Standards in Public Office Commission/Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí logo
  • 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
  • Teil: +353 (0)1 - 639 - 5666
  • Faics: +353 (0)1 - 639 - 5684
  • R-phost: sipo@sipo.gov.ie

13/12/07 - Tuarascáil ar nochtadh síntiúis agus speansais toghcháin in olltoghchán na Dála 2007

3.13 Éilimh dhéanacha agus Speansais a bhí ina n-údar conspóide

Éilimh Dhéanacha

Forálann an reachtaíocht nach mór gach éileamh ar íocaíocht i speansais toghcháin a sheachadadh chuig an ngníomhaire toghcháin nó chuig an ngníomhaire náisiúnta atá i gceist faoi cheann 45 lá tar éis lá na vótaíochta, arbh é an 8 Iúil 2007 é i gcás olltoghchán na Dála. Ní fhéadfaidh an gníomhaire toghcháin nó an gníomhaire náisiúnta atá i gceist éilimh ar íocaíocht arna bhfáil tar éis an dáta seo a íoc. Tá sé ina chion faoi alt 43(2)(b) den Acht má íocann gníomhaire éileamh ar speansais toghcháin nach bhfuarthas faoin 8 Iúil 2007. Cé nach bhféadfar éilimh dhéanacha a íoc, ní mór don ghníomhaire atá i gceist cuntas a thabhairt iontu mar speansais toghcháin ina Ráiteas um Speansais Toghcháin.

Shonraigh roinnt gníomhairí toghcháin agus gníomhairí náisiúnta éilimh dhéanacha ar a bhfoirmeacha le haghaidh Ráitis um Speansais Toghcháin. Chuir an Coimisiún um Chaighdeáin in iúl do na gníomhairí i ngach cás nárbh fhéidir leo an speansas a bhí i gceist a íoc agus gur chion amhlaidh a dhéanamh ar shlí eile.

Éilimh a bhí ina n-údar conspóide

Forálann an reachtaíocht, sa chás go bhfuil éileamh ar íocaíocht speansas toghcháin ina údar conspóide ag gníomhaire toghcháin nó ag gníomhaire náisiúnta, gur chóir mionsonraí ar an éileamh atá ina údar conspóide a sholáthar sa Ráiteas um Speansais Toghcháin. Ní cheanglaítear ar an ngníomhaire cuntas a thabhairt sa tsuim atá ina húdar conspóide agus suim iomlán na speansas toghcháin a tarraingíodh á ríomh. Má agus nuair a réiteofar an díospóid, ceanglaítear ar an ngníomhaire an tsuim a comhaontaíodh mar an tsuim a bhí le híoc aige/aici a chur in iúl don Choimisiún um Chaighdeáin agus, más, gá, a Ráiteas um Speansais Toghcháin a leasú dá réir. Má réitítear an díospóid trí ordú cúirte, ní mór cóip den ordú cúirte a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin.

Shonraigh roinnt gníomhairí toghcháin agus gníomhairí náisiúnta éilimh a bhí ina n-údar conspóide ar a bhfoirmeacha le haghaidh Ráiteas um Speansais Toghcháin. Chuir an Coimisiún um Chaighdeáin in iúl do na gníomhairí i ngach cás nár mhór dóibh scéala a chur chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin nuair a réiteofaí an díospóid agus, más gá, a Ráiteas um Speansais Toghcháin a leasú.

Back to contents



This site conforms to W3C XHTML 1.0 recommendations| This site conforms to W3C CSS recommendations| This site meets WAI Priority 3 recommendations|