 31 Lúnasa. Cuireadh in iúl don Uas. Taylor Quinn mura bhfaighfí na dearbháin faoin 31 Lúnasa go gcuimhneodh an Coimisiún um Chaighdeáin ar an scéal a atreorú ar aghaidh chuig na Gardaí.
Seoladh comhad faoin scéal chuig na Gardaí an 12 Meán Fómhair 2007. Ba é seo an dara comhad le bheith seolta chuig na Gardaí maidir le hiarrthóireacht an Uas. Taylor Quinn ag an olltoghchán. Faoi mar a luadh i gCaibidil 2, bhí comhad maidir leis an Uas. Taylor Quinn atreoraithe ar aghaidh chuig na Gardaí cheana féin leis an dlí a chur uirthi i leith an chiona faoi alt 25(1)(c) den Acht (loiceadh Ráiteas um Speansais a chur ar fáil faoin 19 Iúil, an spriocdháta reachtúil). Cé go bhfuarthas roinnt sonrasc / admhálacha ina dhiaidh sin ón Uas. Taylor Quinn an 21 Meán Fómhair, ní bhfuarthas na sonraisc ábhartha ar fad. Fuarthas na sonraisc/admhálacha a bhí fágtha an 4 Nollaig 2007. Faoi mar a dúradh i mír 3.10 thuas, táthar fós ag fanacht le soiléiriú maidir le ceist áirithe amháin ón Uas. Williams. Ní dheimhneoidh an Coimisiún um Chaighdeáin cúiteamh i speansais toghcháin don Uas. Taylor Quinn go dtí pé tráth go réiteofar gach ceist atá fós ann i ndáil le Ráiteas um Speansais Toghcháin an Uas. Williams.