- Scipeáil Nascleanúna |
- Mapa an Láithreáin |
- Ráiteas Inrochtaineacht
- | Text Size: A |
- A |
- A
- 18 Lower Leeson Street, Baile Átha Cliath 2, Eire.
- +353 (0)1 - 639 - 5666
- +353 (0)1 - 639 - 5684
- sipo@sipo.gov.ie
- Eolas Fúinne
- Treoirlínte
- Cóid Iompair
- Gearáin
- Tuarascálacha
- Preas Ráiteas
- Foilseacháin Ghinearálta
- Toghcháin
- Síntiúis a Nochtadh
- Maoiniú Státchiste
- Do leathanach
- Foirmeacha
13/12/07 - Tuarascáil ar nochtadh síntiúis agus speansais toghcháin in olltoghchán na Dála 2007
3.11 Foirmeacha le haghaidh Ráitis um Speansais Toghcháin a Fuarthas ó Ghníomhairí Toghcháin
Fuarthas cúig chinn den naoi Ráiteas um Speansas Toghcháin a chuir gníomhairí náisiúnta ar fáil faoin 19 Iúil 2007, an spriocdháta reachtúil. Fuarthas Ráitis um Speansais Toghcháin ó Pháirtí an Lucht Oibre agus ón bPáirtí Daonlathach an 20 Iúil 2007. Scríobh an Coimisiún um Chaighdeáin chuig gníomhairí náisiúnta Fhine Gael agus Pháirtí na nOibrithe an 31 Iúil lena n-aird a tharraingt ar an bhfíoras nach bhfuarthas Ráiteas um Speansas Toghcháin agus á chomhairliú dóibh go bhfuil sé ina chion loiceadh Ráiteas um Speansais Toghcháin a chur ar fáil faoin spriocdháta reachtúil. Fuarthas Ráiteas um Speansais Toghcháin ó ghníomhaire náisiúnta Fhine Gael an 1 Lúnasa 2007. An 8 agus 27 Lúnasa, sheol an Coimisiún um Chaighdeáin meabhrúcháin chuig gníomhaire náisiúnta Pháirtí na nOibrithe, an tUas. John Lowry, maidir lena Ráiteas um Speansas Toghcháin a bhí fós amuigh. Chuir meabhrúchán an 27 Lúnasa in iúl don Uas. Lowry, mura bhfaighfí Ráiteas um Speansais Toghcháin faoi cheann seacht lá, go gcuimhneodh an Coimisiún um Chaighdeáin ar an scéal a atreorú ar aghaidh chuig an SIP. Fuarthas an Ráiteas um Speansas Toghcháin ina dhiaidh sin an 27 Lúnasa (tar éis do litir an Choimisiúin um Chaighdeáin a bheith eisithe).
De réir alt 4(1) den Acht, bhreithnigh an Coimisiún um Chaighdeáin na Ráitis seo um Speansais Toghcháin. Ceanglaíodh ar ghníomhairí náisiúnta cuntas a thabhairt i gcaiteachas náisiúnta agus i gcaiteachas ar iarrthóirí aonair. Cé gur tarraingíodh ceisteanna anuas agus gur ghá roinnt ceartúchán a dhéanamh, chomhoibrigh na gníomhairí náisiúnta go maith leis an gCoimisiún um Chaighdeáin maidir lena Ráitis um Speansais Toghcháin a leasú agus a chur ar ais chuige.
Nocht gníomhairí toghcháin iarrthóirí agus gníomhairí náisiúnta na bpáirtithe polaitíochta speansais toghcháin ar luach €11,082,313.10 san iomlán. Cuireadh Ráitis "Nialas" um Speansais Toghcháin ar fáil i leith 11 (naonúr neamhpháirtí, ceann amháin ón bPáirtí Dlúthpháirtíochta Críostaí agus ceann amháin ón gComhaontas Glas). Tá mionsonraí ar an gcaiteachas a tharraing iarrthóirí agus páirtithe polaitíochta orthu féin in Aguisín 2 go dtí 4 den tuarascáil seo.