- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
13/12/07 - Tuarascáil ar nochtadh síntiúis agus speansais toghcháin in olltoghchán na Dála 2007
3.12 Róchaiteachas
Tagann roinnt rudaí de thoradh an iomarca a bheith caite ag gníomhaire toghcháin nó gníomhaire náisiúnta páirtí pholaitíochta ag olltoghchán Dála. Tá sé ina chion coiriúil ag an ngníomhaire atá i gceist, is inphionóis le fíneáil chomh mór le €1,269.74. Féadfaidh duine achainí a dhéanamh ar an Ard-Chúirt freisin chun toradh an toghcháin a chur i leataobh. Forálann riail 3A den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Toghcháin 1992 (faoi mar a tugadh isteach le halt 44 den Acht Toghcháin 1997) nach mór iarratas a dhéanamh, le cead na hArd-Chúirte a fháil chun achainí den sórt sin a chur i láthair, faoi cheann 14 lá ón tráth a bheidh cóip den Ráiteas um Speansais Toghcháin leagtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais ag an gCoimisiún um Chaighdeáin. Seachas seo, níl aon fheidhm eile ag an gCoimisiún um Chaighdeáin i ndáil le hachainí toghcháin.
Baintear suim aon róchaiteachas ag gníomhaire toghcháin den chúiteamh i speansais toghcháin a fhéadfaidh a bheith dlite don iarrthóir agus baintear aon róchaiteachas ag gníomhaire náisiúnta páirtí pholaitíochta den íocaíocht bhliantúil arna fáil ag an bpáirtí ón Státchiste faoin Acht.
Forálann an tAcht go mbeidh an iomarca caite ag gníomhaire toghcháin ag an toghchán má théann sé/sí os cionn na teorainne reachtúla caiteachais is infheidhme i leith an iarrthóra ag an toghchán. Ní raibh aon fhianaise ann go ndeachaigh aon ghníomhaire toghcháin os cionn na teorainne reachtúla caiteachais is infheidhme i leith an iarrthóra.
I gcás ghníomhaire toghcháin iarrthóir a bheidh ag dul san iomaíocht sa toghchán thar ceann páirtí pholaitíochta, meastar go mbeidh an iomarca caite ag an ngníomhaire toghcháin freisin má théann sé/sí os cionn shuim na teorainne caiteachais a bhíonn ar fáil don iarrthóir tar éis don tsuim a bheith sannta don pháirtí (féach mír 3.6). Ba léir ó na Ráitis um Speansais Toghcháin a fuarthas go ndeachaigh an caiteachas iomlán ar thug roinnt gníomhairí toghcháin cuntas ann os cionn shuim na teorainne caiteachais arna coinneáil ag an iarrthóir. Ní shonraítear san Acht cathain go gcaithfear an tsuim a shannadh, ná ní dhéanann an tAcht ath-idirbheartaíocht i leith na suime sannta comhaontaithe, a chosc ag céim ar bith i rith nó go deimhin tar éis an fheachtais toghcháin. Is é dearcadh an Choimisiúin um Chaighdeáin nach féidir leis, ó thaobh an dlí de, diúltú glacadh le hath-idirbheartaíocht i leith sannacháin fiú tar éis do Ráiteas um Speansais Toghcháin a bheith curtha ar fáil. Bhí roinnt cás ann ina ndearnadh ath-idirbheartaíocht i leith an tsannacháin tar éis an spriocdháta reachtúil i leith Ráitis um Speansais Toghcháin a fháil. Ba léir don Choimisiún um Chaighdeáin gurb é cuspóir an athshannacháin i bhformhór na gcás seo, murab ionann agus gach cás, ná a chinntiú nár chaith an gníomhaire toghcháin an iomarca trí dhul os cionn shuim na teorainne caiteachais arna coinneáil ag an iarrthóir.
Forálann an tAcht go mbeidh an iomarca caite ag gníomhaire toghcháin páirtí pholaitíochta má tharraingíonn sé/sí caiteachas air/uirthi féin a théann os cionn na suime iomláine arna sannadh don pháirtí ag a iarrthóirí. Ní raibh aon fhianaise ann go ndeachaigh gníomhaire náisiúnta os cionn na suime iomláine arna sannadh ag iarrthóirí an pháirtí.
Measfar go mbeidh an iomarca caite ag an ngníomhaire náisiúnta freisin má tharraingíonn sé/sí caiteachas air/uirthi féin ar iarrthóir áirithe a théann os cionn na suime arna sannadh ag an iarrthóir don pháirtí. Agus an Coimisiún um Chaighdeáin ag breithniú an Ráitis um Speansais Toghcháin a chuir gníomhaire náisiúnta an Chomhaontais Ghlais ar fáil, fuair sé gur tharraing an páirtí speansais toghcháin ar iarrthóirí nach raibh aon suim sannta don pháirtí acu. Sholáthair an páirtí comhaontuithe scríofa ina dhiaidh sin ó na hiarrthóirí seo lenar sannadh suim don pháirtí ar leor é, leis na speansais a tharraing an páirtí air féin thar ceann na n-iarrthóirí, a chlúdach. Faoi mar a luadh roimhe seo, ghlac an Coimisiún um Chaighdeáin an dearcadh nach féidir leis diúltú glacadh le sannachán den sórt sin, ó thaobh an dlí de, fiú tar éis do Ráiteas um Speansais Toghcháin a bheith curtha ar fáil.
Níor atreoraigh an Coimisiún um Chaighdeáin aon cháis róchaiteachais ar aghaidh chuig an SIP/na Gardaí mar sin.